Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 1990

Vol. 396 No. 8

An Dara Comhchoiste don Ghaeilge — An Dara agus an Tríú Tuarascáil: Tairiscint.

Tairgim:

"Go dtugann Dáil Éireann Dá haire an Dara agus an Tríú Tuarascáil ón Dara Comhchoiste don Ghaeilge: Moltaí í ndáil le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus laistigh de na Páirtithe Polaitíochta; agus Suirbhé i measc na gComhaltaí de Thithe an Oireachtais i ndáil leis an nGaeilge.

Is cúis sásaimh domsa, mar Chathaoirleach ar an tríú Comhchoiste don Ghaeilge, an tairiscint atá os ár gcomhair inniu a mholadh. Ócáid ar leith atá ann inniu, ar ndóigh, ó tharla gurb é seo an chéad uair riamh a pléadh aon tuarascáil de chuid aon Chomhchoiste don Ghaeilge sa Teach seo. Mar sin, tá deis thar an gnáthach ar fáil do Theachtaí chun cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a phlé go hoscailte agus go bríomhar. Tá súil agam, áfach, go nglacfaidh líon mór Teachtaí páirt sa díospóireacht inniu agus nach mbeidh cúthail orthu a gcuid tuairimí macánta a nochtadh faoin gceist sin. Muna bhfuil an Ghaeilge go líofa ag Teachtaí tá súil agam nach gcuirfidh sé sin cose orthu iarracht a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo.

Ag an bpointe seo sílim gurbh fhiú, mar áis do Theachtaí, cur síos gairid a thabhairt ar na Comhchoistí don Ghaeilge a bhí ag feidhmiú roimhe seo.

Ag éirí as an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge roinnt blianta ó shin cuireadh an chéad Chomhchoiste don Ghaeilge ar bun i mí Bhealtaine 1985. Is iad na hOrduithe Tagartha a tugadh don Chomhchoiste sin ná athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh:

(a) cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Nuair a tháinig an comhchoiste sin le chéile shocraigh na comhaltaí go dtabharfaí aghaidh mar bheart práinneach ar an gcéad chuid dá Orduithe Tagartha. Cé nár dúradh é go neamhbhalbh in aon áit tá sé le haithint ó thuarascálacha an Chomhchoiste sin go raibh siad den tuairim go raibh staid éigeandála i dTithe an Oireachtais chomh fada agus a bhain sé leis an nGaeilge. Ceann de na rudaí a thóg na comhaltaí den Chomhchoiste sin faoi ndeara go han-luath ná nach raibh mórán comharthaí ginearálta ar fud Tí Laighean dátheangach, fiú, gan trácht ar iad a bheith i nGaeilge amháin. Ní raibh an Ghaeilge le feiceáil timpeall na háite agus ní raibh sí le cloisteáil ach go hannamh. Mhol na Comhaltaí den chomhchoiste go gcrochfaí comharthaí dátheangacha ar fud Tí Laighean agus rinneadh é sin. Is dócha gurb é sin an chéad rud dearfach i dtaobh na Gaeilge a rinneadh le fada an lá i dTeach Laighean.

Anuas ar an méid sin d'eisigh an Ceann Comhairle, ar iarratas ón gcomhchoiste, leabhar de phrásaí a úsáidtear i ngnó na dTihe agus bhí sé seo ina áis mhór do Chomhaltaí den dá Theach. Chuir an Ceann Comhairle téipeanna teagaisc móide téipthaifeadáin ar fáil i Leabharlann an Oireachtais mar éis do Chomhaltaí chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh. D'eisigh an chéad chomhchoiste trí thuarascáil ar fad agus bhain siad siúd go príomha le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Bhain an comhchoiste sin roinnt rudaí amach gan amhras ach bhí teorainn leis an méid sin. Is dóigh liomsa gurb iad na príomh rudaí a baineadh amach ná gur tugadh áit níos feiceálaí don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais agus gur leagadh bonn láidir chun tógáil air sa todhchaí.

Tháinig an dara Comhchoiste don Ghaeilge le chéile don chéad uair i mí Meán Fómhair 1987 agus bhíi na hOrduithe Tagartha céanna acu agus a bhí ag an gcéad chomhchoiste. Shocraigh na comhaltaí den dara comhchoiste gurbh fhiú leanúint leis an obair a raibh tús curtha léi i dTithe an Oireachtais i dtaobh na Gaeilge. Is léir nach mó ná sásta a bhí na comhaltaí le feidhmiú a lán de na moltaí a bhí déanta bag an gcomhchoiste rompu. Cé go n-admhaíonn na comhaltaí sa dara tuarascáil — an chéad cheann a luaitear sa tairiscint inniu — go mb'fhéidir go raibh roinnt de na moltaí a rinneadh cheana ardaidhmeannach, bhí siad mí-shásta nach raibh níos móo déanta i dtaobh na dTithe. Beidh tuilleadh le rá agam faoin gceist sin ar ball ach roimhe sin ba mhaith liom tagairt ghairid a dhéanamh do thuarascálacha eile a d'eisigh an dara comhchoiste. Cúig thuarascáil ar fad a d'eisigh an dara comhchoiste agus anuas ar na cinn a bhain leis na Tithe tugadh aghaidh ar an bhfeachtas fógraíochta a bhí beartaithe i dtaobh na Gaeilge, an Ghaeilge san fhógraíocht agus tionchar na ríomhaireachta ar an nGaeilge. Ábhair shuimiúla iad sin go léir agus rinneadh go leor moltaí praiticiúla i ngach cás. Ní mór a lua go bhfuil an coiste reatha i dteagmháil le daoine agus le heagrais éagsúla maidir leis an bhfeidhm a tugadh do go leor de na moltaí sin agus go bhfuilimid ag súil le dul chun cinn fiúntach ina leith. Anuas ar na tuarascálacha a d'eisigh an comhchoiste sin bhí go leor rudaí eile ar bun ag na comhaltaí: chun dhá shampla a lua, thosaigh an comhchoiste sin ag tabhairt cuairteanna ar an nGaeltacht chun teagmháil a dhéanamh leis na pobail ansin agus bhí fochoiste foirmiúil ag plé le ceist na dtéacsleabhar scoile i nGaeilge. Mar sin, d'éirigh leis an dara comhchoiste dul chun cinn fiúntach a dhéanamh i go leor réimsí.

Is mithid anois díriú ar na tuarascálacha a luaitear sa tairiscint atá os ár gcomhair anseo inniu. Baineann an dá cheann acu le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus tá go leor ábhar cainte iontu. Níl i gceist agamsa dul isteach go ró-mhion iontu — dá ndéanfainn é sin thógfadh sé i bhfad níos mó ama ná mar atá ar fáil dom — agus beidh mé ag díriú, mar sin, ar na pointí is tábhachtaí, concentrating as it were, on the more important points, in my short script.

Tá dhá leath sa dara tuarascáil, is iad sin an Ghaeilge sna páirtithe polaitíochta agus an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais. Maidir leis na páirtithe polaitíochta tá moltaí ciallmhara déanta chun an Ghaeilge a cur chun cinn ag gach leibhéal dóibh. Ó mo thaithí féin agus ó thaithí na gComhaltaí uile den dá Theach is dócha go gcaithfimid go léir a admháil go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr i dtaobh na Gaeilge i ngníomhaíochtaí na bpáirtithe. Anuas ar an ngá le cumas sa teanga a fheabhsú ag na leibhéil éagsúla is gá áit níos feiceálaí a thabhairt di freisin. Baineann an méid seo le gach páirtí agus is moltaí cruthaitheacha atá á ndéanamh a chabhróidh le hoifigigh chun an áit is dual di a thabhairt don Ghaeilge. Is rudaí bunúsacha i dtaobh na páirtithe atá á mholadh sa tuarascáil atá os ár gcomhair agus ní fheicim fáth ar bith nach féidir feidhm a thabhairt dóibh uile gan mhoill. Dá ainneoin sin is beag eolais a bhí an dara comhchoiste in ann a fháil ó na páirtithe maidir leis na pleananna a bhí acu chun feidhm a thabhairt do na moltaí sin agus chun an Ghaeilge a cur chun cinn i gcoitinne ina gcuid gníomhaíochtaí. Tá an tríú comhchoiste i dteagmháil leis na páirtithe anois chun soiléiriú agus tuilleadh eolais a fháil uathu. Ní mór a lua faoin méid a bhaineann leis na páirtithe gurb é seo an chéad uair do pholaiteoirí a bheith ag díriú ar an obair a bhain leo féin — the first time the politicians directed their attention to matters that concerned themselves. Ó tharla go bhfuil tuiscint agus eolas ar leith léirithe faoi na fadhbanna a bhaineann leis na páirtithe sa chás seo táim an-dóchasach go dtabharfar feidhm d'fhormhór na moltaí atá déanta.

Baineann an chuid is mó den dara tuarascáil le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht an dá Theach. Faoi mar a deirtear sa tuarascáil féin tá meascán inti de mholtaí a rinneadh cheana agus de mholtaí as an nua. Ar go leor bealaí is trua go raibh ar an gcomhchoiste bheith ag dul siar ar mholtaí a rinneadh cheana ach is dócha nach raibh dul as nuair nach raibh feidhm tugtha dóibh. Tá roinnt dóibh ann nach bhfuil feidhm tugtha dóibh fós, áfach, agus beidh mé ag trácht ar ball orthu siúd agus ar an méid atá beartaithe ag an tríú comhchoiste a dhéanamh ina leith.

Mar sin, cad iad na príomh mholtaí a rinneadh sa dara tuarascáil faoi na Tithe agus cad atá tar éis tarlú ina leith? I mo thuairim is é an phríomh mholadh a rinneadh ná go gcuirfí seomra ar leith ar fáil i dTeach Laighean a d'fhéadfaí úsáid a bhaint as ar mhaithe leis an nGaeilge — is éileamh í seo a bhí ag an gcéad chomhchoiste freisin. Bhí beartaithe ag an gcomhchoiste go mbeadh seomra mar seo ina áis do na Comhaltaí uile den dá Theach agus go bhféadfaidís úsáid a bhaint as chun an Ghaeilge a fhoghlaim, an méid a bhí acu cheana a fheabhsú, seirbhísí runaíochta a fháil i nGaeilge agus chun teacht le chéile ar bhonn neamh-fhoirmeálta d'fhonn comhrá a bheith acu i nGaeilge.

Cé gur moladh simplí a bhí anseo bhí sé deacair go leor dul chun cinn a dhéanamh ina leith. Is easpa spáis i dTeach Laighean ba chúis leis na deacrachtaí agus, cé gur cuireadh seomra ar fáil ar bhonn páirt-aimseartha, níor leor an méid sin agus níor baineadh úsáid as ach go fíor-annamh. De bharr an easpa dul chun cinn faoin gceist seo bhuail toscaireacht ón dara Comhchoiste leis an gCeann Comhairle ach scoir an Dáil sin sular tharla mórán eile. Nuair a tháinig an tríú Comhchoiste le chéile ag deireadh mí Eanáir i mbliana shocraíomar go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach agus lorgaíomar cruinniú leis an gCeann Comhairle.

Is cúis áthais dom a bheith in ann a thabhairt le fios gur thug an Ceann Comhairle scéal dúinn go raibh sé ag cur seomra ar leith sa sean-Choláiste Ealaíona, taobh le Teach Laighean, ar fáil lena hathcóiriú ar mhaithe leis an nGaeilge. Bhí cruinniú ag an gcomhchoiste aréir le hAiltire Sinsearach de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí agus scrúdaíomar dréacht pleananna a d'ullmhaigh sé don seomra. Is féidir liom a dheimhniú anois gur áis den chéad scoth a bheidh ar fáil nuair a bheidh an obair go léir déanta agus táim féin agus na comhaltaí eile den chomchoiste thar a bheith sásta leis an toradh seo. Beidh an seomra ar fáil tar éis na Cásca, tá súil againn, agus is iad na háiseanna a bheidh ar fáil ann ná: (a) cábáin speisialta chun úsáid a bhaint as téipeanna teagaisc d'fhonn a chumasú do Chomhaltaí den dá Theach an Ghaeilge a foghlaim nó a chleachtadh; (b) leabharlann beag de leabhair agus d'irisí éagsúla i nGáeilge; agus (c) áiseanna chruinneacháin a chuirfidh ar chumas trí nó ceithre Chomhalta teacht le chéile chun comhrá a bheith acu trí Ghaeilge. Faoi mar a dúirt mé cheana tá an-áthas ar an gcomhchoiste go bhfuil beartaithe an áis thábhachtach seo a chur ar fáil agus fáiltim roimpi go fonnmhar.

Ceann eile de na héilimh a bhí ag an gcéad comhchoiste ná go gcuirfí córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil i Seanad Éireann. Ní dhearnadh é sin agus mhol an dara comhchoiste go ndéanfaí é mar chuid lárnach de na hoibreacha feabhsúcháin a bhí le cur i gcrích sa Teach sin. In ainneoin gur chuir an chomhchoiste a lán brú chun an áis a fháil curtha isteach sa Teach rinneadh na hoibreacha feabhsúcháin ach fágadh an córas aistriúcháin ar lár, faraor. Tá sé suimiúil gur pléadh go leor de ghnó an tSeanaid i nGaeilge ar an lá a athosclaíodh an Teach athcóirithe agus gur tháinig gearáin ó gach taobh toisc nach raibh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil.

Ní dhearnadh tuilleadh faoi chóras aistriúcháin comhuaineach a chur ar fáil go dtí gur tháinig an Seanad reatha le chéile don chéad uair i mí na Samhna seo caite. Ó shin i leith tá an cheist tógtha ag Seanadóirí ó gach taobh den Teach agus ní mór a rá gur luadh an fhadhb ag an gcéad chruinniú den Chomhchoiste don Ghaeilge. Lorgaíomar cruinniú go han-luath le Cathaoirleach an tSeanaid chun a chur ina luí air cé chomh tábhachtach agus a bhí an cheist seo. Bhuaileamar leis an gCathaoirleach agus fuaireamar scéal uaidh le déanaí go mbeidh an córas á chur ar fáil le linn sos an tsamhraidh. Tá dhá rud ar leith i gceist, siad sin, cábán a chur sa Teach don aistritheoir agus breis foirne a earcú chun freastal ar an obair seo. Tuigtear dúinn nach bhfuil an fhoireann bhreise ceadaithe fós ach táim an-dóchasach nach mbeidh aon fhadhb leis sin ag féachaint don obair thábhachtach atá le déanamh.

Níor mhiste, b'fhéidir, an tábhacht a bhaineann leis an gceist seo a mhíniú ó tharla nach dtuigtear go forleathan sa Teach seo na fadhbanna atá ag Seamadóirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Tá córas aistriúchán sa Teach seo le fada an lá agus is féidir le Teachta a rogha teanga a úsáid agus a bheith cinnte de go dtuigfidh gach duine é, cé acu teanga a roghnaíonn sé. Níl an scéal amhlaidh sa Seanad faoi láthair agus tá aon Seanadóir a roghnaíonn an Ghaeilge ag saothrú faoi mhí bhuntáiste bunúsach. Níor cheart go mbeadh an scéal mar sin agus is áthas liom go mbeidh sé leigheasta go luath.

Not only may the translation process available in this House be used for the Irish language but it can also be used for other languages when visitors come who speak neither English or Irish. It can be used by Deputies who might have some interest in the French language. That is the merit of the new translation service in the Seanad. Not only will it give those Senators who feel very strongly about the Irish language the opportunity of using it but it will also give other people the opportunity to speak in whatever language they wish. That is also the great merit of this language laboratory. It is for any language anybody wants to learn — Hindi, French or German. This marvellous facility can be used. We are deeply grateful to you, a Cheann Comhairle, for treating us so civilly and putting the matter in hands so quickly. I think it will be a tremendous boost to the Irish language and to any other language that people want to learn.

