Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Jun 1992

Vol. 421 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iocaíochtaí le Ciste na Gaeilge.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cá mhéid airgid a d'íoc sé, in 1991, as an Státchiste, gan aon airgead ón gcrannchur náisiúnta a chur san áir- eamh, le Ciste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus do na hEagraíochtaí Gaeilge i gcomparáid leis an £2.248 milliún as an Státchiste a d'íoc an tAire leis an gCiste sin i 1987.

Nuair a bunaíodh an crannchur náisiúnta socraíodh go mbeidh cúnamh ar fáil don Ghaeilge ó na fáltais. Ó 1989 i leith shocraigh an Rialtas ar an gcúnamh do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge (.i. Ciste na Gaeilge) a íoc as na fáltais sin. De bharr an athraithe seo íocadh £3.198 milliún leis an mbord agus leis na heagrais dheonacha i 1991 — is é sin méadú de bhreis agus 42 faoin gcéad ar na suimeanna a íocadh leo in 1987.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire gur tugadh, ón Státchiste, £2.248 milliún do na heagrais seo sa bhliain 1987; sa bhliain 1988 gur tugadh geall le £1 mhilliún dóibh ón Státchiste, agus nach n-aontódh sé liom gur suarach an mhaise don Rialtas an t-airgead sin a tharraingt siar díreach toisc go bhfuil an crannchur náisiúnta ann. Agus an eol don Aire, ón lá gur cuireadh an crannchur náisiúnta ar bun nach bhfuil ach 7.5 faoin gcéad den airgead atá tugtha amach ag an gcrannchur tugtha do Ghaeilge, nuair a chuirtear san áireamh gur tugadh 38 faoin gcéad do chúrsaí óige agus spóirt, 27 faoin gcéad do chúrsaí ealaíne agus cultúir agus 26 faoin gcéad do chúrsaí sláinte? Nach n-aontódh an tAire liom go bhfuil an-éagóir déanta ag an Rialtas ar chúrsaí Ghaeilge trí airgead ón chrannchur náisiúnta a chur in áit an airgid a bhí le fáil ón Státchiste roimhe sin?

Ní aontaím leis an Teachta ar chor ar bith. Ní suarach an mhaise don Rialtas an méid atá déanta acu. Tá a fhios agam, mar atá sé sa cheist, go bhfuair na heagraíochtaí £2.248 milliún sa bhliain sin, ach deirimse leis agus, tríd an Teachta, leis an Dáil, go bhfuil méadú de bhreis agus 42 faoin gcéad ar na suimeanna a íocadh leo i 1987.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire gurb í an aidhm, ón chéad lá, a bhí ag an gcrannchur náisiúnta ná go gcuirfí leis an iomlán airgid a bhí le cur ar fáil do chúrsaí na Gaeilge agus go bhfuil an Rialtas tar éis tarraingt siar as sin agus go bhfuil sé anois á chlúdach féin taobh thiar den chrannchur náisiúnta?

Níl an ceart ag an Teachta ar chor ar bith. Is eacnamaí é agus is cóir go dtuigfeadh sé, má tá 42 faoin gcéad sa bhreis faighte gur bhain an Ghaeilge barr maith ar fad.

An aontódh an tAire go raibh sé ráite ag Bord na Gaeilge go raibh siad ag brath ar an mbarrphointe airgeadaithe ón gcrannchur náisiúnta chun an plean forbartha le haghaidh úsáid na Gaeilge a chur i gcrích, agus go mbeidh de thoradh ar ísliú céatadáin na gcistí ón gcrannchur náisiúnta go mbainfear den phlean seo?

Is feasach don Teachta go bhfuil sé ar intinn againn an méid airgid is féidir linn a thabhairt do Bhord na Gaeilge lena gcuspóirí a chur i gcrích. Gheall mise arís agus arís eile go ndéanfainn mo dhícheall chun é sin a chruthú agus a chur i gcrích.

Barr
Roinn