Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Apr 1992

Vol. 418 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bóithre Áise sa Ghaeltacht.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh le cáiliú do dheontas Gaeltachta le haghaidh bóthar áise; cén méid airgid a caitheadh ar an scéim seo i ngach ceann de na blianta 1989, 1990 agus 1991; an gá foirm iarratais a líonadh chun cáiliú don scéim; agus an ndéanfadh sé ráiteas ina thaobh.

De ghnáth mura bhfuil bóthar ag freastal ar dhá theach cónaithe ar a laghad, nó ag freastal ar deich líon tí i gcás bóthar phortaigh nó talún, níl sé cáilithe chun críche deontais faoi scéim mo Roinne-se. Ní miste a lua chomh maith go dtugtar cúnamh ó am go chéile i gcásanna eisceachtúla i leith bóithre contae. Sna cásanna sin bíonn ar an údarás áitiúil sciar de chostas na hoibre a sheasamh.

Is mar seo a leanas a bhí caiteachas mo Roinne-se ar bhóithre le trí bliana anuas: 1989, £298,864; 1990, £672,767; agus 1991, £352,900.

Bíonn ar iarratasóirí anois foirm iarratais a líonadh nuair a bhíonn cuidiú á lorg acu ó mo Roinnse.

An bhfuil aon chás inar féidir deontas a fháil gan foirm iarratais a líonadh isteach don Roinn? An nós imeachta nua é seo nó an raibh sé amhlaidh i gcónaí gur ghá foirm iarratais a chur isteach?

Go dtí seo ni raibh foirm iarratais le cur isteach. Bhí daoine ábalta scríobh ísteach, daoíne aonair, ionadaithe poiblí, comhairleoirí nó Teachtaí Dála, ach tá socrú nua curtha i bhfeidhm agam le déanaí, an fhoirm iarratais, rud a éascaíonn an obair. Bhíodh sé iontach deacair litir a fháil agus gan na sonraí go cruinn inti agus b'fhéidir gurbh éigean an litir a chur chuig an choiste contae ionas go mbeadh siadsan in ann an bóthar a fhiosrú. Tá súil agam, dá bhrí sin go gcuirfear fáilte roimh an bhfoirm iarratais.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá cathain ar cuireadh tús le nós seo na bhfoirmeacha iarratais. An bhféadfadh sé a rá ina theannta sin cé hé go beacht a dhéanann cinneadh maidir le hiarratas: an tAire féin, nó an tAire Stáit nó státseirbhíseach sa Roinn? Agus cén fáth, tar éis £672,000 a chaitheamh i 1990, nár caitheadh ach £352,000 an bhliain seo caite.

B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an Teachta ach sa bhliain 1990 bhí deacrachtaí ann sna Gaeltachtaí éagsúla agus chuir Roinn na Gaeltachta £300,000 ar fáil chun bóithre contae a dheisiú: £100,000 i nDún na nGall, £90,000 i nGaillimh, £60,000 i Mhaigh Eo, £30,000 i gCiarraí agus £20,000 i gContae Chorcaí. Bhíomar ag iarraidh a chur ina luí ar na húdaráis áitiúla cé chomh tábhachtach is a bhí sé na bóithre sin a dheisiú. Níl an dualgas sin orainne.

Os rud é gur córas nua é, an feasach don Aire Stáit nach bhfuil a fhios ag an gcuid is mó de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a leithéid de chóras ann, agus an bhfuil sé ar intinn aige fógraí a chur ar Raidió na Gaeltachta agus sna nuachtáin lena chur in iúl dóibh go bhfuil na foirmeacha seo le fáil ón gcoiste contae. Sa chaoi sin bheadh ar chumas na Roinne meastachán ceart a dhéanamh maidir leis an méid airgid a bheadh ag teastáil ó na Gaeltachtaí ó thaobh dheisiú bóithre de.

Duine ar bith a scríobh isteach go dtí seo chuireamar foirm iarratais amach chuige, agus beidh na foirmeacha sin ar fáil sa Roinn. Is féidir linn iad a chur ar fáil don chomhairle contae chomh maith. Ceapaim féin go ndéanfaidh sé seo an córas i bhfad níos éasca do gach uile dhuine a bhfuil caidreamh aige leis an bpobal.

Níl mé cinnte conas a shocrófar cad iad na bóithre a gcaithfear na deontais orthu. I nGaeltacht Chonamara — níl a fhios agam faoi Ghaeltachtaí eile — is muintir Fhianna Fáil amháin a fuair na bóithre deisithe. An mar sin a bheidh sé as seo amach?

An bhfuil an Teachta ag rá anois gur féidir bóithre sa Ghaeltacht a roghnú os rud é go bhfuil muintir Fhianna Fáil ina gcónaí ar an bóithre sin? Ní dóigh liom go bhfuil bóthar ar bith gur féidir a aithint mar bhóthar ag dul do mhuintir Fhianna Fáil.

Ar dtús, sílim gur dul chun cinn mór é go bhfuil foirm iarratais ar fáil do dhaoine chun deontas a lorg. Is í an cheist atá agam ná, nuair a chuirtear iarratas isteach le haghaidh dheontas tí bíonn uimhir chánach an iarrthóra le cur isteach. An gá an uimhir chánach seo nuair a bhíonn deontas bóthar Gaeltachta á lorg?

An bhfuil an Teachta McGinley ag moladh sin? Ní gá é a chur isteach, ach tá deis agam anois a rá gur caitheadh, ó 1983, £54,000 sna Gaeltachtaí go léir; i 1984, £5,500, agus i 1985 £63,063.

Barr
Roinn