Rinneadh moladh sa dara tuarascáil faoi ranganna Gaeilge a chur ar fáil do Chomhaltaí den dá Theach. Sular scoir sé bhí an dara Comhchoiste i dteagmháil leis an gCeann Comhairle agus le Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí maidir le dianchúrsaí a eagrú do Chomhaltaí sa Ghaeltacht agus ranganna a chur ar fáil ina dhiaidh sin i dTeach Laighean. Luamar an cheist seo leis an gCeann Comhairle arís le déanaí agus tá beartaithe aige í a hathbheochan gan mhoill.

Luaigh mé níos luaithe an easpa feiceálachais a bhain leis an nGaeilge i dTithe an Oireachtais. Cé gur glacadh bearta áirithe chun an fhadhb sin a leigheas ba léir go raibh gá le tuilleadh, agus is cúis áthais dom go bhfuil dul chun cinn déanta ansin freisin. Freagraítear na teileafóin i dTeach Laighean go dátheangach nóin i nGaeilge amháin nuair a bhíodh siad á bhfreagairt i mBéarla amháin roimhe seo; tá irisí Gaeilge ar fáil san fheitheamhlann agus tuigim go mbeidh fógraí á gcur ar fáil go luath sna hoifigí fáilte ag tabhairt le fios go mbeifear sásta gnó a dhéanamh i nGaeilge. Is mion-rudaí iad seo ar fad ach tá tábhacht leo maidir le háit fheiceálach don Ghaeilge.

Ba mhaith liom a cur in iúl duit go bhfuil nóiméad amháin fágtha. Tá an t-am beagnach caite.

I wish to express my gratitude to Members of the committee who have been meeting once a fortnight — and will continue to meet once a fortnight during the sitting of the Dáil — to further the progress of the Irish language. I am deeply grateful to them for their attendance as it is fundamental to the continued existence of this very important committee.

As I said at the begining of my speech, many of us do not have the Irish language go flúirseach. I have been out of practice for the last 30 years but I have learned more of the language in the last two months than I did in those 30 years. It is all coming back to me. I had it go flúirseach 30 years ago and I lost it through lack of practice. It is about practice and I am deeply grateful for the generosity and decency of the members of Comhchoiste na Gaeilge who have elected me as chairman and have been patient with me in the context of my returning to a knowledge of a language which should be our first language.

Ta dualgas orm Teachta eile a ghlaoch anois.

Níl le déanamh agam anois ach an tairiscint atá os comhair an Tí a mholadh.

Sílim gur tráthúil an rud go bhfuil an dara agus an tríú tuarascáil den dara Comhchoiste don Ghaeilge á bplé ansea sa Dáil maidin inniu. Ba mhaith liom an Chathaoirleach atá againn, an Teachta Andrews, a mholadh as an iarracht mhór atá déanta aige féin ó ceapadh é mar Chathaoirleach ar an tríú comhchoiste. Bhí mé féin mar bhall de na trí chomhchoiste a bhí ann go dtí againn, ba é fear Gaeltachta cosúil liom féin a bhí ina Aire Stáit agus atá anois ina Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, an t-iarTheachta Denis Gallagher as Gaeltacht Mhaigh Eo, fear a bhfuil suim mhór aige sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, fear a rinne obair mhór nuair a bhí sé ina Chathaoirleach ar an chéad chomhchoiste.

Ba é an dara Cathaoirleach a bhí againn ná fear Gaeltachta eile, an Seanadóir Tomás Mac Gearailt as an Daingean i gContae Chiarraí, Gaeilgeoir breá a bhfuil suim aige sa Ghaeilge agus a rinne an-chuid oibre fad agus bhí sé ina Chathaoirleach. Agus ar an tríú Comhchoiste tá mar Chathaoirleach, mar a dúirt mé, an Teachta Andrews a chuir an Tuarascáil seo i láthair na Dála ar maidin. Tá creidiúint mhór ag dul dó. Mar a dúirt sé féin, d'fhoghlaim sé an Ghaeilge nuair a bhí sé níos óige, nuair a bhí sé ag dul chun na scoile, agus sa Ghaeltacht féin, ach, le blianta anuas ní raibh deis aige an teanga a chleachtadh. Ó rinneadh cathaoirleach de ar an chomhchoiste, sílim go bhfuil sé ag éirí níos líofa in aghaidh an lae, tá a chroí san áit cheart, agus tá an-chuid oibre déanta aige.

An chéad dá choiste a bhí againn, chuir muid á lán tuarascála amach, sílim cúig cinn ar fad, mar a luaigh an Cathaoirleach, agus tá siad ansin. Tá a lán oibre curtha isteach iontu, a lán smaointe úra, agus is é an jab, i mo thuairimse, atá le déanamh ag an chomchoiste a bhfuil muid ag feidhmiú air i láthair na huaire ná na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Mar a dúirt an Cathaoirleach, tá cúpla ceann acu san curtha i bhfeidhm, nó á gcur i bhfeidhm ó ceapadh an tríú comhchoiste.

Rinne an cathaoirleach tagairt do sheomra na Gaeilge atá ag dul ar aghaidh go breá agus tá súil agam go mbeidh sé oscailte gan mhoill i ndiaidh na Cásca. Chomh maith leis sin, rinne sé tagairt don chóras aistriúcháin atá le cur ar fáil sa Seanad. Ba mhaith liom cuidiú go mór leis an méid a bhí le rá ag an chathaoirleach faoi do chuid iarrachtaí féin, a Cheann Comhairle. Táimíd faoi chomaoin agat mar gheall ar an tacaíocht a bhí le fail againn aon uair dá ndeachaidh muid ar thoscaireacht nó aon uair a chás muid leat. Bhí tú i gcónaí sásta am a thabhairt dúinn agus éisteacht linn agus comhoibriú, a thabhairt dúinn, agus táimid thar a bheith buíoch díot mar má tá comhoibriú, tacaíocht agus tuiscint mar sin le fáil ó Cheann Comhairle, beidh obair an Chomhchoiste i bhfad níos fearr agus níos fusa. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom thú a mholadh as an dea-shampla a thugann tú sa Teach. Ní fearr Gaeltachta tú. Is dócha gur fhoghlaim tú do chuid Gaeilge nuair a bhí tú ag dul ar scoil cosúil leis an chuid eile de na daoine sa Teach. Mar sin féin, cibé deis a bhíonn agat tá tú sásta treoracha an Tí agus gnáthchaint agus gnáthorduithe an Tí a thabhairt i nGaeilge. Sin ceann de na cuspóirí atá againn, go mbeidh atmasféar Gaeilge agus atmasféar Gaelach anseo sa Dáil, agus tá tú féin agus an Leas-Cheann Comhairle ag déanamh an-chuid oibre, agus ba mhaith liom é sin a lua.

Is minic a cuireadh tuarascáil ar fáil maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Dáil agus taobh amuigh, ach níl mé chun dul siar ar na téarmaí tagartha, tá siad sin luaite ag an cathaoirleach. An chéad tuarascáil a cuireadh ar fáil maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ná coimisiún na Gaeltachta sna ficheadaí. Rinne siad sin moltaí ag an am. Bhí coimisiún eile againn sna seascaidí, Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus chuir siadsan a gcuid tuairimí i láthair an Tí i 1963. Bhí mé ag léamh na dtuairiscí sin i rith na seachtaine agus sílim go raibh ocht moltaí sa tuairisc sin a cuireadh i láthair na Dála i 1963, ocht gcinn atá an-chosúil leis an rud a bhfuil muid ag caint orthu go fóill.

Dúradh gur chóir go mbeadh Gaeilge ag na daoine a bhíonn ag cur tuairisce ar imeachtaí an Tí, gur chóir go mbeadh córas aistriúcháin do na Teachtaí agus do na Seanadóirí, gur chóir do na páirtithe tacaíocht a thabhairt d'iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu. Na moltaí seo a cuireadh inár láthair i 1963, caithfidh mé a rá go bhfuil siad cosúil le cuid de na moltaí a bhfuil muid ag caint orthu go fóill. Tá dul chun cinn déanta. Mar a dúirt mé, tá córas aistriúcháin anseo sa Dáil, beidh sé sa Seanad gan mhoill, agus cuireann sé áthas agus lúcháir orm nuair a thagaim isteach anseo agus nuair a fheicim daoine nach raibh an seans céanna acu agus a bhí agamsa agus ag daoine eile, agus atá sásta an Ghaeilge a fhoghlaim, go bhfuil siad sásta úsáid a bhaint as an chóras sin.

Cad é an mhaitheas córas aistriúcháin a bheith againn, cad é an mhaitheas costas a chur orainn féin le é a chur ar fáil, cad é an mhaitheas an t-airgead sin uilig a chaitheamh mura bhfuil daoine sásta úsáid a bhaint as. Cuireann sé áthas orm, mar a dúirt mé, nuair a fheicim daoine ag teacht isteach anseo, nach bhfuil an Ghaeilge chomh líofa acu agus atá ag an chuid eile againn, agus atá sásta úsáid a bhaint as an chóras aistriúcháin. Tá súil agam go ndéanfar an rud céanna sa Seanad.

An dara tuarascáil a cuireadh ar fáil maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna páirtithe polaitíochta agus sa Teach, tá ocht mórmholtaí inti. An chéad cheann baineann sé leis an Ghaeilge agus na páirtithe polaitíochta. Is é an dara ceann, an Ghaeilge agus an obair i dTithe an Oireachtais a chur chun cinn istigh anseo. Seirbhísí tacaíochta i nGaeilge do Chomhaltaí an dá Theach, sin an tríú moladh atá sa Tuarascáil, agus sílim go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn ansin, mar adúirt an Cathaoirleach, tá seomra na Gaeilge á chur ar fáil; beidh comhairle agus cuidiú le fáil sa seomra ag aon chomhaltaí a bhfuil fonn orthu gnótha a dhéanamh trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais. An ceathrú moladh ná, an Ghaeilge agus na coistí Oireachtais, sé sin tá Comhchoiste na Gaeilge, ach tá coistí Oireachtais eile, agus sílim gur chóir go mbeadh siad ábalta úsáid a bhaint as an Ghaeilge anois agus arís.

Ceann de na deacrachtaí, ceann de na laigí a fheicimse a bhaineann le Gaeilge anseo, go minic nuair a bhímid ag plé cúrsaí Roinn na Gaeltachta nó Údarás na Gaeltachta, nó Bord na Gaeilge, ná go mbaineann muid úsáid as an Ghaeilge, ach nuair a bhíonn muid ag plé rudaí a bhaineann leis an Roinn Comhshaoil, nó an Roinn Cosanta nó an Roinn Gnóthaí Eachtracha, nó Ranna eile, go minic bainimid úsáid as an Bhéarla agus ní bhaintear aon úsáid as an Ghaeilge. Ceann de na moltaí atá déanta sa Tuarascáil seo, agus a bhí déanta ag Bord na Gaeilge, gur chóir go mbainfimis úsáid go rialta as an Ghaeilge, is cuma cad é an t-ábhar atá ar siúl againn. Fiú amháin má bhíonn ceisteanna á gcur síos, ní cóir go gcuirfí síos na ceisteanna Gaeltachta amháin i nGaeilge ach go gcuirfí síos ceisteanna i nGaeilge le haghaidh Ranna eile, agus go mbeadh an stádas céanna le feiceáil go soiléir ag an Ghaeilge agus atá ag an Bhéarla.

Sílim, agus muid ag plé na Tuarascála seo gur cóir dúinn féinscrúdú a dhéanamh ar cheist na Gaeilge sa tír faoi láthair. B'fhéidir nach aontóimis uilig le sin, ach cé go bhfuil comharthaí dóchais le feiceáil taobh amuigh den Ghaeltacht, go bhfuil naíscoileanna agus Gaelscoileanna á gcur ar bun agus mar sin de, tá comharthaí go leor éadóchais ann chomh maith, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge. Níl mé ag cur lochta ar Rialtas amháin ná ar Rialtas eile, ach sin mar atá sé.

Is fear Gaeltachta mé féin agus tá sé soiléir go bhfuil an Béarla ag brú isteach fiú amháin ar mhuintir na Gaeltachta. Tá sé le tabhairt faoi deara ar na daoine óga chomh maith, agus nuair a fheicimid cad é atá ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Ghaeltacht, go speisialta sna scoileanna agus sa chóras oideachais, sílim go bhfuil an Ghaeilge lag go maith sa chóras oideachais. Níl mé ag cur lochta ar na múinteoirí agus níl mé ag cur lochta ar na daltaí, tá mé ag cur lochta ar an chóras féin, tá mé ag cur lochta ar na modhanna múinte atá againn agus ar an ábhar a thugtar do na daltaí. Tá an t-ábhar seanaimseartha, agus is iontach an rud é go bhfuil sa chóras oideachais anseo go mbíonn na daltaí ag foghlaim Ghaeilge ón chéad lá a théann siad ar scoil go dtí an lá a fhágann siad an scoil ag sé nó seacht mbliana dhéag, agus céadchodán an-íseal ar fad a bhíonn ábalta a gcaint agus a gcomhrá a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge.

Nuair a tharlaíonn sé sin, sílim go bhfuil sé in am againn scrúdú a dhéanamh ar an gcóras agus athruithe a chur i bhfeidhm, mar níl sé sin sásúil. Mar atá a fhios againn uilig, is féidir leat dianchúrsa a dhéanamh i dteanga Eorpach, agus dianchúrsa a dhéanamh i nGaeilge ó Ghael-Linn agus bíonn daoine chomh líofa tar éis dianchúrsa a mhaireann sé seachtainí agus a bhíonn daltaí a bhíonn ag déanamh na Gaeilge ar feadh a saoil scoile.

Déarfainn féin gur ceann de na rudaí atá mícheart faoi láthair ná nach bhfuil pleanáil cheart againn. Níl pleanáil cheart maidir le Gaeilge nó cad é is cóir a dhéanamh. Cuir i gcás, sé an fáth go bhfuil an Comhchoiste Gaeilge ann, agus an ceann a bhí roimhe sin, agus an chéad ceann, ná gur mhol Bord na Gaeilge sa chéad Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ó 1983 go 1987 go mbeadh comhchoiste Oireachtais ann. Glacadh leis an moladh sin ag an am. Bhí moltaí eile sa phlean gníomhaíochta, níl fhios agam ar cuireadh i bhfeidhm iad nó nár cuireadh; ní shílim gur cuireadh. Ach ba rud maith an plean a chum Bord na Gaeilge. Tháinig an comhchoiste amach as agus táimid ag plé na moltaí agus an dul chun cinn atá déanta.

Ach is é an deacracht agus an laige a fheicimse gur chóir go mbeadh plean eile ó'87 go dtí'91, agus plean eile ó'91 go dtí'95, ach faoi láthair níl aon phlean a fheicim á chur i bhfeidhm, agus mar a dúirt mé tá locht orainn uilig. Bhí an chéad phlean go maith, bhí torthaí air, agus tá Bord na Gaeilge ansin go fóill. Is cinnte nach bhfuil na baill uilig ar an mbord, tá roinnt folúntas le líonadh. Níl aon Chathaoirleach ar an bhord le bliain go leith agus sílim go bhfuil sé in am cathaoirleach a chur isteach ann. Níl shílim go bhfuil aon Bhord Stáit reachtúil sa tír atá fágtha gan Chathaoirleach ar feadh bliain go leith agus tá súil agam go ndíreoidh an Rialtas agus an tAire agus an Roinn a n-aire ar an fhadhb sin agus é a réiteach chomh luath agus is féidir.

