Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Nov 1993

Vol. 435 No. 11

Written Answers. - County Galway School.

Robert Molloy

Ceist:

81 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil litir faighte aici ó Bhainisteoir Scoil Sailearna, Indreabhán, Contae na Gaillimhe, ag cur míshástacht na dtuismitheoirí in iúl faoin gcinneadh a tógadh obair thógala na scoile ar chostas £250,000 a chur siar go 1994 mar gheall ar dheontas £60,000 na Roinne a bheith gann ag an am; an bhféadfadh sí freagra a thabhairt anois ar na dintiúirí a cuireadh in iúl sa litir sin; agus an ndeánfaidh sí fáiteas sa chás.

Tá pleananna ullamh agus tairiscintí ar lámha i gcomhair obair thógála ag an scoil seo.

Íocfaidh an Roinn Oideachais deontas i leith cuid den obair. Tá deontas geallta ag an Roinn Ealaíon agus Cultúir i leith cuid den obair agus seasfaidh munitir na háite an chuid eile den chostas.
Ailtirí a d'fhostaigh an bord bainistíochta a d'ullmhaigh na pleananna.
Níorbh fhéidir an scéim seo a chur i mease na scéimeanna ar socraíodh conradh a dhéanamh dóibh i 1993 toisc go raibh scéimeanna eile ann a raibh níos mó práinne ag baint leo.
Roghnófar na scéimeanna a ndéanfar conradh ina leith le linn 1994 a luaithe is a shocrófar soláthar caipitil i gcomhair scoileanna náisiúnta do 1994. Tá an scéim seo ar cheann de na scéimeanna a chuirfear san áireamh agus an roghnú sin á dhéanamh.
Fuarthas litir ó chathgaorileach an bhord bainistíochta ó chianaibh. Tuigtear go maith gur cúis mhí-shástachta ag an mbord bainistíochta nach ndeachthas ar aghaidh leis an scéim seo roimhe seo agus go bhfuil tosca ar leith i gceist ón uair nach bhfuil an Roinn seo ag íoc deontais ach i leith cuid den scéim. Cuirfear freagra ar an litir seo go dtí an Cathaoirleach gan mhoill.
Barr
Roinn