Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 10 Mar 1993

Vol. 427 No. 7

Written Answers. - Deontais Tí sa Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Ceist:

117 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeidh an deontas breise de £1,000 do theach nua sa Ghaeltacht, mar a fógraíodh sa cháinaisnéis, ar fáil d'iarrthóirí Gaeltachta a bhfuil deontas £3,000 ceadaithe cheana féin dóibh; agus más rud é go mbeidh, cad iad na coinníollacha a chaithfidh siad a chomhlíonadh.

Beidh an deontas breise le fáil ag iarratasóirí cáilithe sa Ghaeltacht mar seo a leanas: cás ina ndearnadh conradh tógála nó conradh ceannaithe i leith tí nua ar 25 Feabhra 1993 nó dá éis; agus aon chás eile ina bhfuil conradh nó conarthaí seirbhísí tógála de luach £15,000 ar a laghad déanta i leith tí nua ar 25 Feabhra 1993 nó dá éis, nó ina bhfuil cáin bhreisluacha ag ráta 21 faoin gcéad íochta i leith choincréit dhoirithe agus blocanna coincréit a úsáidtear i dtógáil an tí.

Má shásaíonn iarratasóirí sa Ghaeltacht, a bhfuil deontas £3,000 ceadaithe dóibh cheana féin, na coinníollacha thuasluaite, beidh an deontas breise le fáil acu.

Barr
Roinn