Tá trí eagraíocht reachtúla freagrach as polasaihe Gaeilge. Tá Roinn na Gaeltachta féin, tá an tAire Stáit linn anseo, tá Bord na Gaeilge, a bhfuil seasamh reachtúil aige, agus tá Údarás na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh comhordú idir na trí dreamanna sin, is é sin go mbeadh an polasaí céanna acu maidir leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht féin. Ní shílim go bhfuil an teagmháil cheart idir na trí boird. Tá a fhios agam i bplean Bhord na Gaeilge go raibh na trí dreamanna ábalta teacht le chéile, agus go raibh sé sin ag tarlú ar feadh tamaill, go raibh bord comhordaithe ann maidir le polasaíthe Gaeilge, ach níl a fhios agam an bhfuil sé sin ag teacht le chéile go rialta anois. Sílim gur chóir go ndéanfaí breathnú air sin agus go dtiocfadh siad le chéile go rialta, agus go mbeadh polasaí ceart againn. Tá sé mar chúram ar an Chomhchoiste an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh de Thithe an Oireachtais. Tá dul chun cinn áirithe déanta againn taobh istigh de Thithe an Oireachtais agus sílim gur féidir linn níos mó a dhéanamh, ach tá freagracht orainn dul chun cinn taobh amuigh de Thithe an Oireachtais a chur ar aghaidh chomh maith. Ceann de na deacrachtaí is mó a fheicim ná go bhfuil easpa polasaí, agus gurb é an polasaí atá againn anois ná "fág rudaí mar atá, beidh sé ceart go leor", agus táimid ag dul ó lá go lá agus ó bhliain go bliain, tá géarghá la plean eile agus le leanúnachas ó phlean amháin go plean eile. Sílim go bhfuil ceann curtha ar fáil don Roinn le cúpla bliain ag Bord na Gaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil sé ar intinn é a chur i bhfeidhm, nó an bhfuil dearmad déanta de. Ach, má táimid dáiríre, caithfear é a phleanáil, nó mura ndéantar é beidh an Ghaeilge í féin ag meath mar atá anois.

Sílim gurb é an Teachta Higgins a dúirt go raibh fealsúnacht sa tír seo, fealsúnacht eacnamaíochta go raibh an teanga Gaeilge agus an t-am a bhí muid ag caitheamh leis an Ghaeilge ag cur isteach ar fhorbairt eacnamaíochta na tíre, agus dá mbeadh Béarla againn uilig nó Gearmáinis againn uilig, nó Fraincís againn uilig, go mbeadh deireadh lenár gcuid deacrachtaí eacnamaíochta, nach mbeadh dífhostaíocht sa tír, ná boilsciú nach mbeadh imirce sa tír, agus bhí siad ag cur lochta ar an am a bhíonn muid ag caitheamh leis an Ghaeilge.

Bhí mé ag léamh le cúpla seachtain leabhar úr atá ar an mhargadh ag stairí mór de chuid na tíre, an tOllamh Lee as Coláiste Ollscoile Chorcaí, agus caithfidh mé a rá gur chuir sé áthas orm go bhfuil sé i ndiaidh an teoiric seo a thógáil, agus is é an chéad duine acadúil, chomh fada agus is eol dom, a thóg an teoiric seo go raibh an Ghaeilge ag cur isteach ar ár bhforbairt eacnamaíochta. Thóg sé pointe i ndiaidh pointe, agus tá sé i ndiaidh argóintí móra a chur suas, agus tá súil agam go dtosóidh sé seo díospóireacht ar fud na tíre faoi cén buntáiste atá sa Ghaeilge, cad é an tábhacht atá sa Ghaeilge, agus cé chomh tábhachtach is atá sé dár bhféiniúlacht agus dár meas féin.

Thug sé sampla de thíortha na hEorpa, tíortha cosúil leis an bhFionlainn, a bhfuil mionteanga acu, tír cosúil leis an Iorua, an tSualainn agus an Ísealtír, agus níl siadsan ag cur deiridh lena dteanga náisiúnta féin, agus ag foghlaim na Gearmáinise, nó na Rúisise nó an Bhéarla. Tá siad brodúil as a dteanga féin. Tuigeann siad gurb í an pháirt is tábhachtaí dá gcultúr féin, tugann sé mórtas cine dóibh, agus ó thaobh na heacnamaíochta de, dá mbeadh muidne sa tír seo ag déanamh chomh maith leo, is beag deacracht eacnamaíochta a bheadh againn. Sílim gur leabhar an-tábhachtach é, agus go gcaithfimid ár n-aire a dhíriú ar na teoiricí a chuir sé inár láthair, agus sílim go bhfuil a lán le foghlaim againn astu.

Tá an t-am atá againn teoranta, ach sílim gurb í an Ghaeilge an gné is tábhachtaí agus is luachmhaire agus is suntasaí dár gcúltúr agus dár dtraidisiún. Tá an ceol againn agus tá na rincí againn ach, mar sin féin, is í an teanga Gaeilge an gné is tábhachtaí ar fad, an seod is luachmhaire. Táimid anseo mar pholaiteoirí, agus an ghlúin daoine atá sa tír i láthair na huaire, tugadh an teanga anuas againn ó na cianta. Tá sí againn anois agus tá sé de dhualgas agus de fhreagracht orainn an teanga sin a thabhairt don chéad ghlúin eile atá ag teacht ar aghaidh. Cá fios nó go nglacfaidh siad an teanga, agus go gcuirfidh siad níos mó béime uirthi ná mar atáimid féin.

Tá an dualgas sin orainn agus caithfimid smaoineamh cad é an rud is fearr a dhéanamh. Tá géarghá le plean agus caithfimid go léir dul le chéile agus é a chur i bhfeidhm. Ní rud é a bhaineann le páirtí amháin nó le páirtí eile, ná le haon dream ar leith sa Teach. Baineann sé linn uilig mar Ghaeil. Agus an Eoraip ag éirí níos dlúithe anois, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcoinneoimid ár dteanga féin, agus sin ceann de na cuspóirí a chaithfidh bheith ag an chomhchoiste.

A Leas-Cheann Comhairle, ba mhaith liom an t-am atá ar fáil agam a roinnt idir mé féin agus an Teachta O'Shea. Beidh an chuid is mó den am seo á úsáid ag an Teachta O'Shea. Fuair mé cuireadh ón Teachta Andrews, Cathaoirleach an Chomhchoiste, páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo, agus táim buíoch de as an seans atá ar fáil inniu. Tá cúpla rud le rá agamsa sa díospóireacht. Ar an gcéad dul síos léirigh an suirbhé go bhfuil dea-mhian i measc. Teachtaí agus Seanadóirí don Ghaeilge, agus go bhfuil said sásta úsáid na Gaeilge a fhorbairt i dTithe an Oireachtais. Ba mhaith liom, mar cheannaire Dream an Lucht Oibre, a gheallúint go ndéanfaidh mé féin, agus an páirtí, ár ndícheall cabhrú leis an bhforbairt sin.

Fuair mé litir ó Chathaoirleach an Chomhchoiste agus chuir sé rudaí éagsúla in iúl dom. D'fhreagair mé an litir sin agus dúirt mé leis an Teachta Andrews go ndéanfadh Dream an Lucht Oibre gach dícheall, na moltaí a chuir sé amach chugainn a chur i bhfeidhm. Ar an gcéad dul síos, d'iarr sé orainn go n-úsáidfeadh uachtarán an pháirtí an Ghaeilge i ngnáthimeachtaí, a oiread agus is féidir. Tá mise chun iarracht a dhéanamh an teanga a úsáid chomh fada agus is féidir liom. Beidh mé ag iarraidh, sna ráitis a chuirim amach gach lá, ceann amháin a chur amach i nGaeilge gach seachtain. Beidh mé ag iarraidh ag gach cruinniú a bheas ar siúl ag Páirtí an Lucht Oibre plé in nGaeilge a shocrú i gcuid den chruinniú, an agenda, go háirithe ag an cruinnithe gach Céadaoin. Sa chaoi sin beidh na Teachtaí ábalta rudaí beaga a dhéanamh chun cabhrú leis na haidhmeanna agus na moltaí a chur an Comhchoiste faoinár mbráid.

Chomh maith le sin beidh mé ag iarraidh ar choiste feidhmiúcháin an pháirtí an Ghaeilge a úsáid ag a ngnáthchruinniú uair amháin sa mhí. Is é mo thuairim nach bhfuil staid na Gaeilge rómhaith an lá atá inniu ann. Caithfimid mar Theachtaí agus mar Sheanadóirí san Oireachtas, iarracht láidir a dhéanamh chun cabhrú leis na daoine atá ag obair taobh amuigh den Oireachtas chun an teanga a chur ar aghaidh, agus gnáthúsáid a bhaint aisti. Tá súil agam, de bharr na díospóireachta seo, go dtarlóidh rudaí san Oireachtas. Sa seomra atá curtha ar fáil ag an gCeann Comhairle, beidh seans ag na Teachtaí agus na Seanadóirí an Ghaeilge a chleachtadh agus a úsáid.

Tá sé deacair an teanga a chleachtadh. Tá sí ceart go leor ag an Teachta McGinley agus a chairde ó Dhún na nGall, tá siad an-mhaith, agus ag an Aire Stáit, an Teachta Gallagher freisin. Caithfimidne, na Teachtaí eile, iarracht a dhéanamh, agus déanfaimid é ón lá seo amach. Ba mhaith liom geallúint a thabhairt do Chathaoirleach agus do bhaill an Chomhchoiste go mbeimid, as seo amach, ag iarraidh na moltaí a chuir siad romhainn a chur i bhfeidhm. Beimid ag déanamh iarrachtaí beaga i dtosach agus, as sin amach, beimid ag dul chun cinn.

An Teachta O'Shea anois.

Níl mé i mo bhall den chomhchoiste, ach ar feadh tamaill bhig, agus rud amháin a chuir an-áthas orm in imeachtaí an chomhchoiste sin go bhfuil na baill go léir ag tabhairt faoi cheist na Gaeilge dáiríre. Ní bhraithfeá ag na cruinnithe go raibh daoine ann ó Fhianna Fáil, Fhine Gael, ón Lucht Oibre agus Neamhspleách. Tá an meon ceart ag an gcomhchoiste, agus, mar a dúirt an Teachta McGinley, tá an-chuid déanta ag an gcathaoirleach ó cuireadh an coiste seo ar bun, agus tá mé lánchinnte go leanfaidh an comhchoiste mar sin ag tabhairt ceannaireachta don Dáil agus don Seanad i dtaobh fhorbairt na Gaeilge sna Tithe seo.

Tá an cheist i bhfad níos leithne ná sin. Bhí mé i mo mhúinteoir scoile ar feadh níos mó ná scór bliain sular tháinig mé go dtí an Seanad i 1987, agus rud amháin an-tábhachtach a d'fhoghlaim mé le linn na tréimhse sin ná gurb é dea-shampla an mhúinteora is fearr, an dea-shampla an chinnireacht is fearr. Tá dualgas an-mhór orainne sna Tithe i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh athbheochan na Gaeilge. Mura dtagann an dea-shampla go tréan agus go minic ó na Tithe seo, tá mé ag ceapadh nach dtiocfaidh aon fheabhas ar an scéal mar atá sé.

Mar a dúirt An Teachta Dick Spring, níl an scéal go rómhaith i dtaobh na Gaeilge ar fud na tíre ag an nóiméad. Bhí an méid céanna le rá ag an Teachta McGinley. Nílimid ag rá mar náisiún cén fáth gur ceart an Ghaeilge a athbheochan mar theanga bheo. Éireannaigh sinn, daoine éagsúla, daoine go bhfuil cultúr dár gcuid féin againn, go bhfuil stair fhada agus stair go bhfuil an-chuid deathréithe ag baint leis. Tá mise ag rá i dtaobh na Geailge, go bhfuil sé de dhualgas orainn an tírghrá a athbheochan ar an gcéad dul síos, go mbeadh bród orainn mar Theachtaí anseo gur Éireannaigh sinn, agus go gcabhróimid leis an bhród sin a chothú i measc an phobail, go mórmhór sna Gaeltachtaí.

Tá gné eile den cheist seo ann. Tá lucht eacnamaíochta ag rá linn go mbeidh an chuid is mó de na postanna ar fáil amach anseo i gcúrsaí turasóireachta agus caitheamh aimsire. Na turasóirí a thagann go dtí an tír seo ón iasacht, ó Mheiricrá, agus ó Mhór-Roinn na hEorpa, tá an-suim acusan sa stair, sna fothraigh stairiúla — roots, cuirim i gcás, ag na daoine a thagann ó Mheiriceá agus gur tháinig a muintir ón tír seo. B'fhéidir nach nglacann muid leis go bhfuil saibhreas againn chun daoine a mhealladh go dtí an tír seo mar chuairteoirí chun scrúdú a dhéanamh ar na fothraigh atá againn, nó chun scrúdú a dhéanamh ar ár stair. Más rud é go bhfuilimid chun turasóireacht a fhorbairt i gceart sa tír seo, tá sé tábhachtach go mbeadh an pobal go léir páirteach san obair sin. Mar chéadchéim san obair seo caithfimid an tírghrá a fhorbairt sa Teach seo, sa Seanad nó ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht. Rud eile a d'fhoghlaim mé nuair a bhí mé ag múineadh na Gaeilge, an straitéis is fearr a úsáid ná an beagán a úsáid go mion agus go minic.

Is cuimhneach liom nuair a bhí mé ag freastal ar an mheánscoil i bPort Láirge, ag Cnoc Síon, bhí Bráthair again san Ardteist, an Bráthair Ó Catháin, a fuair bás le déanaí, go ndéana Dia trócaire ar a anam, agus séard a deireadh sé linn i gcónaí: Labhair an teanga, ná bíodh eagla oraibh go ndéanfaidh sibh tuaiplis sa ghramadach, agus mura mbíonn an focal Gaeilge agat cuir isteach an focal Béarla. Sa rang sin fuair an uile dhuine onóracha i nGaeilge san Ardteist. Thuig seisean rud an-tábhachtach, gur as labhairt na teanga a thagann an fhorbairt. Agus b'fhéidir sna laethanta atá imithe go raibh sórt élitism ag dul leis an Ghaeilge, agus na daoine a bhí ag caint leis an náisiún mar gheall ar an Ghaeilge, bhí siadsan ag cur eagla ar dhaoine. Bhí eagla ar dhaoine go ndéanfadh siad botún agus a leithéid. Mar a dúirt an Teachta Spring, léirigh an suirbhé go bhfuil an-dea-mhéin i dTithe an Oireachtais. Tá mise cinnte go bhfuil an dea-mhéin céanna ar fáil i measc an phobail.

Déanaimid dearmad in amanna, go bhfuil cuid mhaith focail Ghaeilge i ngnáthúsáid i measc an Bhéarla ar fud na tíre. I bPort Láirge, cuirim i gcás, Déise, tá iris a chuirtear amach ag an Old Waterford Society, agus a raibh alt ann cúpla bliain ó shin, liosta focal a bhí i ngnáthúsáid i measc an Bhéarla i sráidbhaile beag agus an ceantar mórthimpeall air in aice leis an Trá Mhór. Focail mar bóithrín, sceach, bothán, toiteog, amadán agus óinseach. Tá focail mar sin ann agus i ngnáthúsáid i measc an Bhéarla. Sin gné den Ghaeilge bheo atá againn go fóill.

Rud eile atá an-tábhachtach, ceapaim, ná go mbeadh tuiscint ag an phobal i gcoitinne ar na logainmneachta. Mar shampla, tagaim ón Trá Mhór. Tá an t-ainm sothuigthe ón trá (strand). Dún Mór áit eile. Tá an-chuid dúnta ar fud an chontae as a dtagaimse agus ar fud na tíre. Tá an-chuid de stair na tíre le fáil ó na logainmneacha céanna, ó logainmneacha bailte, ceantair, paróistí agus a leithéid, agus sin rud go mba mhaith liom go mbeadh níos mó béime air ó thaobh chúrsaí craolacháin agus teilifíse. Tá suim ar leith ag daoine in ainm a n-áite féin nó áiteanna atá ar eolas acu a thuiscint níos fearr. Agus ag an am céanna tá na focail Ghaeilge atá acu ag forbairt an t-am go léir.

