Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 9 May 1991

Vol. 408 No. 2

Written Answers - Oide Feabhais do Scoil i mBaile Átha Cliath.

Mervyn Taylor

Ceist:

135 D'fhiafraigh Mr. Taylor den Aire Oideachais an bhfuair sí litir ó Scoil Santain, Br. na hAbhann Móire, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar an ábhar.

Dearbhaím go bhfuair mé litir ó Scoil Santain le déanaí ag lorg oide feabhais don scoil sin.

De réir téarmaí an Chláir um Dhul Chun Cinn Eacnamaíochta agus Sóisialta, éiríonn ceist oidí breise a chur ar fáil do dhaltaí faoi mhí-bhuntáiste. Cuir-fear 80 post mar oide feabhais ar fáil faoin bhforáil seo. Beidh cinneadh á dhéanamh amach anseo faoi dháileadh na bpostanna seo.

Barr
Roinn