Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Jun 1992

Vol. 421 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i gContae Dhún na nGall.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na h-iarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair ag Údarás na Gaeltacht le fostaíocht a chruthú i gceantar Chloch Cheann Fhaola i nDún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cúis imní dóibh go raibh deacrachtaí le tamall anuas ag comhlachtaí áirithe sa cheantar seo agus gur cailleadh poist dá bharr.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás i gcónaí ar fud na Gaeltachta d'fhonn fostaíocht a chruthú i ngnóthaí nua agus i ngnóthaí atá bunaithe cheana féin. De bharr na n-iarrachtaí sin táthar ag súil go méadóidh an líon daoine atá fostaithe i roinnt comhlachtaí i gceantar Chloich Cheann Fhaola laistigh de thréi- mhse ghairid le cúnamh ón Údarás. Chomh maith leis sin tuigtear ón Údarás go bhfuiltear dóchasach go bhféadfar cúpla togra sa cheantar a d'imigh as gnó a athbhunú.

Tá obair ag dul ar aghaidh freisin ar spás monarchan breise a chur ar fáil sa cheantar mar ghríosú d'fhonn lucht tionscail a mhealladh chuige.

Táim sásta, d'ainneoin na ndeacrachtaí ar leith a bhuail comhlachtaí áirithe sa cheantar seo, go bhfuil gach ní is féidir á dhéanamh ag an Údarás chun an bonn tionsclaíoch sa cheantar seo a neartú agus deiseanna fostaíochta breise a chruthú do mhuintir na háite.

An féidir leis an Aire a rá linn cad iad na tionscail i gceantar Chloch Cheann Fhaola go bhfuil sé ag súil go mbeidh poist bhreise le fáil iontu. An bhfuil a fhios ag an Aire, mar shampla, gur druideadh dhá thionscal le déanaí, Con Errigal, mar shampla, agus tionscal cniotála ar an Fhál Carrach, agus nach bhfuil ach tionscal amháin ag obair in nGort a' Choirce. An bhféadfadh sé a rá, seachas aon phlean ginearálta atá ag Údarás na Gaeltachta, cad iad na tionscail a luaigh sé i gCloich Cheann Fhaola go bhfuil fúthu fostaíocht a mhéadú?

Chuir an Teachta ceist orm, an raibh a fhios agam gur druideadh comhlachtaí cheana féin. Tá sé sin sa fhreagra. Maidir leis an cheist a chuir sé, tá a fhios agam go bhfuil 111 ag obair ar an Fhál Carrach go lánaimseartha, 23 go páirtaimseartha sna tionscail, agus fost- aítear seachtar breise sa samhradh. Maidir le Gort a' Choirce, tá 24 ag obair ansin go lánaimseartha, ochtar go páirtaimseartha, agus, go séasúrach, 83. Is é sin san iomlán 135 go lánaimseartha, 31 go páirtaimseartha agus 90 go séasúrach.

Ceapaim go n-aontaíonn an tAire liom go bhfuil fostaíocht sa cheantar sin ag titim. Tá tionscail á ndún- adh agus tá mé ag iarraidh a fháil amach uaidh, cad iad na tionscail a luaigh sé ar Chloic Cheann Fhaola go mbeidh fostaíocht bhreise á cur ar fáil acu agus cá mhéad post atá i gceist. An bhfuil a fhios ag an Aire thairis sin go bhfuil bagairt nua ar an gceantar sin go hiomlán os rud é go bhfuiltear anois ag bagairt an stáisiún ginte leictreachais i nGaoth Dobhair a dhúnadh?

Tá spás maith bóthair idir an Fál Carrach agus Gaoth Dobhair, agus tá eastát tionsclaíoch dá gcuid féin acu i nGaoth Dobhair, mar is eol don Teachta. Tá a fhios aige freisin gur sráidbhaile an- bheag é Cloch Cheann Fhaola agus tá áthas orm go bhfuil daoine lonnaithe ann agus ag obair ann, agus deir an tÚdarás linn go bhfuil siad dóchasach go mbeidh níos mó post le fáil roimh i bhfad.

Barr
Roinn