Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 10 Mar 1993

Vol. 427 No. 7

Written Answers. - Scoil Náisiúnta na Rinne.

173. D'fhiafraígh

den Aire Oideachais an eol di go bhfuil cúigear múinteoirí ag teagasc i Scoil Náisiúnta na Rinne i bhfoirgneamh ceithre sheomra a athchóiríodh i 1990, gan uimhreacha méadaithe measta a chur san áireamh, agus an gcuirfidh sí airgead ar fáil gan mhoill chun an cúigiú seomra a bhfuil géarghá leis a thógaint.

Níl aon iarratas i mo Roinn ón mBord Bainistíochta ar dheontas chun seomra breise a thógaint do Scoil Náisiúnta na Rinne. Breithneofar aon iarratas a dhéanfar.

Barr
Roinn