Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 12 Feb 1993

Vol. 425 No. 9

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1993; Céim an Choiste agus an Chéim Dheiridh.

Aontaíodh alt 1.
Tairgeadh an Cheist: "Go bhfanfaidh alt 2 mar chuid den Bhille."

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach, maidir leis na deontais a cheadaíonn Údarás na Gaeltachta, cad é an difríocht idir méid na ndeontas sin agus méid na ndeontas a thairiscíonn an IDA, agus an bhfuil difríocht idir na rialacha a cheanglaíonn deontais ar dá eagrais?

Faoi alt 2 den Bhille seo is féidir airgead Stáit a chur ar fáil don Údarás chun deontas-i-gcabhair a íoc le haidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh, is é sin, caiteachas riaracháin, caiteachas i gcoitinne, deontais scaireanna, tógáil, ceannach maoine agus mar sin de. Sin é an coinníoll atá ann ó thaobh caiteachais go ginearálta. Faoi sheirbhisí agus bunstructúr tionscail, tá an chonstaic sin imithe agus beidh an tÚdarás solúbtha i dtaobh caiteachais má mheastar go gcuideoidh an caiteachas le haidhmeanna an Údaráis. Ar an mionleibhéal a bhí i gceist ag an Teachta, níl figúirí comparáideacha agam ach dob fhéidir liom iad a chur chuige.

Sin í an cheist. Bunaíodh an tÚdarás le go mbeadh údarás faoi leith ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta i dtaca le fostaíocht thionsclaíochta. Leis an aidhm sin a bhaint amach ní mór go mbeadh buntáistí ag an Údarás thar an IDA, ó thaobh leibhéal na ndeontas. Cad iad na leibhéil éagsúla sa dá eagras? Cad iad na buntáistí atá le tairiscint ag an Údarás? Muna bhfuil aon bhuntáiste ann, ní féidir a rá go bhfuilimid i ndáiríre anseo faoi eisceachtaí a dhéanamh don Ghaeltacht agus aitheantas a thabhairt dá deacrachtaí speisialta agus iad ag iarraidh tionsclaithe a mhealladh isteach. Méadaítear ar chostais tionsclaíochta de bharr iargúltacht agus deacrachtaí taistil na Gaeltachta, mar is eol don Aire. Nuair a phléigh An Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta Tráchtála scéal Udarás na Gaeltachta roinnt bhlianta ó shin, léiríodh go raibh deontais etc. níos fiaile i dteideal an IDA ná mar a bhí ag Údarás na Gaeltachta. Déanadh iarratas ag an am go n-athrófaí an scéal sin ionas go mbeadh an buntáiste ag na ceantair Ghaeltachta a bhí faoi chúram an Údaráis.

Tá dhá ghné sa cheist seo. Teastaíonn uaim go mbeadh níos mó solúbthachta anois ná mar a bhí agus beidh mé in ann buntáistí a chur ar fáil don Údarás nach raibh acu cheana, sa mhéid sin.

Tá tábhacht ag baint leis sin. Maidir leis an bpointe a luaigh an Teachta ó thaobh an leibhéil chaipitil de, tá an leibhéal caipitil níos airde sa Ghaeltacht ná taobh amuigh de agus beidh, i leith infheistíochta. Tá seirbhísí eile i gceist agam a thiocfaidh i gcabhair ar an Údarás sna deacrachtaí a luaigh an Teachta Molloy agus Teachtaí eile, deacrachtaí speisialta a bhaineann le áiteanna iargúlta agus a bhaineann leis na Gaeltachtaí. Ba mhaith liom na ceisteanna seo a phlé leis an Údarás sna cainteanna a bheidh agam leo.

Tógann sin ar ais muid go dtí an chéad phointe, is é sin na seirbhísí a leathnú más féidir liom agus na seirbhísí a bheith i gcomhthéacs an leathnaithe atá á dhéanamh agam ó thaobh chaiteachais de. Ansin bheadh buntáiste ag an Údarás ó lá go lá i gcomparáid le údaráis eile.

