Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Dec 1993

Vol. 437 No. 3

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta agus Boird Fiontraíochta Contae.

Helen Keogh

Ceist:

16 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an difríocht idir na rialacha agus cumhachtaí a bhaineann le ról Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis na Boird Fiontraíochta Contae; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin ábhar.

, Donegal South-West): Tá aidhmeanna, treoirlínte feidhme, critéir cúnamh, leibhéil deontas, etc., na mBord Fiontraíochta Contae leagtha síos i ndoiciméad a d'eisigh an tAire Fiontar agus Fostaíochta i mí Mheán Fómhair seo caite. Tá aidhmeanna agus cumhachtaí Údarás na Gaeltachta leagtha síos san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

Tá mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Fiontar agus Fostaíochta maidir leis an ról a bheidh ag Údarás na Gaeltachta i dtaca leis na Boird Fiontraíochta Contae.

Barr
Roinn