Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Dec 1990

Vol. 404 No. 1

Written Answers. - Gardaí i gCeantair Ghaeltachta.

Patrick McCartan

Ceist:

143 D'fhiafraigh Mr. McCartan den Aire Dlí agus Cirt cad é an deontas breise a thugann an Roinn Dlí agus Cirt do ghardaí i gceantair Ghaeltachta; agus cén chúis nach bhfuil an deontas seo á íoc leis na gardaí i nGaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge.

Íoctar liúntas Gaeltachta cothrom le 7½ faoin gcéad de phá do bhaill den Gharda Síochána atá lonnaithe i gceantair áirithe Gaeltachta. Míníodh an chúis nach bhfuil an liúntas seo á íoc do bhaill den Gharda atá lonnaithe i gceantair áirithe eile cosúil leis an Rinn sa bhfreagra a tugadh ar Cheist a 792 ar 11 Nollaig 1984 (Imleabhar 354, colún 2143).

Barr
Roinn