Tá sé an-tábhachtach a chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge chomh deacair sin le foghlaim. Tá an Béarla i bhfad níos deacra ná an Ghaeilge. Tá sé níos fusa Port Láirge—the harbour that's shaped like a thigh — a thuiscint ná an leagan Béarla. Goilleann sé orm nach mbainimid úsáid go forleathan as an saibhreas atá againn ó thaobh na staire agus ó thaobh na teanga. Sa Ghaeilge tá litríocht an-mhaith againn, litríocht a bhfuil clú air ar fud an domhain. Níl an cultúr sin nó níl na scríbhinní sin ar fáil i gceart don phobal i gcoitinne.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do theilifís na Gaeltachta. Ceapaim go bhfuil meon de shaghas Anglo-Meiriceánach ag dul i bhfeidhm ar aos óg na tíre seo faoi láthair. Measaim go ndeánfadh Teilifís na Gaeltachta, mar atá geallta ag an Taoiseach dúinn, an-difríocht do chúrsaí na Gaeilge sa Ghalltacht. Tá daoine ann a cheapann nár chóir ach Gaeilge na nGaeltachtaí a úsáid ar an stáisiún seo. Ní aontaím leis an dtuairim sin. Chruthaigh Liam Ó Murchú lena chlár "Trom agus Éadrom" go bhfuil an-suim ag muintir na tíre seo sa dá-theangachas. Ní foláir an staisiún seo teilifíse a bhunadh go luath óir go bhfuil an t-am ag gabháil thart gan aon dul chun cinn á dhéanamh.

Tá súil agam, maidir leis an dá-theangachas, go mbeidh béim mhór ar na logainmneacha, ar na focail Ghaeilge atá i ngnáth-usáid ag lucht an Bhéarla agus ar stair, ar chultúr agus ar áilleacht na tíre. Chuideodh sé seo leis an tír-ghrá, ar ar thrácht mé cheana, a chothú agus a fhorbairt. Is é múscailt an tír-ghrá seo is bunús le gnéithe eile — agus as a dtiocfaidh forbaírt na ngnéithe seo — ar nós an teanga, an cultúr, meon na tíre agus forbairt eacnamaíochta na tíre.

Ní mór dúinn a bheith bródúil as ár n-aitheantas mar Éireannaigh, mar thír ar leithligh, mar mhuintir atá inchurtha le nó níos fearr ná aon phobal eile ar domhan. Dá bhféadfaimis an tír-ghrá a fhorbairt ó thaobh na staire de, creidim go gcabhródh sé sin go mór le ath-aontú na tíre. Bítear de shíor ag caint ar athaontú na tíre agus ar athbheochan na teanga ach is annamh a bhíonn ann ach caint. Feictear domsa ón gcomhchoiste agus ón méid atá cloiste agam timpeall an Tí de dhíospóireachtaí ó na páirithe éagsúla, go n-eireoidh linn an dul chun cinn seo a dhéanamh i leith na Gaeilge.

A Cheann Comhairle, ba mhaith liom, le do thoil, mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Mac Giolla. Fáiltím roimh an díospóireacht seo. Tugann sé deis dúinn ceist na Gaeilge a phlé, ní hamháin mar a bhaineann sé le hobair an Oireachtais ach le stádas na Gaeilge i gcoitinne. Molaim an méid a dúirt an Teachta Andrews agus an obair atá déanta ag an gcomhchoiste. Tá dhá thuarascáil os ár gcomhair agus ba mhaith liom, ar dtús, tagairt a dhéanamh do leathanach a seacht sa chéad tuarascáil agus do leathanach a naoi sa dara ceann; is orthu siúd a ainmnítear comhaltaí an chomhchoiste. Mar a fheicfear, ní raibh ball de Pháirtí na nOibrithe ar cheachtar den dá chomhchoiste. Ní bhfuair siad áit ach oireach ar an dtríú comhchoiste, a toghadh cúpla mí ó shin. Is mór an trua é sin agus dá bharr, ní raibh aon deis againn ár gcuid smaointe i dtaobh na Gaeilge a phlé leis na comhaltaí eile. Ar an ábhar sin, fáiltím go speisialta roimh an ndíospóireacht seo a thugann seans dúinn ár ndearcadh ar chúrsaí Gaeilge a chur faoi bhráid na Dála.

Níor tugadh seans dúinn a bheith páireach sa chomhchoiste mar gur dearnadh gnó páirtí-polaitiúil de. Má tá ábhar ar bith ann ar fiú a phlé go lánpháirtíoch is í an Ghaeilge an t-ábhar sin. Caitear droch-mheas ar an teanga nuair déantar liathróid pholaitiúil de, mar a tharla cúpla bliain ó shin nuair a roghnaíodh an comhchoiste. Dúradh le Páirtí na nOibrithe ar an ócáid sin nach bhfaighidís áit ar an gcomhchoiste go dtí go mbeadh seachtar Teachtaí Dála acu. Nuair a shroicheamar an uimhir sin, athraíodh na rialacha agus ní bhfuaireamar áit ar an dtríú comhchoiste ach oiread.

Is dóigh liom nach bhfuil cothrom na Feínne á fháil ag Páirtí na nOibrithe sa Dáil seo. Chonaiceamar sampla den dearcadh seo aréir nuair a déanadh iarracht anseo ceart labhartha a bhaint de cheannaire an pháirtí. B'fhéidir go mbeadh meas níos mó ar mholtaí an chomhchoiste dá mbeadh cur isteach ann ó 'chuile Theachta Dála a mbeadh suim ar leith acu sa Ghaeilge. Is trua liom nach ndearna an comhchoiste a leithéid sin de mholadh. Dá ndéanfadh, b'fhéidir nach mbeimís anseo ag machnamh ar an scannal faoi leith seo. D'ullmhaigh an comhchoiste tuarascáil ceithre bliana ó shin, inar déanadh cúig moltaí is fiche ach níor gníomhaíodh dá réir.

Nach léiríonn sé sin nach bhfuil mórán toil polaitiúil sa Dáil i leith usáid na Gaeilge? Níl anseo ach "lip service" don Ghaeilge. Tugann Teachtaí Dála le fios go bhfuil an-suim acu sa teanga ach ní bhíonn siad sásta gníomhú nuair a thagann an deis. Taímid bailithe anseo, ceithre bliana taréis fhoilsiú na tuarascála, agus gan na moltaí a bheith curtha i gcrích.

Is é dearcadh bunúsach an chomhchoiste ná gur mór a chuideodh sé le leathú na Gaeilge mar theanga náisiúnta dá m'eol do mhuintir na tíre go raibh an gradam is dual don Ghaeilge á thabhairt di i dTithe an Oireachtais, agus go raibh sí á úsáid go rialta ina gcuid imeachtaí. Ní dóigh liom go bhfuil an dearcadh seo ceart. Nuair a bhí mé ag léamh na tuarascála anseo, rith sé liom gurb é a bhí i gceist ag an gcomhchoiste ná saghas Gaeltacht nua ar leith a bhunadh i dTeach Laighean — Gaeltacht Theach Laighean, ar ndóigh. Is é a bheadh i gecist ná áit ina mbeadh na Comhaltaí uile agus an fhoireann ag déanamh formhór a gcuid gnó trí Ghaeilge agus go dtaispeánfadh sé sin don phobal lasmuigh go bhfuil suim sa Ghaeilge anseo agus gurbh fhiú don phobal sampla seo an tír-ghrá a árdú leo.

Ní léiríonn an dearcadh sin cén fáth go bhfuil úsáid na Gaeilge i ndrochaoi, cén fáth a bhfuil na Gaeltachtaí ag dul i laghad, cén fáth a bhfuilimid fós anseo sa Dáil, trí scór bliain go leith tar éis saorú an Stáit, ag plé gnéithe bunúsacha ar nós soláthar suaitheantas agus comharthaí trí Ghaeilge? Nach leiríonn sé seo go bhfuil teipthe ar pholasaithe na Rialtas a bhí againn anuas trí na blianta, agus in ainneoin na ndeontas, an airgid agus in ainneoin an chaint oifigiúil go léir, nach bhfuil athbheochan dá laghad tagtha ar an nGaeilge agus an scéal chomh dona anois agus a bhí ariamh? Ní cúis ionaidh é, mar sin, go mbeadh stádas agus úsáid na Gaeilge chomh hainnis is atá, i measc na mball. Ní dhéanfar morán dul chun cinn i leith na Gaeilge laistigh den Dáil, go dtí go ndéanfar feabhsú ann lasmuigh. Ní féidir Gaeltacht a bhunadh i dTeach Laighean gan trácht ar stádas na Gaeilge i measc an phobail lasmuigh.

Cad is cúis le drochás na Gaeilge lasmuigh? Tá cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta na tíre, báúil leithi. Ní féidir a sheánadh ná gur chuir an imirce isteach ar úsáid na Gaeilge; níorbh aon mhaitheas Gaeilge a fhoghlaim dá mbeadh ort triall ar Chamden Town nó ar an mBronx ag lorg job. Béarla a bheadh de dhíth ort ansin. Is amhlaidh atá an scéal inniu. Ina theannta sin, creidtear inniu gur fearr don duine óg Gearmáinis nó Fraincís a fhoghlaim in ionad na Gaeilge. Ní eireoidh linn mórán a dhéanamh ar son na Gaeilge go dtí go mbeidh fostaíocht ar fáil dár muintir agus go dtí go gcuirfear deireadh leis an imirce atá riachtanach anois, beagnach.

Má táimid ag iarraidh athúsáid na Gaeilge a spreagadh i measc an phobail, bheadh sé chomh maith dúinn díospóireacht a eagrú ar Raidió na Gaeltachta le linn an olltoghcháin. Gheall an Taoiseach seirbhís teilifíse do mhuintir na Gaeltachta. Cheistigh mé féin agus Teachtaí eile an Taoiseach agus an tAire Stáit, ach go háirithe, maidir le cinneadh i leith na geallúinte sin. Dúradh linn nár scrúdaíodh an tuarascáil go fóill. Saghas seirbhís theilifís Ghaeilge atá i gceist anois, ach ní seirbhís faoi leith é. Is é atá faoi chaibidil ná cúpla cláracha breise Gaeilge a chur ar fáil ar RTÉ. Tá gach cosúlacht ann anois go bhfuil an Rialtas ag tarraingt siar ar an ngeallúint a thug siad go mbunódh siad Teilifís an Gaeltachta. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire Stáit anseo tagairt do Theilifís na Gaeltachta nuair a bheidh sé ag freagairt na díospóireachta seo, agus go n-abródh sé go cruinn an bhfuil an Rialtas chun seirbhís Theilifís na Gaeltachta a bhunú agus cad é an scála ama. Dhéanfadh seirbhís Theilifís na Gaeltachta i bhfad níos mó don Ghaeilge ná aon díospóireacht anseo sa Dáil. Sa nua aois in a bhfuilimid, is ón teilifís is mó a bhfaigheann an pobal an cultúr, agus go háirithe an t-aos óg. Muna gcuireann an Rialtas Teilifís na Gaeltachta ar fáil, ní fiú dúinn bheith ag caint faoi athbheocan na Gaeilge chor ar bith. Geobhaidh sí bás.

Tá na daoine óga, fiú amháin sna Gaeltachtaí, in áiteanna mar Tír an Fhia agus Corca Dhuibhne, ag féachaint ar "Neighbours" agus cláracha mar sin, cosúil céanna leis na daoine óga sna cathracha móra. Is ar Kylie Minogue agus ní ar Caitlín Ní hUallacháin anois atá aos óg na Gaeltachta ag déanamh aithrise, agus ní féidir an Ghaeilge a shábháil, fiú amháin sna Gaeltachtaí, mura gcuirtear fostaíocht ar fáil iontu agus mura gcuirtear na meáin nua cumarsáide ar fáil trí Ghaeilge. Sa tuarascáil seo atá os ár gcomhair, nílim ag dul ina gcoinne. Ach táim ag rá nach leor í, fiú amháin má táimid ag caint ar úsáid na Gaeilge anseo i dTithe an Oireachtais. Cinnte ba cheart na moltaí go léir a chur i gcrích, agus is cúis náire é don Rialtas agus don Dáil nach bhfuil dul chun cinn níos mó déanta orthu fós.

Ba mhaith liom tagairt go háirithe do chúpla moltaí, uimhir a haon, an moladh go mbeadh deis ag Comhaltaí ceisteanna Dála breise a chur isteach trí Ghaeilge. Aontaím le sin agus sílim go gcuideodh sé go mór le h-úsáid na Gaeilge sa Teach. An dara moladh a ba mhaith liom tagairt a dhéanamh dó ná an moladh go gcuirfí seomra agus téip taifeadáin ar fáil chun chur ar chumas na gComhaltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh, le téipeanna teagaisc ón leabharlann. Cosúil leis an Teachta Andrews nílim féin ón nGaeltacht, agus d'fhoghlaim mé mo chuig Gaeilge ar scoil, ach chaill mé í i rith na mblianta.

Bhí an t-ádh liom bheith i mbunscoil lán-Ghaelach, agus bhí an t-ádh liom arís go raibh múinteoir an-mhaith agam ar mheánscoil. Ina dhiaidh sin, in ainneoin gur fhreastal mé ar Ollscoil na Gaillimhe, chaill mé an Ghaeilge, mar nach raibh cleachtadh agam. Ar ndóigh níl an mhuinín chéanna agam cosúil lena lán Teachtaí eile labhairt anseo i nGaeilge seachas i mBéarla. Mar sin molaim go mór go gcuirfí an seomra agus an leabharlann bheag Gaeilge ar fáil ionnas go mbeidh seans ag na Teachtaí cleachtadh ar úsáid na Gaeilge, agus go mbeidh níos mó úsáid ar Ghaeilge sa Teach seo.

Níl ach cúpla pointe beaga a ba mhaith liom a dhéanamh. I dtús báire cuidím leis an méid a dúirt an Teachta Gilmore faoin gcoiste agus bhaill an choiste, mar is cuimhin liom thart faoi 1983 nó 1984, go raibh ceathrar againn, an Teachta McGinley anseo, na Teachtaí Frank Prendergast, Denis Gallagher agus mé féin. Bhí cruinnithe againn le Bord na Gaeilge, agus cruinnithe againn anseo sa Teach, díreach chun Comhchoiste na Gaeilge a bhunú san Oireachtas. Is sin an rud a bhíomar ag caint faoi ar feadh bliana, agus faoi dheireadh thiar thall d'aontaíodh go mbeadh Comhchoiste don Ghaeilge curtha ar bun don Oireachtas.

Nuair a bunaíodh é níor toghadh mise ar an gcomhchoiste. Ní raibh eínne de Pháirtí na nOibrithe ariamh ar an gcomhchoiste, agus is trua liom sin. Pé scéal é ní raibh a fhios agam go raibh an Teachta Andrews ina chathaoirleach ar an gcomhchoiste nua. B'fhéidir gur chóir go mbeadh a fhios agam, go dtáinig scéala sa phost chugam uair éigin, ach ní raibh agam an t-eolas sin, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis. Sílim go bhfuil sé i bhfad níos fearr go bhfuil Teachta mar an Teachta Andrews in a chathaoirleach ná, abair, an Teachta Donncha McGinley nó an Teachta Gallagher nó duine éigin eile ón nGaeltacht go mbeadh Gaeilge chomh líofa sin aige. Mar bheadh a fhios ag an Teachta Andrews na deacrachtaí atá ag na Comhaltaí eile sa Teach. Tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh leis an sprid atá aige anois. On méid a dúirt sé is furast a fheiscint go bhfuil sé ag cleachtadh na Gaeilge arís.

Is maith an rud freisin go raibh cruinniú aige aréir mar a deir sé chun ceann de na moltaí a chur i bhfeidhm sular thosaigh an díospóireacht seo. Tá sé molta leis na blianta anois seomra a chur ar fáil agus níl sé ann go foíll ach dhéanfadh sé a lán mhaitheasa dá mbeadh sé ar fáil. Mar a deir an Teachta Gilmore, cleachtadh an rud is mó atá in easnamh ar na Teachtaí — áit eígin gur féidir leo bualadh le Teachtaí eile agus labhairt leo as Gaeilge. Mura bhfuil sí ág labhairt cailltear í tapa go leor. Tá Raidio na Gaeltachta an-tábhachtach ar fad. Is féidir bheith ag éisteacht leis sa ghluaisteán nó san oíche agus cleachtadh a fháil; ach amháin sin ní bheadh aon teacht againn ar dhaoine ag labhairt Gaeilge. Bíonn daoine ag obair ó mhaidin go hoíche agus ní bhíonn aon seans acu dul in aít a mbeadh Gaeilge á labhairt. An cleachtadh an rud is mó a bhfuil gá leis.

Ar leathanach a h-aon den tuarascáil seo tá rud an-tábhachtach pleíte, is é sin ceist na poiblíochta agus deirtear anseo go bhfuil curtha in iúl go minic do Chomhaltaí an dá Theach gur beag poiblíochta a bhíonn le fáil as an Ghaeilge nuair a úsáidtear í san Teach anseo, agus go bhfuil seans níos fearr ann má labhraíonn siad as Beárla. Pléadh é sin sa chomhchoiste agus labhair siad le muintir an Phreas. Ag éirí as an gcruinniú ba léir nach raibh aon chlaonadh i gcoinne na Gaeilge sa tuairisceoireacht, ach gur cheist eagarthóireachta a bhí inti go príomha, agus dúirt siad go raibh beartaithe acu cruinniú eile a bheith acu le hionadaithe ó na meáin chumarsáide chun an cheist seo a phlé.

Níl a fhios agam ar tharla sé sin ach sílim go bhfuil sé an-tábhachtach, agus tá sé tábhachtach freisin, go mbeadh aistriuchán le fáil go tapa ag an preas, i dtreo, má tá poiblíocht ag teacht as go mbeadh an seans ceánna má labhraíonn Comhalta as Gaeilge agus má labhraíonn sé as Béarla.

Bhí an Teachta Gilmore ag caint faoi incentives. Caithfear incentive éigin a thabhairt do Theachtaí. Moladh ceann amhain agus sin go bhféadfaidh Teachtaí an tríú ceist a chur sa Teach seo dá mbeadh an tríú ceann as Gaeilge. B'fhéidir sa chrannchur a bhíonn ann do Thráth na gCeist, b'fhéidir go bhféadfaí crannchur faoi leith a eagrú do cheisteanna as Gaeilge i dtreo is go mbeadh ceann de na ceisteanna as Gaeilge ag teacht ag tús an chláir sna ceisteanna. Abair go mbeadh trí nó ceithre ceisteanna as Gaeilge, go mbeadh crannchur faoi leith dóibh siúd, go dtoghfaí ceist amháin agus go mbeadh sé sin curtha ag barr an chláir agus ansin go leanfaí leis an chrannchur do na cinn eile — rud éigin mar sin, a thabharfadh incentive do na Teachtaí ceisteanna a chur síos agus labhairt orthu.

Beidh an seomra seo an tábhachtach má chuirtear ar bun é, mar chomh maith le seans bheith ag Teachtaí cleachtadh a fháil bheith ag labhairt i nGaeilge, beidh na bunleabhair thagartha ann. Tá súil agam go mbeidh, pé scéal é. Tá na moltaí seo ann le ceithre bliana anois, agus bhí sé molta ansin, ní amháin go mbeadh na leabhair seo le fáil i seomra faoi leith ach go mbeadh foclóir Béarla-Gaeilge agus foclóir Gaeilge-Béarla le fáil ag gach oifig, agus leabhair eile atá le fáil freisin go mbeadh siad curtha mórthimpeall an Tí i dtreo is go mbeadh siad ann i gcomhair gach Comhalta. Tá súil agam go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm anois.

Is cúis áthais dom an deis a thapú chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an tairiscint thábhachtach atá os ár gcomhair anseo sa Dáil inniu. Is cinnte go bhfuil Comhaltaí ó gach taobh den Teach ag léiriú spéise sa díospóireacht agus ag glacadh páirte inti go fonnmhar. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaidh Teachtaí iarracht chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid sa díospóireacht agus tá súil agam nach mbeidh cúthail ar dhuine ar bith chun na críche sin.

Tá dhá thuarascáil a d'eisigh an Dara Comhchoiste don Ghaeilge faoi chaibidil againn inniú agus tá téama amháin lárnach don dá cheann, is é sin, tábhacht na Gaeilge sa pholaitíocht — lasmuigh agus laistigh de Thithe an Oireachtais. Tá sé mar aidhm náisiúnta le fada go leanfaí le hiarrachtaí chun an Ghaeilge a hathbheochan ach cad is fiú aidhm mar sin mura dtugann ionadaithe tofa an phobail an áit is dual di don teanga? Is gá a admháil — agus ar ndóigh tá an méid seo luaite ag an dá Chomhchoiste don Ghaeilge a d'eisigh tuarascálacha go dtí seo — nach bhfuil na páirtithe polaitíochta ná an Comhaltaí de Thithe an Oireachtais ag déanamh a ndóthain chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid. Ní gá dúinn bheith ró-imníoch, áfach, maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta go dtí seo: is féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh ach an toil agus an cur chuige ceart a bheith ann. Ar an mbonn sin, is ábhar mór misnigh domsa na moltaí phraiticiúla atá déanta sa dara tuarascáil ón gComhchoiste, agus treaslaím leis na comhaltaí as ucht a ndíograis agus a gcuid saothair chun an tsraith moltaí seo a chur le chéile.

Roinntear na moltaí sa tuarascáil go príomha idir cur chun cinn na Gaeilge laistigh den na páirtithe polaitíochta, agus laistigh de Thithe an Oireachtais, agus ba mhaith liom tagairt a dhéanamh ar dtús do cheist na dTithe féin. Ag féachaint don mhéid atáa sa tuarascáil, is cosúil go bhfuil go leor rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna Tithe. Is é an príomh-rud, is dócha, ná go gcaithfear dea-shampla a thabhairt i dtaobh na teanga. Níl sé sin ag tarlú faoi láthair chomh minic agus ba mhaith linn agus tá a lán daoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu a d'fhéadfaí níos mó a dhéanamh faoi seo. Is trua go mór gurb amhlaidh an scéal ach sin mar atá agus caithfimid iarracht a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.

Molann an comhchoiste go gcuirfeadh Airí sleachta suntasacha i nGaeilge in óráidí a bheidh le tabhairt sna Tithe feasta agus go ndéanfadh na hurlabhraithe ón bhFreasúra mar an gcéanna. Cé nár mhaith liom go mbeadh sleachta mar sin curtha isteach in óráidí ar mhaithe leis an méid sin amháin, sílim go bhfuil fiúntas leis an moladh. Ar ndóigh, ní fiú mórán é seo a dhéanamh má leantar as Béarla le haistriúchán den mhéid atá ráite i nGaeilge — ní chun leasa na Gaeilge a rachadh a leithéid de chur chuige ach a mhalairt ar fad. Agus an méid sin ráite, ní mór a lua go bhfuil iarrtha ag an Taoiseach ar na hAirí go léir gach is féidir leo a dhéanamh chun go mbeadh teacht ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar sheirbhisí trí Ghaeilge ó Ranna agus eagraíochtaí Stáit. Ní tharlóidh feabhas mór thar oíche, ar ndóigh, ach táim dóchasach go gcinnteoidh an beart seo go mbeidh Ranna agus eagrais Stáit níos fábhrúil don Ghaeilge feasta agus go dtiocfaidh feabhas ar an drochstaid atá ann le roinnt mhaith de bhlianta.

Is cúis áthais dom go bhfuil beartaithe ag an gCeann Comhairle réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do Chomhaltaí den dá Theach go luath amach anseo. Nuair a bhí an Teachta McGinley ag labhairt thug sé ardmholadh don Cheann Comhairle agus don Leas-Cheann Comhairle. Ba mhaith liomsa cur leis an moladh sin as ucht an chomhoibrithe atá faighte ag an gcoiste ón Cheann Comhairle, agus as ucht an dea-shampla atá á thabhairt ag an Cheann Comhairle. Tá ardmholadh tuillte aige.

Tuigim go gcuirfear seomra ar leith, taobh le Teach Laighean, ar fáil ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil pleananna á n-ullmhú faoi láthair chun é sin a hathchóiriú. De réir mar a thuigim, beidh an seomra réidh le h-úsáid tar éis na Cásca agus cuirfear na háiseanna seo a leanas ann: (a) téipeanna teagaisc agus cábáin lena n-úsáid; (b) cnuasach leabhar agus irisí Gaeilge; agus (c) ionad cruinnithe.

Táim cinnte de go bhfáilteoidh Comhaltaí na dTithe roimh na háiseanna seo agus tá súil agam go mbainfear úsáid leanúnach astu: mura mbainfear úsáid cheart as na háiseanna ní bheidh mórán maitheasa leo. Feictear dom go bhfuil an comhchoiste reatha dóchasach freisin go bhféadfar seirbhís rúnaíochta i nGaeilge a chur ar fáil do Chomhaltaí den dá Theach sa seomra sin amach anseo. Tá a fhios agam ó mo thaithí phearsanta go bhfuil gá le seirbhís dá leithéad agus bheinn deimhin de go mbainfear úsáid aisti nuair a bheidh sí ar fáil. Faoi mar a dúirt me, is céim mhór ar aghaidh í na seirbhísí seo a bheith curtha ar fáil agus tréaslaím leat, a Cheann Comhairle, as iad a sholáthar.

Tá go leor moltaí fiúntacha eile déanta sa tuarascáil seo faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais agus is breá liom go bhfuil a lán acu curtha i bhfeidhm cheana féin. Mar shampla, tá tugtha faoi deara agam le tamall anuas go bhfuil na teileafóin i dTeach Laighean á bhfreagairt i nGaeilge agus go bhfuil irisí Gaeilge ar fáil san seomra feithimh. Is mion rudaí iad seo, ar ndóigh, ach tá tábhacht leo ó thaobh íomhá na Gaeilge agus is maith ann iad. Creidim féin go bhfuil níos mó dea-thoil don Ghaeilge anois i dTithe an Oireachtais ná mar a bhí aon lá. Is bonn maith é sin chun tógáil air ach caithfimid uile iarracht phearsanta níos treise a dhéanamh feasta.

Baineann an dara tuarascáil fosta le ceist na Gaeilge laistigh de na páirtithe polaitíochta agus ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi mo pháirtí féin. Táim cinnte go gcloisfear ó Theachtaí eile ar an dearcadh atá ag a bpáirtithe siúd faoin nGaeilge. I dtosach báire, ní miste a rá go bhfuil sé mar cheann d'aidhmeanna lárnacha Fhianna Fáil an Ghaeilge a athbhunú mar ghnáthurlabhra sa tír seo. Bhí an aidhm bhunúsach seo leagtha síos i gCorú Fhianna Fáil ón tús agus tugadh athdhearbhú ina leith nuair a láinseáladh an Clár d'Athshlánú Náisiúnta roimh olltoghchán na bliana 1987. Mar aitheantas ar mhórthábhacht na Gaeilge, tá Coiste Gaeilge speisialta bunaithe ag Fianna Fáil, coiste a bhfuilim féin mar Chathaoirleach air i láthair na huaire. Bíonn cruinnithe rialta ag an gCoiste agus tá páipéirí ullmhaithe agus curtha os comhair Ard Chomhairle an Pháirtí ag an gcoiste. Rinneadh moltaí sna páipéirí seo, inter alia, maidir leis an Ghaeltacht, an Ghaeilge sa Chóras Oideachais, an Ghaeilge sna Meáin Chumarsáide, agus an Ghaeilge laistigh d'Fhianna Fáil. Tá na páipéirí seo uile pléite ag ard Chomhairle an Pháirtí agus tá siad anois mar chuid de pholasaí oifigiúil Fhianna Fáil i leith na Gaeilge.

Ag trácht ar na páirtithe polaitíochta is áthas liom a chlos ón Teachta Spring go bhfuil céimeanna dearfa á glacadh ag a pháirtí chun usáid na Gaeilge a chur chun cinn laistigh dá pháirtí. Luaigh sé féin gur mionrudaí a bhí i gceist ach mar a deirtear sa Bhéarla —"from little acorns great trees grow." Táim breá sásta go bhfuil an-suim ag páirtithe an Tí seo agus ag na Teachtaí neamhspleácha sa Ghaeilge agus is rud an-tábhachtach é sin. Ní mór do Cheannairí na bPáirtithe an sampla a thabhairt.

Ní leor, ar ndóigh, plé a dhéanamh maidir le polasaí amháin — tá gá freisin leis an gníomh praiticiúil. Tá iarracht ar leith á déanamh againn ina thaobh sin de le cúpla bliain anuas. Sampla amháin de seo ná an socrú atá déanta go mbíonn alt suntasach amháin ar a laghad as Gaeilge i ngach eagrán de nuachtlitir Fhianna Fáil. Sampla praiticiúil eile ná an t-sraith de Chártaí Gaeilge a láinseáladh ag Ard-Fheis anuraidh. Tá leibhéal 1 de na cártaí curtha ar fáil mar áis d'oifigigh cumann le cabhrú leo níos mó Gaeilge a úsáid le linn a gcuid cruinnithe. Tá cártaí ar leith ann don Chathaoirleach, d'oifigigh eile agus do ghnáth-bhaill an chumainn a thugann liostaí de nathanna cainte gur féidir a úsáid le linn cruinnithe. Beidh leibhéal 2 de na cártaí á láinseáil ag Ard Fheis an pháirití i mí Aibreáin seo chugainn. Beidh cnuasaigh eile ag leibhéil níos airde á gcur ar fáil go rialta amach anseo.

Tá iarrtha ag Ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta, Cathal Ó hEochaidh go ndéanfaí iarracht speisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn in imeachtaí an pháirtí. Is breá liomsa, mar Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge Fhianna Fáil, go bhfuil moltaí phraiticiúla á gcur i bhfeidhm mar thoradh ar an iarratas sin ón dTaoiseach. Is í an aidhm atá leis an mbeartas seo ná cuidiú le baill an pháirtí cur de réir a chéile le méid agus caighdeán na Gaeilge a bheidh á úsáid acu. Tá mé cinnte go rachaidh na hiarrachtaí seo chun leas na Gaeilge agus mholfainn do na páirtithe eile go leir aithris a dhéanamh orthu.

Caithfidh mé a rá gur chuir mé anspéis sa tríú tuarascáil a d'eisigh an Dara Comhchoiste maidir le suirbhé i measc na gComhaltaí den dá Theach. Is tuarascáil neamh-ghnáthach an tuarascáil sin agus is maith ann í. Chuir na comhaltaí rompu eolas bunúsach a chabhródh leo ina gcuid oibre a bhailiú agus táim cinnte de gur éirigh thar barr leo. An t-aon easnamh a bhain leis an tuarascáil náa laghad Comhaltaí — níos lú na leath de chomhaltaí an Tí seo agus 43 faoin gcéad de Chomhaltaí an tSeanaid — a sheol freagra ar ais chuig an gcomhchoiste ar an gceistneoir. Luann an comhchoiste gur cúis mhí-shástachta dóibh na figiúirí sin agus tuigim a gcás ach, dá ainneoin sin, tá fiúntas, dar liom, leis na torthaí a baineadh amach.

