Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 14 May 1991

Vol. 408 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuairisc Bhord na Gaeilge.

Dinny McGinley

Ceist:

6 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an ndéanfaidh sé socrú cóip de Thuairisc Bhord na Gaeilge fá mheath na Gaeilge sna Gaeltachtaí a chur ar fáil do bhaill an Oireachtais.

Tuigim ón mbord gur mar eolas dóibh féin a lorgaíodh na tuairimí atá i gceist agus nach raibh sé beartaithe acu go bhfoilseofaí iad. Sna cuinsí go léir anois, is ceist don bhord an bhfoilseofar iad le nó gan tuairimí dá gcuid féin ina leith.

An bhfuil an tuarascáil feicthe nó léite aige féin agus, uimhir a dó, an aontaíonn sé leis na figiúirí a chuirtear ina láthair go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí íslithe go dtí an figiúr tubaisteach de 10,000?

Níl pribhléid ar bith agamsa, mar is bord reachtúil é Bord na Gaeilge. Os rud é go bhfuil an cheist á plé go poiblí faoi láthair fuair mé cóip den tuarascáil an tseachtain seo caite, ach níl aon mhionstaidéar déanta agam air fós.

I ngach tuairisc a cuireadh ar fáil le bliain anuas — agus níl anseo ach ceann amháin; tá cúpla ceann eile curtha ar fáil a phléigh muid sa Teach cheana — léirítear go bhfuil na figiúirí maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí íslithe go mór. An aontódh an tAire Stáit gur cúis imní dúinn go léir go bhfuil na figiúirí ag titim chomh híseal sin, nó an aontaíonn sé féin leis na figiúirí?

Cuireann sé imní orainn go léir nach bhfuil gach uile dhuine sa Ghaeltacht, agus fiú amháin sa tír, ábalta Gaeilge a labhairt, ach ní dóigh liom gur féidir le duine ar bith glacadh leis nach bhfuil ach 10,000 cainteoir dúchais ag labhairt Gaeilge i láthair na huaire. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuair tuairim is 7,200 páiste an deontas £10 anuraidh as Gaeilge a labhairt. Níl aontaím féin leis an fhigiúr a tugadh; níl ansin ach tuairim phearsanta a bhí ag Breandán Ó hEithir, go ndéana Dia grásta ar a anam. Tá tuairisc eile ag Reg Hindley, á scríobh The death of the Irish language, agus go leór eile, ach is í an cheist a chuir an Teachta orm ná, an mbeidh an Taoiseach sásta cóip de seo a chur ar fáil do gach ball den Oireachtas. Ní ceist é sin domsa ná don Taoiseach, ach do Bhord na Gaeilge. Ach, os rud é go bhfuil an tuairisc seo á plé go poiblí, ní bheinnse i gcoinne í a chur ar fáil do bhall ar bith den Oireachtas a bheadh á lorg.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl an mbeadh sé ar intinn aige, nó gur mhaith an rud é, go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta scrúdú ar leith agus a gcuid eolais féin a bheith acu maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge: an bhfuil sé ag dul suas nó síos agus gan a bheith ag brath ar thuairisc mar seo a chuireann imní orainn go léir, agus an scéal fíor a fháil ar bhonn eolaíochta?

Tá an ceart ag an Teachta: ní féidir le duine amháin nó dream amháin a rá cén méid daoine atá ag labhairt Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Níl sé éasca figiúr a chur air sin ach tá mé cinnte go bhfuil i bhfad níos mó ná 10,000 ann. Is ceist í seo do Bhord na Gaeilge, atá ina bhord reachtúil. Tá sé deacair foirmle a fháil ó thaobh an fhigiúir de maidir le líon na gcainteoirí dúchais ach bheinn sásta an cheist a phlé le Bord na Gaeilge agus le hoifigigh mo Roinne féin chun a fháil amach an méid chainteoirí dúchais sna Gaeltachtaí a bhíonn ag labhairt Gaeilge go rialta. Ní bheidh sé furasta, mar is eol don Teachta féin.

Barr
Roinn