An bhfuil rialacha i bhfeidhm ag an Údarás nach bhfuil sé de chead aige deontais a cheadú thar leibhéal áirithe gan an cheist ar fad a chur faoi bhráid an Aire? Cad iad na leibhéil sin faoi láthair? An aontaíonn an tAire leis an srian seo atá á chur ar bhord an Údaráis? Ó thaobh na mion-deontaisí cad é an leibhéal deontais atá ar fáil anois faoi sin? Bhí moltaí áirithe ag an gcoiste ag an am sin go gcuirfí ar ceal an réiteach a bhí ann go rachfaí i gcomhairle le baill an bhoird ón gceantar áitiúil as a raibh an togra ag teacht. Tá súil agam go bhfuil sin curtha ar ceal. An bhféadfadh an tAire a chinntiú go bhfuil? Nó cén sórt rialacha atá a gcur i bhfeidhm? Ar láimh amháin tá sé maith go leor dúinne an Bille seo a thabhairt don Aire inniu ach má tá rialacha i bhfeidhm ag an Roinn atá ag cur srian ar an Údarás ba mhaith linn a fháil amach cad é meon an Aire nua faoi na rialacha sin.

Má tá siad chun caiteachas £750,000 a dhéanamh caithfidh siad teacht chugamsa chun cead a fháil. Sin an freagra ar an chéid cheist. Ach tá an dara ceist níos casta, is í sin cén dearcadh atá ag an Aire faoin rud seo ar fad. An aidhm atá agam ná go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar údarás réigiúnda. B'fhéidir amach anseo go mbeadh an sórt leagan amach céanna ag an Údarás is atá ag aon údarás réigiúnda eile taobh istigh de Chomhphobal na Eorpa. Is mian liom coimriú a dhéanamh ar aon chonstaic ar bith faoi na leibhéil éagsúla. Tuigim pointe an Teachta, go gcaithfidh siad dul amach ag iomaíocht sa mhargadh faoi bhunú tionscail agus má éiríonn leo an bhfuil sé ag cabhrú leo go bhfuil orthu teacht ar ais chun ceadúnas a fháil uaimse? An aidhm atá agam féin ná go mbeadh Údarás reigiúnda foirfe, fiúntach ann agus nach mbeadh constaicí in a mbealach. Caithfidh mé scrúdú a dhéanamh ar a lán nithe. Tá nithe áirithe a bhfuil eolas le fáil agam féin orthu ach ní hionann an sampla atá ar fáil i nGaeltacht amháin agus i nGaeltachtaí eile. Tá deacrachtaí ag baint le infheistíocht in áiteanna nach bhfuil ag baint leis in áiteanna eile. Ach go ginearálta is fiú go mbeadh neamhspleáchas ag an Údarás taobh istigh de pholasaí agus go mbeadh an polasaí sin leagtha síos sa Dáil ó thaobh fostaíochta agus mar sin de. Gné den pholasaí sin atá an-tábhachtach ná an chaoi ina thagann cúrsaí teanga, tionsclaíochta agus soceolaíochta isteach sa cheist. Nuair atá an polasaí sin leagtha amach ba cheart go mbeadh an tÚdarás éifeachtach. Tá mé ag déanamh iarrachta a bheith díreach leis an Teachta faoin rud seo. Ba mhaith liom nach mbeadh mo Roinn ag seasamh idir tionsclaí ar bith agus an tÚdarás an t-am go léir. Má tá constaic ann agus más féidir iad a bhogadh déanfaidh mé é sin.

Mhol coiste na Dála go n-ardófaí an leibhéal sin ó leath-mhilliún punt go dtí millíun punt. Má chuala mé an tAire i gceart tá sé anois ag rá gurb é an leibhéal atá i bhfeidhm faoi láthair ná £750,000. Dá bhrí sin níor ghlac an tAire leis an moladh a bhí ag coiste Dála i 1986, is é sin é a ardú go dtí milliún punt. Anois ag 1993 tá an leibhéal ag £750,000. Tá mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an tAire chun é sin a athrú? An aontaíonn sé leis na moltaí a bhí ag an gcoiste Dála i 1986, mar dá gcuirfí sin i bhfeidhm i 1986 b'fhéidir go mbeimis anois ag labhairt faoi £1.5 mhilliún.

