Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Oct 1992

Vol. 424 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Saoráidí Calaíochta do Inis Bó Finne (Dún na nGall).

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige le saoráidí calaíochta a fheabhsú ar Inis Bó Finne i gContae Dhún na nGall.

D'iarr mo Roinnse le déanaí ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall meastachán costais a sholáthar i leith na n-oibreacha calaíochta atá ag teastáil ar an oileán seo. Nuair a bheidh an meastachán sin ar fáil, breithneofar ar an cheist.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil sé iontach riachtanach go mbeidh saoráidí cearta calaíochta ag oileán cosúil le hInis Bó Finne a bhfuil daone ina gcónaí ansin go fóill, agus má chuirtear saoráidí cearta ar fáil go bhféadfadh níos mó daoine bheith ina gcónaí ann ó seo amach. Ba mhaith liom go dtabharfadh sé aire speisialta d'fhorbairt na saoráidí calaíochta.

Is eol dom go maith, dála an Teachta McGinley, na deacrachtaí atá ag cur as do mhuintir Inis Bó Finne agus go bhfuil géarghá le hobair a dhéanamh ar an ché agus ar an fhánán ansin. Bhí míthuiscint ann, b'fhéadair, ar feadh tamaill mar chuir Comhairle Contae Dhún na nGall in iúl ag cruinniu arú anuraidh go mbeadh airgead á chur ar fáil chun an obair seo a dhénamh ach, de réir na dtuairiscí atá agamsa, níl faic déanta go fóill. Mar a dúirt mé, táimidne ag fanacht le meastachán agus chomh luath agus a bheidh sé sin faighte againn labhróidh mé le hAire na Gaeltachta agus déanfaimid ár ndícheall chun réiteach fábharach a fháil ar an cheist sin.

An í Roinn na Gaeltachta nó an chomhairle contae a bheidh freagrach? Cé a chuirfidh an t-airgead ar fáil, Roinn na Gaeltachta nó an chomhairle contae?

Shíleamar go raibh an chomhairle contae sásta é seo a dhéanamh mar, de réir freagra a thug siad ag cruinniú den chomhairle contae arú anuraidh, dúirt siad go mbeadh obair le déanamh agus go mbeadh an t-airgead le fáil an bhliain ina dhiaidh sin, ach níor cuireadh an t-airgead sin ar fáil. Chomh luath agus a bheidh meastachán ar fáil againn beimid i dteagmháil leis an Chomhairle Contae. Beidh meon fabhrach againn faoin cheist seo mar is eol dom go maith na fadhbanna atá ann agus go bhfuil práinn leis an obair atá le déanamh ansin.

Barr
Roinn