Ceapaim féin nár chóir go mbeadh faitíos ar éinne úsáid a bhaint as an nGaeilge atá acu. Is fearr Gaeilge bhriste a úsáid ná gan í a úsáid ar chor ar bith. Cé nach bhfuil an comhchoiste freagarthach as gach uile Comhalta den Teach seo agus den Teach eile, táim cinnte go bhfuil Gaeilge ag gach aon Chomhalta den dá Theach. Ba chóir dóibh úsáid a bhaint as an nGaeilge ar gach deis a fhaigheann siad, ní hamháin laistigh de Thithe an Oireachtais ach lasmuigh freisin. Tá an síol ann toise go bhfoghlaimíonn gach duine Gaeilge sa scoil náisiúnta agus is dóigh liom féin nach bhfuil le déanamh ach é sin a chothú. Tá an-chuid daoine nár rugadh sa Ghaeltacht, ach a bhfuair a gcuid Gaeilge líofa ar scoil. Dob fhéidir le daoine eile é sin a dhéanamh chomh maith.

Maidir le cumas sa teanga, is léir go bhféadfaí an scéal a fheabhsú — go háirithe ó thaobh labhairt na Gaeilge de — ach, faoi mar a deir an comhchoiste, tá líon suntasach Comhalta sa dá Theach le cumas maith labhartha agus is féidir tógáil air sin amach anseo. Níl aon amhras ach go gcabhróidh na háiseanna atá á gcur ar fáil sa seomra speisialta don Ghaeilge go mór chun an líon cainteoirí Gaeilge a mhéadú. Rud eile atá suimiúil ná an líon Comhaltaí a bhfuil ard-chaighdeán acu i léamh na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfuil go leor Comhaltaí le stóras maith focal agus nach bhfuil uathu ach cleachtadh chun a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú.

Feictear dom gur bhain toradh níos fearr leis an Seanad ná leis an Teach seo chomh fada agus a bhaineann sé le húsáid na Gaeilge i ngnó na dTithe. Is trua go mór nach mbaineann ach 43 faoin gcéad dóibh siúd sa Dáil a chuir freagraí ar fáil úsáid as an nGaeilge riamh. Ní haon chomhartha dóchais an méid sin agus is gá na cúiseanna a bhaineann leis sin a scrúdú. D'fhéadfadh an comhchoiste reatha an cheist sin a iniúchadh, b'fhéidir, agus na torthaí a fhoilsiú.

Rud amháin atá aisteach faoin toradh ar an gceist seo ná an méid úsáide a baintear as an nGaeilge sa Seanad in ainneoin nach bhfuil córas aistriúcháin sa Teach sin. Fáiltím go fonnmhar, áfach, roimh an gcinneadh córas dá leithéid a lonnú sa Seanad go luath amach anseo. Tá a fhios agam go raibh an Comhchoiste don Ghaeilge atá ann faoi láthair — agus na cinn a d'imigh roimhe — ag brú na ceiste seo ar aghaidh agus go raibh Seanadóirí aonaracha ag gníomhú amhlaidh freisin. Is maith an rud é toradh fiúntach a fheiceáil i ndiaidh na n-iarrachtaí sin ar fad.

Is ábhar sásaimh dom an líon mór Chomhaltaí sa dá Theach a cheap gurbh fhiú níos mó Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre agus an líon díobh a léirigh fonn chun tuilleadh di a úsáid feasta. Dá ainneoin sin, caithfear a choimeád i gcuimhne go ndearnadh an staidéar atá faoi chaibidil againn beagnach dhá bhliain ó shin. An féidir linn a thabhairt faoi deara go bhfuil níos mó Gaeilge in úsáid ag Comhaltaí den dá Theach anois ná mar a bhí ansin?

Ní léir domsa go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar an scéal áirithe sin agus is trua liom go mór é sin. Mar sin, cé go léiríonn Comhaltaí dea-thoil don teanga, caithfimid bheith lán-soiléir nach leor an méid sin: caithfear gach deis a thapú chun an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an nGaeilge. Go dtí go mbeidh sé sin ag tarlú go rialta, níor cheart dúinn bheith sásta.

Tá daoine eile a bhfuil baint acu le Tithe an Oireachtais a d'fhéadfadh antionchar a bheith acu ar an gceist seo, i mo thuairim — táim ag tagairt dár gcáirde sna meáin chumarsáide. Táid ann sa dá Theach a cheapann nach dtugtar aon suntas sna meáin chumarsáide d'ábhar a ndeirtear as Gaeilge. Ní thagaim féin leis an tuairim sin. Má deireann tú rud éigin fiúntach, in-nuachta i dTithe an Oireachtais, tá mé cinnte de go ndéanfar tagairt dó sna meáin chumarsáide — cuma cén teanga a úsáideann tú. Ach tá an mothú ann ag roinnt Comhaltaí nach ndéanfar, mar a luaigh mé thuas, agus b'fhéidir go bhféadfadh na hiriseoirí cabhrú leis an mothú sin a athrú trí rian den "positive discrimination", mar a deirtear, a thabhairt dóibh siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar mheán i gceachtar den dá Theach — faoi réir, ar ndóigh, go bhfuil ráiteas fiúntach, in-nuachta á thabhairt acu.

Mar fhocal scoir, caithfidh mé ceist a chur. An ceart dúinn mar Chomhaltaí den Oireachtas bheith ag iarraidh ar dhaoine eile an Ghaeilge a labhairt mura bhfuil muid féin sásta an dea-shampla sin a thabhairt?

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo mar tá spéis agam sa Ghaeilge, agus sin é an fáth gur ball den Chomhchoiste don Gaeilge mé. Mura léiríonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí spéis sa teanga, ní bheimid ábalta í a thabhairt ar ais sa tír seo.

Like many people in the past, I emigrated. It is only when one returns that one has a sense of pride in one's language. I see us as having to set an example in this House. If we are truly to be committed to the revival of the Irish language, it is incumbent on Deputies and Senators to use as much Irish as possible. I would further extend that to local authorities. We should give as much encouragement as possible to all local authorities who embrace other public representatives if we are to stimulate interest in the Irish language.

In my home town of Newcastle West there is a very active branch of Conradh na Gaeilge who participate in Glór na nGael competitions. This is a kind of stimulus which should be used on a national basis. Many ornate shop fronts in small towns have been replaced by neon plastic signs. There has been an improvement in my local area where these modern signs have been removed and replaced by signs in the Irish language which are more artistic and more fitting. This may appear to be a small measure but to the local community it is tangible proof that something is happening in the area of the Irish language. All these things help to foster and stimulate the language.

Is Gaeilgeoir é, Alan Dukes, ceannaire Fhine Gael, a thugann dea-shampla i gcónaí do na Teachtaí eile i bPáirtí Fhine Gael, maidir leis an Ghaeilge. It is important when one's Leader speaks Irish to follow the example. The Minister of State referred to that in relation to his party. It is by example that we can help to improve the language.

We are very fortunate in the comhcoiste to have a chairman who is bilingual. It is easier for people like me to identify and reassess their skill in relation to the language when listening to somebody like Deputy David Andrews. My Irish has improved and this was one of my objectives when I joined this committee. It is important in committees of that nature to try to embrace people who might not have great skill in the Irish language. In many cases these people have to be the ambassadors and spear carriers in spreading the message in their local communities and stimulating the language. I welcome the initiative shown by that committee who have achieved quite a lot within a short period. I hope on another occasion when I address this House that my entire speech will be in the Irish language. I look forward to that day. It will be proof that I at least will have advanced to some degree in proficiency in the language. I hope to extend the commitment within my own community.

Feicimid ón suirbhé seo nach gcuireann ach 10 faoin gcéad de Theachtaí Dála ceisteanna sa Dáil as Gaeilge cé go bhfuil léamh na Gaeilge ag seachtó trí faoin gcéad agus scríobh na Gaeilge ag seasca hocht faoin gcéad de Theachtaí. Is léir nach mbíonn fonn ar go leor Teachtaí le Gaeilge dul i muinín na n-áiseanna atá ar fáil chun leas úsáid na Gaeilge.

Arbh fhéidir le Comhchoiste na Gaeilge aistritheoir a chur ar fail i nGailearaí an Phreas chun óráidí as Gaeilge a mhíniú do lucht an phreas atá ar bheagán Gaeilge b'fhéidir.

Is maith liom an deis seo a bheith agam le baill an choiste a mholadh ar son a bhfuil déanta acu agus an tuarascáil seo á cur os ár gcomhair. Chuige sin, bíonn ionadh ormsa gach lá nuair a léim sna páipéir agus nuair a bhím ag éisteacht le daoine a bhíonn an-suaite faoi rudaí sa tír seo a bhaineann le stair na tíre, a bhaineann leis an ré atá caite, agus go mbíonn siad ag iarraidh seaneaglais nó cnoc nó áras nó rud eigin a choimeád beo. Ag an am céanna ní chuireann siad suim sa rud is luachmhaire atá againn; and rud a théann níos sia siar na rud ar bith eile atá againn i stair na tíre. Is í sin an teanga. Mar dhuine a d'fhoghlaim mo chuid Gaeilge ar scoil anseo i lár na cathrach, tuigim na deacrachtaí atá ann. Is eol dom go bhfuil deacrachtaí maidir le múineadh na Gaeilge ar scoil agus tuigim nach bhfuil locht ar aon duine nó ar aon dream faoi leith mar gur cuireadh an tualach seo orthu, an teanga a athbheochan laistigh d'achar áirithe ama. Ní raibh siad ábalta é sin a dhéanamh, ar ndóigh agus is é a tharla ná gur múineadh an Ghaeilge, ní mar teanga labhartha ach amhail is dá mbeifí ag múineadh na Gréigise nó na Laidine. Bhíomar go léir plódaithe leis an ngramadach agus sinn ar scoil. Níor thuigeamar gur teanga bheo í an Ghaeilge.

Ina theannta sin, measaim gur dearnadh ceangal idir an teanga agus slí bheatha a bhí imithe chun seoil. Dhealraigh sé dúinne i lár na cathrach nach raibh cead agat Gaeilge a labhairt muna raibh sé ar do chumas móin a bhaint, prátaí a chur agus muna raidh tú oilte i gcúrsaí feirmeoireachta agus na farraige. Ní miste a rá gur glacadh leis gur saol na mbocht a bhí i gceist agus cén fáth, mar sin, a bheadh suim ag garsún i lár na cathrach i dteanga nár thuig sé, i dteanga ar cheap sé dá dteastódh uaidh í a labhairt go gcaithfeadh sé dul le feirmeoireacht, go gcaithfeadh sé dul leis na rudaí ar fad a bhí sna ceachtanna agus é ag dul ar scoil. Ní bhfuair mise ceacht riamh agus mé ar scoil ar na rudaí a bhain le mo shaol féin. Níor chuala mé múinteoir ag cur síos ariamh ar an saol a bhí agamsa ar scoil. Dá bhrí sin, dealraítear domsa go bhfuil saghas easpa misnigh agus éadochas ar roinnt mhaith daoine chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge. Is é mo thuairim, áfach, gurb é lagmhisneach i leith na Gaeilge an peaca is mó a bheadh ar chumas an domhain seo.

Ní cóir dúinn a cheapadh, óir nár chuireamar chuige i gceart maidir le modhanna múinte agus modhanna labhartha, gur ar an teanga atá an locht. Ar an ábhar sin, aontaím go hiomlán leis na Teachtaí a deireann nach bhfuil rud ar bith atá níos eiféachtaí ná an dea-shampla. Déanaim féin iarracht ar mhéidín beag Gaeilge a labhairt chuile lá. Ní dhéanaim, ach oiread, a bheag d'éinne nach bhfuil neart Gaeilge aige. Cuireann a leithéid lagmhisneach ar dhaoine. Is cuimhin liom dul chuig an Oireachtas agus chuig a leithéid d'áiteanna nuair a bhí mé óg. Bhíodh daoine — éilitists — ag caitheamh anuas orm mar nach raibh an blas ceart agam. Shílfeá uathu go mba thábhachtaí ar fad an blas ná na focail. Cuireann sé sin isteach ar dhaoine. Ní thuigfeá an focal than an mblas ó na daoine céanna.

Má táimid chun an Ghaeilge, agus suim na ndaoine sa Ghaeilge, a athmhúscailt, caithfear iarraidh ar gach éinne sa tír í a labhairt. Tá uimhir mhór daoine sa tír a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Glacaim leis nach dtabharfaidh mise morán misnigh d'éinne ach is maith an rud é an dea-shampla. Molaim don choiste dul i gcomhar le daoine sa tír seo atá iomráiteach i saol na ndaoine chomh fada is a bhaineann sé leis an gcaint. Fágaimíd scéal na fealsúnachta agus mar sin de ar leataobh. "Ceithre Máistrí" an lae inniu a bheadh i gceist agam: daoine ar nós Gay Byrne, Stephen Roche, a chruthaigh gurbh fhéidir leis teanga iasachta a fhoghlaim, Pat Kenny agus an tAthair Mícheál Ó Cléirigh. Dob fhéidir a iarraidh ar na Ceithre Maistrí sin, agus é a dhéanamh go deas réidh, pé Gaeilge a bheadh acu a úsáid. Is cuimhin liom oíche amháin a chaitheamh i gcomhluadar Gay Byrne agus tá roinnt mhaith Gaeilge aige. Tá suim aige ann, leis, agus arís, dála mo chás féin, ní thuigtear dó go bhfuil cead aige mar Bhleá Cliathach í a labhairt. B'amhlaidh a bhí.

Thug mé le fios do Ghaeilgeoir cháiliúil le deánaí, gurb é an rud is mó a chuir bac ar labhairt na Gaeilge i measc cathróirí, agus tá formhór na ndaoine ina gcónaí i gcathracha, ná an tuairim nach dtabharfadh na daoine a raibh líofacht Gaeilge acu saghas "L-plates" d'fhoghlaimeoirí na teanga. Sin í an tuiscint a bhí ann cé gur mhíthuiscint í. Níl aon ghá le breis Gaeilge a fhoghlaim, ach an Ghaeilge atá ar fud an tíre a usáid, dá bhfeádfaí daoine a mhealladh chun Gaeilge shimplí a úsáid i dtús báire; tá seanfhocal sa Ghaeilge a deir gur ansin atá saibhreas ár sinsir, agus go mbíonn gach tosú lag. Shílfeá nár ghlac muintir na Gaeilge leis an ráiteas sin, idir mhúinteoirí agus ollúna. Cuireadh an iomad béime i gcónaí ar chúrsaí gramadaí. "An é sin an fhoirm cheart den Tuiseal Ginideach? An é sin an Modh Foshuiteach, an Modh Coinníollach?" Do chuireadar múisc ar na daoine, leis an mbéim sin.

Tá neart Gaeilge labhartha ag `chuile Chomhalta anseo. Tugaimse faoi ndeara nuair a bhím thar lear le mo chairde anseo, go mbíonn fonn orthu pé beagán Fraincíse agus Gearmáinise a bhíonn acu a úsáid. Tuigtear dóibh nach mbeidh éinne ag gáire futhu agus teastaíonn uathu í a úsáid. Tá an oiread sin lagmhisnigh ar dhaoine anseo.

Tá a fhios agam go maith go dtuigeann muintir na tíre tábhacht na teanga. Tuigimse tábhacht an Bhéarla agus tá mé sásta a admháil nach mbeadh, b'fhéidir, an clú agus an cháil atá ar an tír seo ar chor ar bith, b'fhéidir, mura mbeadh an Béarla againn. Mura mbeadh ann riamh ach an Ghaeilge — suimiúil an smaoineamh é — an mbeadh an Empire atá againn ar tud an domhain? Níl mise ag caitheamh anuas ar an mBéarla, tuigim go gcaithfimid í a úsáid, gur ar mhaitheas na tí seo é a úsáid, ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an oiread céanna maitheasa in úsáid na Gaeilge.

