Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Dec 1991

Vol. 414 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leathadh na Gaeilge mar Theanga Labhartha.

Enda Kenny

Ceist:

1 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Taoiseach an bhfuil sé sásta le dul chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha ar fud na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Ní fhéadfainn bheith sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le leathadh na Gaeilge mar theanga labhartha cé go bhfuil obair nach beag á déanamh ag mo Roinn féin, ag Board na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagrais dheonacha Ghaeilge.

Níl torthaí Daonáireamh na bliana seo maidir leis an nGaeilge ar fáil fós ach léirigh an Daonáireamh a tógadh sa bhliain 1986 go raibh breis agus milliún cainteoirí Gaeilge os cionn 3 bliana d'aois sa tír ag an am sin.

Glacaim leis nach raibh líofacht Gaeilge ag na daoine sin go léir ach is cúis sásaimh dom go bhfuil cumas labhartha Gaeilge ag an oiread sin daoine ar fud na tíre.

Is dócha nach féidir leis an Taoiseach bheith i láthair inniu, mar tá cruinniú eile an-tábhachtach ar siúl aige. An féidir leis an Aire Stáit a insint dom, cén céatadán de mhuintir na hÉireann atá in ann comhrá a dhéanamh as Gaeilge ag an bpointe seo?

Tá sé an-deacair figiúir mar sin a thabhairt. Mar a dúirt mé cheana, is é an t-aon fhoinse atá agam ná daonáireamh 1986 nuair a cuireadh in iúl go raibh suas le milliún duine ábalta Gaeilge a labhairt. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil líofacht Ghaeilge acu. An daonáireamh a bhí ann le déanaí, cuireadh ceist ar dhaoine faoi chumas Gaeilge: cén líon daoine nach raibh ach Gaeilge acu, a raibh Gaeilge agus Béarla acu, agus an líon daoine a raibh léamh na Gaeilge acu ach nach raibh ar a gcumas í a labhairt. Nuair a bheidh toradh an daonáirimh sin ar fáil beidh eolas níos cruinne againn, ach níl eolas cruinn againn faoi láthair.

An bhfuil an tAire Stáit sásta leis na modhanna múinte atá againn faoi láthair maidir leis an Ghaeilge. Tá daltaí na tíre seo ag freastal ar scoil ar feadh níos mó ná dhá bhliain déag ach ní bhíonn ach fíorbheagán Gaeilge ag an mórchuid acu. An bhfuil tú sásta leis na modhanna múinte, agus ní an caighdeán amháin atá i gceist agam, ach na modhanna múinte iad féin. Bíonn cuid de na daltaí seo in ann Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis a fhoghlaim ag an am céanna agus díospóireacht bheith acu sna teangacha sin. An raibh baint ag an Aire Stáit leis an Roinn Oideachais maidir leis na modhanna múinte Gaeilge atá ann faoi láthair?

Níl baint agamsa go pearsanta leis an churaclam, ach caithfidh mé a rá nach bhféadfaí bheidh sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le leathadh na Gaeilge ar fud na tíre. Is ceist í seo a chuirtear go minic: bíonn daoine ag freastal ar scoil ar feadh dhá bhliain déag, agus cuid mhaith acu siúd ag leanúint ar aghaidh ar mheánscoil agus ar ollscoil agus gan líofacht na Gaeilge bheith acu tar éis sin ar fad. Tá ceist thábhachtach ansin. Glacaim leis go bhfuil an Fhraincis, an Ghearmáinis agus teangacha eile á múineadh sna meánscoileanna agus go bhfuil na teangacha sin ag daoine ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad acu go líofa ach an oiread. Ionas go mbeadh daoine in ann an Ghaeilge a labhairt go líofa ba cheart go mbeadh atmaisféar ceart, ní amháin sa scoil, ach lasmuigh den scoil chomh maith. Ní shílim gur féidir an locht a chur ar na múinteoirí ná ar an chóras. Caithfear a rá go bhfuil an-bhéim á cur anois ar na canúintí éagsúla. B'fhéidir go bhfuil fadhb ansin, go bhfuil leabhair ann agus gan an chumas daoine, abair, ó réigiúin éagsúla mar an tuaisceart nó an deisceart nó ón iarthar iad a thuiscint, ó thaobh na gcanúintí de. I láthair na huaire tá eagraíocht na scoileanna Gaeilge ag obair air seo. Lainseáil mé féin leabhar le déanaí i gcanúint Dhún na nGall agus tá súil agam go gcuideoidh sé sin leis na daltaí.

Tá lúcháir orm go dtuigeann agus go n-admhaíonn an tAire Stáit an méid atá déanta ag an córas oideachais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. An eol don Aire Stáit go raibh ráiteas iontach, a chuir imní orainn go léir, le déanamh ag cathaoirleach Bhord na Gaeilge i rith na seachtaine: sa Pháipéar Glas atá ag teacht amach go bhfuil ísliú ag teacht ar áit agus stádas theanga na Gaeilge sa chóras oideachais? An aontaíonn an tAire Stáit leis sin nó an bhfuil aon rud le rá aige nó an bhfuil sé ina choinne.

Níl a fhios agam cá bhfuair na daoine éagsúla, fiú amháin an duine a luaigh an Teachta McGinley an t-eolas seo. Ach is cinnte go gcuirfeadh sé isteach go mór orm dá mbeadh páipéar ag teacht amach ón Roinn Oideachais agus go mbeadh ceist ann faoi ísliú ar stádas na Gaeilge. Beidh mé féin ag labhairt leis an Aire Oideachais agus oifigigh mo Roinne ag labhairt le oifigigh an Roinn Oideachais faoi seo. Tá mé glan in éadan ísliú ar bith ar an teanga.

An mbeadh an tAire Stáit sásta go mbeadh díospóireacht againn sa Teach sa chéad seisiún eile as Gaeilge i dtreo is go mbeadh seans ag Teachtaí as chuile pháirtí a dtuairimí a nochtadh ar an gceist seo. Sílim go mbeadh sé oiriúnach am ar bith sa chéad seisiún eile go mbeadh seans ag Teachtaí díospóireacht as Gaeilge a bheith acu.

Aontáim go hiomlán leis an Teachta Kenny maidir leis an smaoineamh seo. Creidim go mbeadh sé níos fóirsteanaí fós dá mbeadh lá iomlán againn i ngach seisiún agus an díospóireacht ar fad as Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh muid in ann a chur ina luí ar mhuintir na tíre seo go bhfuil a leithéid ar siúl againn sa Dáil agus go dtabharfar poiblíocht dó sna meáin chumarsáide. Ní thugtar poiblíocht ar bith nuair a bhíonn díospóireacht Ghaeilge ar siúl sa Dáil. Ní thugtar aird ar bith ar cheisteanna i nGaeilge sna meáin chumarsáide. Is mithid dóibh an neamart seo a cheartú.

The questions we are about to embark upon are Priority Questions for which 15 minutes only is provided in Standing Orders.

Barr
Roinn