Dinny McGinley
Ceist:255 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an eol di an imní atá ar thuismitheoirí agus lucht oideachais, gan trácht ar dhaltaí, faoin chaighdeán Gaeilge agus na botúin ghramadaí a bhí sa leagan Gaeilge den pháipéar scrúdaithe san adhmadóireacht (teoiric) ardleibhéil a tugadh do na mic léinn sa Teastas Sóisearach 1992; agus an bhfuil sí sásta cúiteamh ó thaobh marcanna de, a dheánamh leis na mic léinn a thóg an leagan Gaeilge den scrúdú.