Luadh níos luaithe faoi chúrsaí turasóireachta. Cuireann sé an-ghliondar ar thurasóirí bheith ag éisteacht leis an Ghaeilge, cuireann sé gliondar orthu nuair a thuigeann siad fealsúnacht na teanga, agus arís, chomh fada agus a bhaineann liom féin, an saibhreas is mó atá againn maidir leis an teanga ná gur ansin atá ciall cheannaithe na mílte duine a chuaigh romhainn. Agus ní athraíonn gach a bhfuil timpeall orthu, ní athraíonn na mothucháin agus rudaí a bhaineann leis an ngnáthdhuine. Tá siad sin chomh húr inniu agus a bhíodar na mílte bliain ó shin. Is sa Ghaeilge, is é sin teanga mo mhuintire, atá an chiall cheannaithe sin, agus sin an fáth go dteastaíonn uaimse go mbeadh an saibhreas sin ar fáil do na daoine a thiocfas i mo dhiaidh.

Moladh amháin a dhéanaimse don choiste anseo, gan an iomad béime a chur ar chúrsaí foirmeálta, ach, mar chéadchéim, a iarraidh ar chuile dhuine anseo an Ghaeilge a labhairt. Freisin, mo chara thall ansin, an Teachta Doyle a bhfull a fhios agam an Ghaeilge a bheith aige, cé go gceapann sé nach bhfuil sé maith go leor í a labhairt. Ach chuile dhuine anseo, na daoine atá ag obair timpeall an Tí, tá Gaeilge acu, agus ba cheart dúinn tús a chur leis sin, Gaeilge shimplí a úsáid agus muid ag cur síos orainn féin, ar an lá, rudaí beaga mar sin. Is as seo a thiocfaidh an misneach labhairt anseo uair éigin nuair a bheas níos mó ama nó leathlá á chaitheamh againn ag cur síos ar thábhacht agus ar dhul chun cinn ár dteanga féin.

I dtús báire, sílim gur dul chun cinn é, muid bheith inniu ag plé le tuarascáil an chomhchoiste. Ní mórán is fiú comhchoiste mura dtagann toradh uaidh, agus mura mbaintear úsáid as an toradh sin. Ba mhaith liom labhairt ar feadh cúpla bomaite ar thorthaí an Chomhchoiste seo, agus go mórmhór ar an dá thuarascáil atá déanta aige, an dara agus an tríú tuarascáil. Os rud é gurb í an Ghaeilge ár dteanga dhúchais agus go bhfuil glactha léi mar phríomhtheanga na tíre, tá sé de dhualgas orainn a thaispeáint do mhuintir na hEireann go bhfuil muid dáiríre.

Conas a thig linn a bheith ag súil le hathbheochan na teanga nuair nach gcluintear í ach go hannamh sa Teach seo? Faoi láthair, mar a dúirt an Leas-Cheann Comhairle, tá ualach na hoibre seo ar mhúinteoirí agus ar mhiic léinn, iad seo atá ag obair faoin Roinn Oideachais. Nuair a fhágann na mic léinn seo an córas oideachais, is minic gur sin deireadh lena gcuid Gaeilge. Le rófhada a d'fhág muid athbheochan na teanga ina muinín sin agus ní leor é sin. Má táimid ag glacadh leis an Bhunreacht, agus má táimid dáiríre, caithfimid cinnireacht a thaispeáint do phobal na tíre i gcoitinne. Caithfimid úsáid a bhaint aisti, mar a mholann an comhchoiste, le linn cheisteanna Dála, agus in óráidí, agus ní leor díreach cúpla focal cosúil le "a Chathaoirligh" agus "go raibh míle maith agaibh". Caithfimid úsáid a bhaint aisti nuair a bhíonn muid ag plé ceisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ní leor é nuair a bhímid ag plé na Gaeltachta nó nithe a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge.

Cén fáth nach ndéanaimid go léir é sin? De réir an dara tuarascáil is iad leisciúlacht, easpa poiblíochta, easpa suime agus easpa cumais na cúiseanna. Cé gur deacrachtaí iad seo, ní fadhbanna gan réiteach iad. Moltar sa dara tuarascáil go gcuirfear seomra ar fáil agus foireann lánaimseartha le cuidiú leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí a gcuid óráidí agus a gcuid ceisteanna a ullmhú. Seomra ina mbeadh leabharlann, foclóirí Gaeilge; seomra ina mbeadh cúrsaí Gaeilge ar théipeanna, agus ranganna chun cuidiú leis na Teachtaí agus na Seanadóirí anseo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Táimid cinnte anois, mar a dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, go mbeidh an seomra sin ar fáil go luath agus go mbeimid ag súil leis na rudaí eile atá de dhíth orainn sa chomhchoiste, go mbeidh siad againn go luath fosta. I dtaca le heaspa poiblíochta, aontaimid uilig go bhfuil an phoiblíocht tábhachtach. Deir an tuarascáil gurb é an fáth nach dtugtar poiblíocht dúinn nuair a úsáidtear Gaeilge anseo ná, de ghnáth is ar nithe Ghaeltachta a bhímid go léir ag plé, agus ni bhíonn na nithe tábhachtach go leor le go bhfaighimís poiblíocht náisiúnta.

Iarrann an tuarascáil go mbainfidh na Teachtaí, go mórmhór na hAirí sa Teach seo, úsáid as an Ghaeilge nuair a bhíonn nithe tábhachtacha, nithe náisiúnta nó nithe idirináisiúnta á bplé acu, ní amháin sa Dáil ach taobh amuigh de freisin. Mar sin de, bheimis cinnte go bhfaighimis poiblíocht, agus san am céanna bheimis ag tabhairt dea-shampla do phobal na tíre. Tuigimid go léir go mbíonn sé deacair ar Theachtaí a bpointí a chur trasna chomh héifeachtach agus chomh cinnte agus ar mhian leo trí mheán na Gaeilge. Ach duine ar bith go mbíonn eagla nó imní mar sin air na rudaí sin a dhéanamh, ar a laghad ba chóir dó nó di an Ghaeilge a úsáid mar theanga shóisialta le linn caidrimh nó comhrá le daoine eile sa Teach seo, leis na hoifigigh, leis na daoine atá ag obair anseo, ar ndóigh le duine ar bith a measann siad atá ábalta cúpla focal nó beagán Gaeilge a labhairt gach lá sa Teach.

Le cois na moltaí a luaigh mé go dtí seo, is iad a leanas cuid de na moltaí atá sa tuarascáil. Uimhir a haon, go gcuirfidh ceannairí na bpáirtithe éagsúla feabhas ar a gcuid Gaeilge agus go mbeadh siad ábalta labhairt go cumasach, mura bhfuil siad cheana. Buíochas le Dia go bhfuilimid ag plé thorthaí na tuarascála atá curtha i gcrích ag Comhchoiste na Gaeilge go dtí seo. Ní mórán is fiú an dul chun cinn seo, agus an obair seo go léir, mura gcuirfear na moltaí i bhfeidhm. Leanfaidh an comhchoiste ar aghaidh lena gcuid oibre, ach ní fiú dada é sin mura bhfuilimidne sásta lán-tacaíocht a thabhairt dóibh, agus a thaispeáint dóibhsan agus don tír i gcoitinne go bhfuilimid dáiríre faoin Ghaeilge.

Níl dóigh is fearr le sin a dhéanamh ná glacadh leis na moltaí a luaigh mé, agus ár ndícheall a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm, chomh maith agus is féidir linn. Cé go raibh mise ar an dara chomchoiste agus arís ar an tríú comhchoiste, rinneamar sárobair sa dara chomchoiste, ach d'ainneoin nach bhfuil an tríú chomhchoiste ann ach cúpla mí, caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-bhuíoch den chathaoirleach, an Teachta Andrews, mar gheall ar an tsárobair a rinne sé, mar gheall ar bheith ábalta díospóireacht a bheith againn. Sa Teach so, tá go leor Gaeilge ag an chuid is mó de na ceannairí agus is dea-shampla mór é do gach duine ina bpáirtithe féin.

Seo na moltaí eile — uimhir a dó: go ndéanfadh Cathaoirleach an tSeanaid agus Ceann Comhairle na Dála mar an gcéanna. Tá Gaeilge líofa ag an Cheann Comhairle agus ag an Leas-Cheann Comhairle agus agat féin, sílim, a Chathaoirligh, fosta. Uimhir a trí, go gcuirfidh gach Teachta ceist amháin Gaeilge, sa tseachtain; uimhir a ceathair, go mbainfear úsáid as an Ghaeilge le linn díospóireachta ar Riar na hOibre; uimhir a cúig, go ndéanfar Díospóireacht ar an Athló trí Ghaeilge ar a laghad trí huaire sa téarma; uimhir a sé, go mbeidh roinnt Gaeilge in achan tuairisc do choiste an Oireachtais; uimhir a seacht, rud atá éasca a dhéanamh, go gcuirfear cumann Gaelach ar bun sa Dáil, sa dóigh is go mbeidh gach duine ábalta cúpla focal a rá sa Dáil, mar chomhrá nó rud éigin mar sin — sé sin, Gaeilge shóisialta.

Mar a dúirt mé i dtosach báire, is dul chun cinn é seo sa Dáil inniu díospoireacht faoin tuarascáil a bheith againn, ach go mórmhór ní mór na seirbhísí a thabhairt dúinn. Bhí mé ag caint faoin seomra Gaeilge bheith againn, agus tá súil agam go mbeidh níos mó againn, agus go mbeidh tacaíocht, ní amháin sa chomhcloiste, ach taobh amuigh de do na rudaí atáimid ag déanamh sa chomhchoiste. Le cúnamh Dé, beidh níos mó daoine sa Teach, ní amháin sa Dáil, ach sa Seanad fosta, agus níos mó Gaeilge á húsáid sna díospóireachtaí mar cheisteanna Dála agus rudaí mar sin. Mar fhocal scoir, caithfidh mé a rá go bhfuil mé sásta go bhfuil na meáin chumarsáide ag éisteacht linn, go bhfuil siad anseo agus tá súil agam go mbeidh níos mó spéise acu sna rudaí atá déanta ag an chomhchoiste agus sa Dáil, cé go mbeimid ag tnúth le níos mó Gaeilge á húsáid ag an hAirí agus ag achan duine anseo i gcúrsaí eile sa Teach.

I dtús báire, ba mhaith liom, chomh maith leis an Comhaltaí eile, comhghairdeas a dhéanamh leis an chathaoirleach, an Teachta Andrews, as ucht an dul chun cinn atá déanta aige i mbliana. Go háirithe mar a chualamar cheana, tá seomra na Gaeilge le cur ar fáil anois; saghas seomra caidrimh atá i gceist go ginearálta, agus beidh téipeanna teagaisc ann chomh maith. Tá seans ann, is docha, go mbeidh seirbhís rúnaíochta ann i gcóir na dTeachtaí agus na Seanadóirí a bheidh ag iarraidh seirbhíse den saghas sin. Tá tuairisc ann maidir le córas aistriúcháin sa Seanad. Tá dul chun cinn an-mhór déanta ansin freisin, agus tá an dealramh ar an scéal go mbeidh córas bunaithe i ndiaidh an tsamhraidh.

An tríú rud ná go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl inniu, agus is é mo thuairim féin go bhfuil sár job déanta ag an cathaoirleach agus ag na cathaoirligh a bhí ann roimhe. Seo é an chéad uair domsa bheith ar an gcomhchoiste, agus tá mé iontach sásta leis an méid oibre atá déanta ag Daithí Mac Aindriú mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste. Ba mhaith liom i dtús báire díriú ar na téarmaí tagartha atá acu. Tá dhá cheann ann, an chéad cheann ná úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach. Is é tuairim an chomhchoiste go bhfuil gá le dea-shampla agus caithfidh a leithéid teacht ó Chomhaltaí an Oireachtais i dtosach báire, agus dul chun cinn fiúntach a dhéanamh laistigh de Thithe an Oireachtas, ansin díriú ar an gceist níos leithne faoin Ghaeilge i gcoitinne.

Ní aontaím go hiomlán leis an tuairim sin agus leis an tuairim a bhí ag an dara comhchoiste. Measaim go bhfuil orainn anois níos mó béime a chur ar an Ghaeilge a gcoitinne agus go háirithe lasmuigh den Teach. Is féidir linn bheith ag déileáil leis an scéal i gcónaí maidir le Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála. Is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh ceart go leor, ach cén fáth nach féidir linn dul chun cinn a dhéanamh lasmuigh den Teach ag an am céanna? Ba chóir dúinn ach go háirithe mórcheisteanna cosúil le gluaiseacht na gaelscoileanna a phlé. agus an saol sna Gaeltachtaí chomh maith. Caithfimid an-chuid tacaíochta a thabhairt do dhreamanna éagsúla atá amuigh ansin ag déanamh a ndíchill chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a leathadh.

Tá fás agus forbairt iontach le feiceáil ar na gaelscoileanna le déanaí. I gcathair Chorcaí amháin tá suas le trí scoileanna déag anois. Ach, leis an fhás agus an fhorbairt sin tá deacrachtaí ann chomh maith, an-chuid deacrachtaí. Bímse buartha i gcónaí anois faoi na deacrachtaí éagsúla a bhaineann le gaelscoileanna i gcathair Chorcaí amháin. Measaim go bhfuil sé in am don chomhchoiste díriú ar an gceist seo. Tá deacrachtaí a bhaineann le huimhreacha daltaí, mar níl mórán foirgneamh curtha ar fáil anois, mar shampla, do an-chuid de na gaelscoileanna. Beidh deacrachtaí sa todhchaí, an saghas gaoil idir na gaelscoileanna agus na gnáthscoileanna, an tslí inar féidir iad a thógáil le chéile agus iad ag dul ar aghaidh le chéile.

De réir mar a thiteann na huimhreacha sna bunscoileanna, tá dainséar ann go mbeidh coimhlint de shaghas éigin idir na gnáthscoileanna agus na gaelscoileanna. Caithfimid mar chomhchoiste díriú ar an gceist sin, mar is é mo thuairim gurb é gluaiseacht na ngaelscoileanna an ghluaiseacht is tábhachtaí ó thaobh athbeochan na teanga sa todhchaí. Caithfimid cruinnithe a eagrú leis an Aire Oideachais agus b'fhéidir le hAire na Gaeltachta chun an cheist seo a phlé níos deimhnithí agus chun polasaí iomlán a chur i gcrích.

Tá daoine áirithe ag caint faoi theilifís na Gaeilge nó teilifís na Gaeltachta. Teastaíonn uainn teilifís na Gaeilge, ní amháin teilifís na Gaeltachta, mar tá tuairim áirithe ann go mba chóir dúinn teilifís Ghaeilge a chur ar fáil, teilifís atá bunaithe sa Ghaeltacht amháin. Dá ndéanfaimis é sin, tá dainséar ann gur teilifís áitiúil a bheadh ann, bunaithe sa Ghaeltacht. Measaim go bhfuil uainn teilifís náisiúnta trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na tíre. Tá mé an-láidir ar an gceist seo, mar, má leanaimid ar aghaidh ag iarraidh teilifís a chur ar fáil sa Ghaeltacht amháin, nach mbeadh éileamh ar an teilifís sin ar fud na tíre ar fad? Is ceist í a chaithfear a phlé níos domhaine arís sa chomhchoiste agus moltaí a chur chuig an Aire atá i gceannas na ceiste sin.

Tá an saol atá sna Gaeltachtaí i gceist freisin. Arís tá sé tábhachtach na Gaeltachtaí a choimeád beo agus an Ghaeilge a choimeád beo sna Gaeltachtaí, chomh maith le forbairt tionschlaíochta, eacnamaíochta agus turasóireachta. I gcónaí bíonn coimhlint idir forbairt eacnamaíochta agus forbairt turasóireachta agus an Ghaeilge, agus caithfimid déileáil leis an gceist sin i gcónaí.

