Tógfaidh mé Ceist a 431 agus Ceist a 433 le chéile.
Tá Ordú dar teideal "Ordú na Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993", déanta ag an Rialtas faoina bhfuil na cumhachtaí agus na dualgais a thugtar dom de réir na nAchtanna nó faoi na hAchtanna seo a leanas:
Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1979
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956
An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978
Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989
tairmligthe chun m' Aire Stáit, an tUasal Pádraig Ó Gallchóir Cope, TD. Chomh maith leis sin, beidh sé ag cabhrú liom sna réimsí eile a thagann faoi mo chúram.
Ar ndóigh, leanfaidh gach cumhacht nó dualgas atá tairmligthe de bheith dílsithe domsa freisin de réir an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1977.