Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Mar 1990

Vol. 397 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Enda Kenny

Ceist:

1 Mr. Kenny asked the Taoiseach if it is proposed to abolish Údarás na Gaeltachta.

Níl sé beartaithe deireadh a chur le Údarás na Gaeltachta.

An n-aontaíonn an Teachta Gallagher, mar Aire Stáit an Rialtais, gur údarás sóisialta atá in Údarás na Gaeltachta in áit údarás eacnamaíochta, agus gur thug sé geallúint domsa agus don Teach go mbeadh tuilleadh tacaíochta le fáil ó seo amach don Údarás ón Rialtas?

Is eagraíocht fhorbartha tionscail atá ann agus cuireann an eagraíocht sin agus go leor eagraíochtaí eile sa tír a ngnótha sóisialta san áireamh. Ach, go bunúsach, is eagraíocht fhorbartha tionscail atá ann le fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus úsáid na Gaeilge a leathnú. Maidir leis an gceist faoi chuidiú, ceapaimse go bhfuil sé sin léirithe agamsa i mbliana, os rud é go bhfuil suas le £13 mhilliún á chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta, agus gur ardaíodh na deontais-igcabhair ó £4.8 mhilliún go dtí £7.4 mhilliún.

Arís, chun freagra a thabhairt ar an gceist, ar eagla míthuisceana ar bith sa Ghaeltacht, níl amhras ar bith ann faoi seo agus ní dóigh liom go raibh ráflaí ar bith ann. Ba mhaith liom a chur in iúl do mhuintir na Gaeltachta nach bhfuil rud ar bith mar sin i gceist. Is muidne sa Rialtas a bhunaigh Udarás na Gaeltachta leis an reachtaíocht, Bille um Údarás na Gaeltachta i 1979. Tá a lán muiníne agam as an Údarás agus tá go leor jabanna curtha ar fáil acu. Tá sprioc de 600 post le haghaidh 1990 ann agus beidh mé féin ag obair leis an Údarás chun níos mó jabanna a chur ar fáil.

Tá áthas orm sin a chloisteáil mar b'ábhar imní dúinn go léir an méid a bhí le rá ag an Aire Tionscail agus Tráchtála, gur eagras sóisialta a bhí san Údarás. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire i ndiaidh a dheimhniú anois go bhfágfar na cúraimí sin ar an Údarás agus go bhfuil sé mar pholasaí ag an Rialtas ligean dóibh leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar siúl acu. Is í an t-aon cheist ná, an gcuirfear na hacmhainní ar fáil dóibh? Deir an tAire go bhfuil níos mó airgid ann i mbliana ná mar a bhí anuraidh, ach níl acu i mbliana ach an oiread céanna airgid agus a bhí acu sé bliana ó shin. Má bhíonn acmhainní ar bith ag teastáil ón Údarás an gcuirfear na hacmhainní sin ar fáil dóibh?

Bímidne sásta i gcónaí na ceisteanna seo a phlé. Má chuirtear tógraí ar aghaidh chugainn ón Údarás, scrúdóimid iad. Ní dóigh liom gur ceart cinneadh a ghlacadh uair amháin agus a rá, bheul, sin deireadh leis. Táimidne ar fáil i gcónaí chun na ceisteanna seo a phlé leis an Údarás.

Barr
Roinn