Tá sé feicthe agamsa anois go bhfuil an-chuid dreamanna nua ag teacht ar an bhfód agus tá smaointe nua acu chun an Ghaeilge a athbheochan agus a fhorbairt. I gCorcaigh amháin, mar shampla, tá gluaiseacht nua ann — Gaeltaca an t-ainm atá air. Mar léiriú ar an saghas oibre atá á déanamh acu, tá busanna lánGhaelacha curtha ar fáil i gCathair Chorcaí. Is é an rud a dheineadar ná tabhairt ar chomhlachtaí ar nós Suttons, Tae de Barra agus Banc na hÉireann a gcuid fógraíochta ar na busanna a chur i nGaeilge. Anois tá busanna lán-Ghaelacha ag dul timpeall na cathrach. Is fógraíocht an-mhaith é i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh na gcomhlachtaí seo.

Tá Gaeltaca ag déanamh an-chuid oibre maidir le forbairt na Gaeilge i gCorcaigh. Tá smaointe nua acu agus tá spiorad nua ann. Caithfimidne mar chomchoiste cabhair a thabhairt do na dreamanna seo agus aon rud is féidir linn a dhéanamh, a dhéanamh. Fiú amháin inné fuaireamar litir maidir le daoine áirithe atá ag iarraidh rogha uimhirchlár do ghluaisteáin a fháil, mar shampla, 90 Baile Átha Cliath 1, nó rud mar sin. Ní féidir le daoine uimhirchlár Gaeilge a úsáid ar ghluaisteán faoi láthair.

Is féidir linn an-chuid oibre a dhéanamh mar eadarghabhálaí idir na húdaráis agus an comhchoiste. An príomh phointe atá a dhéanamh agam inniu, ná gur chóir dúinn sa chomhchoiste díriú ar an dara aidhm agus an dara ceann de na horduithe tagartha don chomhchoiste, is é sin an Ghaeilge a leathnú agus a athbheochan i gcoitinne. Táim buíoch don chara liom a bhí i gColáiste Chríost Rí linn i gCorcaigh, coláiste a bhí i bhfábhar an teanga i gcónaí, a dhein sár job í a mhúineadh dúinn.

Maidir leis an Ghaeilge sa Teach seo, tá moltaí áirithe curtha ar fáil ag an dara tuarascáil agus tá sé riachtanach dúinn is dócha, i bhfad níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a leathnú sa Teach seo. Ba chóir dúinn a bhfuil Gaeilge againn beannachtaí a thabhairt go rialta i nGaeilge, agus fiosrúcháin ghairide a dhéanamh leis an fhoireann chomh maith. Os rud é go bhfuil an seomra beagnach réidh, is dócha go mbeidh dul chun cinn agus feabhas mór ag teacht ar an scéal sa todhchaí.

Rinneadh moltaí suntasacha chomh maith sa chéad tuarascáil, faoi chomharthaí i gcoitinne, agus moladh freisin go mbeadh suathantais an-úsáideach sna Tithe i nGaeilge. Níl dul chun cinn sásúil faoi na nithe seo deánta, ná le feiceáil fós. Tá geallúintí faighte go gcuirfidh Oifig na nOibreacha Poiblí na comharthaí ar fáil go luath agus ba cheart go gcuirfí ar fáil iad anois gan tuilleadh moille.

Measaim go bhfuil ról faoi leith agus ról an tábhachtach ag na meáin chumarsáide maidir le forbhairt na Gaeilge sna Tithe. Tá a fhios ag an chomhchoiste go bhfuil an Ghaeilge ag an bhfurmhór agus go bhféadfaidís cabhrú go mór leis na hiarrachtaí chun atmasféar don Ghaeilge sna Tithe a fheabhsú.

Mar a léiríonn an tuarascáil, tá curtha in iúl go minic don comhchoiste ag Comhaltaí den dá Theach gur beag poiblíochta a bhíonn le fáil as an nGaeilge a úsáid in imeachtaí na dTithe, agus go mbíonn seans níor fearr ann ná labhraíonn siad as Beárla. Is léir nach bhfuil claonadh i gcoinne na Gaeilge sa tuairisceoireacht agus gur ceist eagarthóireachta a bhíonn inti go príomha. Caithfimid an fhadhb sin a phlé agus caithfidh an comhchoiste deighleáil leis na heagarthóirí chun an scéal seo a fheabhsú agus chun dealramh níos fearr a chur ar an scéal.

Tháinig moltaí tábhachtacha ón dara comhchoiste a bhain le Tráth na gCeisteanna. Rinneadh moladh amháin measaim faoi Thráth na gCeisteanna atá sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 1983-86. Mar a deireann an tuarascáil tá Tráth na gCeisteanna ar cheann de na hinstitiúidí is tábhachtaí sa Dáil agus glacann gach Comhalta páirt ann go fonnmhar. Is é an moladh a bhí ann ná ceisteanna as Gaeilge a chur ar an chlár agus go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeisteanna ar siúl sa Dáil; agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge tar éis tréimhse bliana.

Do luadh ag an am sin 1983 mar sprioc dáta, ach faraor níor cuireadh an moladh i bhfeidhm go fóill. Is féidir lena lán Comhaltaí ceisteanna a chuirtear i mBéarla faoi láthair a chur i nGaeilge feasta gan mórán stró, agus bheadh an toradh céanna ann dóibh féin sa deireadh. Dá gcuirfeadh gach Comhalta a bhfuil Gaeilge aige nó aici ceist amháin síos i nGaeilge gach seachtain mar thús bheadh sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge beo agus á húsáid. Agus tá moltaí eile a bhaineann le Tráth na gCeisteanna, ach sin is dócha slí amháin inar féidir linn an-dul chun cinn a dhéanamh chun an Ghaeilge a leathnú sa Dáil.

Maidir leis an córas aistriúcháin atá againn sa Teach seo, tá an-chuid le déanamh againn fós, agus mar a deir an tuarascáil, dá méadófaí líon na n-aistritheoirí bheifí ag súil go bhféadfadh an dá leagan de Bhillí bheith ar fáil ag an am céanna, nuair a thagann an nua-theicneolaíocht ar an bhfód. Measaim go bhfuil sin tábhachtach go leor mar anois ní fhaighimid ach an Bille trí Bhéarla ar dtús. Chabhródh sé go mór le Teachtaí Dála a mbeadh fonn orthu labhairt i nGaeilge ar dtús ar Bhille ach nach mbeadh na téarmaí teichniúla acu a bhaineann leis an reachtaíocht. Is droch scéal é nach bhfuil Billí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna faoi láthair agus is bac an-mhór é. Is cuimhin liom féin fonn a bheith ormsa labhairt ar an mBille a bhain le horticulture agus bhí an-chuid téarmaí teichniúla ann. Bheadh réiteach ar an bhfadhb sin dá gceapfaí níos mó aistritheoirí.

Tá an tAire Airgeadais ag iarraidh clóscríobháin agus word processors a chur ar fáil dúinn i mbliana. Tá sé tábhachtach roimh na rudaí seo a cheannach go mbeimid ábalta síntí fada a chur isteach. Is rud beag é, ach faoi láthair bíonn orm an biro a úsáid leis na síntí fada a chur isteach. Bhí orm léacht a thabhairt an tseachtain seo caite thíos i gCorcaigh a raibh timpeall sé leathanach déag ann. Bhí orm an biro a úsáid agus tógann sé an-cuid ama. Tá an tAire Airgeadais chun nua-theicneolaíocht a thabhairt isteach agus caithfimid mar chomhchoiste a rá leis, roimh aon rud a dhéanamh, bí deimhnitheach go bhfuil na síntí fada istigh sna chlóscríobháin.

Tá seans ann anois go mbeidh an teilifís istigh sa Teach seo agus tugann sin an chaoi dúinn an Ghaeilge a leathnú í bhfad níos mó. Caithfidh an comhchoiste diriú ar an gceist sin, mar má thagann an teilifís isteach anseo, beidh orainn oráidi nó díospóireachtaí trí Ghaeilge a dhéanamh. Beidh muintir na tíre ábalta a fheiscint go bhfuil Gaeilge ag roinnt de na hionadaithe poiblí agus go bhfuil siad sásta í a úsáid sa Teach. Bheadh dea-thionchar ag an rud sin ar ghluaiseacht na Gaeilge ar fad ar fud na tíre. Mar shampla bheadh na scoileanna eágsúla ábalta an díospóireacht trí Ghaeilge sa Pharlaimint Náisiúnta a fheiceáil. Is rud réabhlóideach é sin, an tseirbhís teilifíse atá ag teacht isteach, agus tá sé riachtanach go mbeidh an comhchoiste réidh don fhorbairt sin agus go mbeidh muid ábalta úsáid a bhaint as an buntáiste a bheidh ann.

Chuir an chéad agus an dara chomhchoiste, an iomad béime ar an Ghaeilge agus imeachtaí sa Teach seo agus sa Seanad. Caithfimid níos mó béime a chur ar fhorbairt na Gaeilge lasmuigh de an Tithe agus ar fud na tíre ar fad. Luaigh mé gluaiseacht na ngaelscoileanna, teilifís na Gaeilge, na dreamanna éagsúla atá ann ar chóir dúinn cabhair a thabhairt dóibh agus, chomh mhaith leis sin, na Gaeltachtaí. Táimid chun cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall ar ball. Is féidir linn bheith ag caint go dtí deireadh an haoise seo maidir le Gaeilge sa Teach seo, tá daoine áirithe anseo atá sásta a bpáirt a ghlacadh sa chás seo.

Ní haon mhaith bheith ag leanúint ar aghaidh ag cur moltaí os ár gcomhair faoin Ghaeilge sa Dáil. Caithfear an scéal a leathnú agus aird a dhíriú go láidir agus go héifeachtach ar mhórcheisteanna na Gaeilge atá lasmuigh den Teach seo agus déileáil leis na dreamanna éagsúla atá amuigh ansin, moltaí a chur roimh na hAirí éagsúla, cruinnithe a eagrú leis an Aire Oideachtais agus leis an Aire Stáit, An Teachta Gallagher, maidir leis na gaelscoileanna agus na Gaeltachtaí.

Titeann sé ormsa deireadh a chur leis an díospóireacht inniu agus tá roinnt rudaí ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dóibh. Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas féin agus buíochas an chomhchoiste a chur in iúl do gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht seo inniu. Labhair Teachtaí atá líofa sa Ghaeilge agus ghlac Teachtaí cosúil liom féin, a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil líofa inti, páirt bhríomhar sa díospóireacht freisin. Is é an príomhrud ná go ndéanfadh gach duine iarracht shuntasach chun úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá aige nó aici.

Mura bhfuil daoine sásta an iarracht riachtanach sin a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge, tá an áit is dual a thabhairt don teanga caillte. Agus caithfear smaoineamh nach bhfuil an cath sin tosaithe fós. Chuir an méid a chuala mé anseo inniu go mór le mo mhisneach agus tá mé deimhin de go spreagfar go leor daoine eile chun cur lena gcuid iarrachtaí amach anseo. Gabhaim buíochas chomh maith leis an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, seanchara liom féin, an Teachta Pat the Cope Gallagher, a ghlac páirt sa díospóireacht inniu agus a thug éisteacht do na cainteoirí éagsúla. Tá mé cinnte go dtabharfaidh an tAire Stáit agus a chuid oifigeach suntas do na rudaí a dúradh anseo inniu agus go ndéanfaidh siad a ndícheall chun cabhrú leis an chomhchoiste ina chuid iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn amach anseo, laistigh agus lasmuigh de Thithe an Oireachtais.

Ba mhaith liom freisin go dtógfadh an tAire Stáit an teachtaireacht seo a leanas leis ón Teach seo inniu, is é sin, go bhfuil sé fíor-riachtanach go dtabharfadh Airí agus Airí Stáit dea-shampla, mar a dúirt an tAire Stáit féin, do Chomhaltaí an Tí agus don phobal i gcoitinne i dtaobh úsáid na Gaeilge. Ó tharla go rabhamar ag díriú ar an dara tuarascáil ón dara comhchoiste inniu, sílim gurbh fhiú an sliocht seo a leanas a lua toisc go dtéann sé go croí na ceiste: "Is gá do na páirtithe polaitíochta beart a dhéanamh de réir a mbriathar anois má tá an Ghaeilge le maireachtáil agus dul i dtreise. Tá an rogha ag na páirtithe an Ghaeilge a chur chun cinn nó ligean di dul i léig." Is ceist dúinn go léir ár gcuid féin a dhéanamh chun a chinntiú gur i dtreise a bheidh an Ghaeilge ag dul sa todhchaí, agus cuirimís chuige.

Anois, a Chathaoirligh, tá cúig nóiméad fágtha agam agus ba cheart dom briseadh isteach sa dara teanga oifigiúil. Is dóigh liom go mbeadh sé drochbhéasach gan é sin a dhéanamh do na daoine a labhair as Béarla. Mar Chathaoirleach ar an gcomhchoiste, déanaim comhghairdeas leis na daoine nach raibh mórán Gaeilge acu agus a rinne iarracht í a labhairt. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo.

I very much appreciate the effort made by people who like me are not practised in Irish. I do not lack Irish but I am not practised in it. During the last six weeks it has come as a revelation to me that I can recall as much Irish as I can and I know that by the end of the year I will be as fluent as one can be having regard to the inhibitions of my age. People between the ages of four and seven are probably the best learners of the language. It becomes a bit more difficult when one gets into one's fifties. However, I will do my best and I will certainly come into the House more perfect in speaking the Irish language. As far as my commitment to the language is concerned, I am second to none and the equal of most.

I pay tribute to the Leas-Chathaoirleach of the committee, an Teachta McGinley. I find it a great support to have a man on the committee who speaks Irish fluently. Listening to him is like listening to a poet. He speaks beautiful Irish and he expresses himself well. The Deputy has given me tremendous support in my capacity as Cathaoirleach and I deeply appreciate that support.

This is a non-political all-party committee. The language should be above politics and the fact that it has not been is perhaps one of the reasons why it has not flourished since the foundation of the State. Because it was drawn into the political system the language has survived in a very emaciated form.

I thank also the Minister of State whose presence during the debate has been deeply appreciated. We thank the parties who have participated, The Workers' Party, the Labour Party, the Green Party in the person of Deputy Roger Garland who made a genuine effort to speak the language. Ba mhaith liom mo bhuíochas a gabháil don Pháirtí Glas agus do Pháirtí Fhine Gael agus do gach duine a thug part sa díospóireacht. Ba mhaith liom mo buíochas a ghabháil do fhoireann na dTithe, particularly the telephone operators who have taken a genuine interest. It is lovely to ring through to the Dáil to hear "Tithe an Oireachtais" or "Leinster House" according to one's will. One at least has a choice and I am grateful to them for what they are doing.

In relation to the committee, they have no finance, which is a very sad state of affairs as it is a committee who espouse what we see as the sprituality of our nation. Those who read my words as chairman of the committee might take account of the fact that we are looking for money for this committee. We also want a full-time secretary. That is the least the committee deserve. Most other commitees of this House have full-time secretaries. It is an extraordinary tribute to the Irish language that we do not have such an officer. The procuring of a full-time secretary would be another priority of this committee. We should also have a meeting room as at the moment we are like itinerants travelling round this House for meetings. I am not referring to us as personalities or as members of the Dáil but it is not good enough — for the Irish language and for the time being we are the guardians of the language in this House. These matters are my immediate concerns and I hope we will have them dealt with, if not during this session of the Dáil, during the next session.

I appreciate also the contributions of my colleagues on the back benches, Deputies Michael Martin and Mary Coughlan. As an older inhabitant of this House it is marvellous to see the language in such good hands. The future of the language lies in the hands of these young people and others who are younger. All we can do is try to give a litle bit of leadership from time to time.

We should have a discussion lasting at least three hours on some aspect of the Irish language at least twice a year if not once in every term. We are deeply grateful for the opportunity for this debate given us by the Whips and to the Taoiseach who supported us in this debate and to the political leaders to whom I wrote in connection with it. I will not go overboard in my thanks because after all we are talking about the Irish language. It was great to have the opportunity and from now on we will go from strength to strength building on the work of the chairmen and the committee members of the previous two committees.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Barr
Roinn