Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Oct 1992

Vol. 423 No. 1

Written Answers. - Culliton Committee Recommendations.

Ruairí Quinn

Ceist:

101 Mr. Quinn asked the Minister for the Gaeltacht if, in respect of the recommendations of the Culliton Committee, he will outline, for each recommendation concerning his Department, the action, if any, which he has already taken or proposes to take, the changes involved and the cost of such action; and if he will make a statement on the matter.

Tuairiscítear an t-aon mholadh sonrach a rinne an Grúpa Athbhreithnithe um Bheartas Tionsclaíoch maidir le Údarás na Gaeltachta ar leathanach a 82 den Tuarascáil dar teideal "Time for Change". Is é a moladh ansin ná go bhfeidhmeodh an tÚdarás ar mhaithe le comhionannas laistigh de threoirlínte um bheartais thionsclaíocha a leagfaí síos go lárnach. Bhí sé sin mar nós imeachta ag an eagraíocht cheana féin agus leanfar dá réir.

Maidir leis na moltaí ginearálta faoi fhorbairt tionscail a rinneadh sa thuarascáil tá (agus bhí) na moltaí sin á gcur chun cinn ag an Udarás feadh a gcumais i dtaca le forbairt tionscail sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn