Trevor Sargent
Ceist:230 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén teanga ina bhfuil obair choiste nua teicniúil theilifís na Gaeilge ar bun.
Vol. 433 No. 1
230 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén teanga ina bhfuil obair choiste nua teicniúil theilifís na Gaeilge ar bun.
: Sin ceist a bhaineann leis an gCoiste féin go príomha. Ó mo thaobh féin de, tuigim nach bhfuil ar chumas baill uile an Choiste iomlán na hoibre — ábhar atá casta agus teicniúil — a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Táim cinnte go n-aontóidh an Teachta liom gur cóir dúinn ar fad bheith foighdeach sna cúrsaí seo agus gach uchtach is féidir a thabhairt do dhaoine chun feidhm a bhaint as an méid Gaeilge atá acu seachas bheith ag cur lagmhisneach orthu.