Bhí mé ag iarraidh a fháil amach chomh maith an bhfuil srianta eile ann faoi dheontais ar leibhéal níos ísle ná sin. An é sin an leibhéal go gcaithfear dul go dtí an Rialtas leis nó go dtí an Aire? Bhí rialacha curtha i bhfeidhm ag iar-Aire sa Roinn ina bhfuil an tAire go gcaithfí teacht chuige sula bhféadfadh an bord deontas a cheadú le haghaidh togra ar leibhéal i bhfad níos ísle ná sin. Tá mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil sin i bhfeidhm fós nó an bhfuil sé curtha ar ceal. Creidim go raibh an riail sin i bhfeidhm nuair a bhí Pádraig Ó Floinn ina Aire. Tá sé sin difriúil ar fad ón riail go gcaithfí teacht chuig an Aire Gaeltachta, Aire Airgeadais agus an Rialtas a bheith curtha ar an eolas faoin cheist sula dtabharfaí cead do na mór-dheontais. Tá leibhéal na mór-dheontas ag £750,000. An aontaíonn an tAire nach bhfuil sin mór go leor mar ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó neamhspleáchais, mar adúirt an tAire, ag an mbord deontas a cheadú suas go dtí leibhéal, b'fhéidir, £1.5 mhillúin.

Teastaíonn uaim dul chun cinn a dhéanamh faoi seo. Glacaim nach bhfuil an figiúr £750,000 in oiriúint don am seo, b'fhéidir. Nuair a bheidh scrúdú níos mion déanta agam ar an tuarascáil má fhaighim seans — agus b'fhéidir nach mbeidh Bille eile ag teastáil — tiocfaidh mé ar ais b'fhéidir má bhíonn leasuithe eile le déanamh ar an mBille agus beidh mé báúil don leibhéal a ardú.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom a rá nach bhfuil na ceilings ann a thuilleadh ach tá sin imithe. An teora atá ann bain-eann sé leis an £750,000 agus tá mé báiúil é sin a athrú chomh luath agus is féidir liom é a dhéanamh. Tuigim an comhréir atá á dhéanamh ag an Teachta, mar shampla, idir an figiúr a bhí ann agus an t-athrú atá tagtha ar an airgead agus mar sin de. Déanfaidh mé e sin a chíorú.

Níor fhreagair an tAire an cheist faoi na mion-deontais.

Níl na mion-suim-eanna i gceist. Níl aon teora leo. Ní gá go dtiocfadh siad sin chugamsa.

Tá a fhios sin agam. Ceist eile ar fad a bhí agam. An cheist a bhí agam ná an rud a tharraing an coiste Dála suas ag an am. Léifidh mé é amach i mBéarla mar tá an tuarascáil seo scríofa i mBéarla. Seo moladh an choiste Dála: "that the requirement to consult with the locally elected board representative during the processing of minor grant applications be discontinued". Ar cuireadh an rud sin ar ceal?

Ní dóigh liom go bhfuil ciall ar bith le dul i gcomhairle le baill den bhord faoi choinníol foirmiúl. Thuig mé go raibh baill den bhord i dteagmháil le hoifigigh go neamhfhoirmiúil agus tá an cheart acu dá réir. Nílim i bhfábhar coinníol foirmiúil a dhéanamh de mar a mhol an tuarascáil, nach bhfuil os mo chomhair anois.

B'fhéidir nach bhfuil sé i bhfeidhm an t-am ar fad.

Ní feidir liom an cheist sin a fhreagairt anois. Gheobhaidh mé an t-eolas don Teachta.

Ach má tá an coinníol ann, cuirfidh an tAire ar ceal é?

Sin é an dearcadh a bheadh agam féin.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh ailt 3 agus 4.

Aontaíodh an Teideal.

Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.

Aontaíodh an Sceideal.

Ritheadh an Bille.

Barr
Roinn