Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Oct 1993

Vol. 434 No. 5

Written Answers. - Creimeadh Cósta i nDún na nGall.

Dinny McGinley

Ceist:

87 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an eol dó faoin ngéar-chéim i gceantar Mhachaire Rabhartaigh mar gheall ar chreimeadh cósta agus an gcuirfidh a Roinn airgead ar fáil le cosaint a thabhairt don chósta agus cosc a chur le tuilleadh creimithe.

Donegal South-West): Is gnó go príomha é do Chomhairle Chontae Dhún na nGall an cheist seo maidir le creimeadh cósta ag Trá Mhachaire Rabhartaigh a chosc.

Tá iarrtha ag mo Roinnse, áfach, ar an gComhairle Chontae tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a chur ar fáil maidir leis na hoibreacha atá de dhíth mar aon le cur síos ar na pleananna atá acu chun an fhadhb sin a réiteach. Breithneofar an cheist tuilleadh nuair a gheofar an t-eolas sin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

88 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige síneadh a chur le hamanta craolta Raidió na Gaeltachta.

: De réir Alt 19 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, faoi mar atá sé leasaithe ag Alt 14 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, is é Údarás RTE, le mo cheadsa, a shocraíonn na huaireanta craolacháin do sheirbhísí RTE ar fad, Raidió na Gaeltachta san áireamh.

Níl aon iarratas faighte agam ó Údarás RTE maidir le huaireanta breise craolacháin a cheadú do Raidió na Gaeltachta. Breithneoidh mé aon iarratas dá leithéid, má fhaighim é.

Barr
Roinn