Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Dec 1993

Vol. 437 No. 3

Written Answers. - Future of Irish Language.

Frances Fitzgerald

Ceist:

105 Ms F. Fitzgerald asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht his policy on the future of the Irish language; the plans, if any, he has in this regard; the role of the various groups working in this area; and the steps he intends to take to ensure that the Irish language can be spoken fluently by greater numbers in the years ahead.

Is cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge agus is é an spriocaidhm náisiúnta i leith na teanga ná go mbeadh formhór ár muintire fíor-dhátheangach. Tá polasaí an Rialtais i leith cothú na Gaeilge, ár gcultúr agus ár n-oidhreachta leagtha síos sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta 1993-1997.

Maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaca le cláir phleanáilte ghníomhaíochtaí Bhord na Gaeilge (a luaitear sa Chlár sin) chun méadú a dhéanamh ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar 25 Samhain 1993 ar Cheist Dála Uimhir 104 i dtaobh an ábhair.

Táim tar éis a fhógairt go mbeidh Teilifís na Gaeilge ann i 1995. Níl aon amhras ach go gcabhróidh bunú na seirbhíse sin le staid na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht agus le cur chun cinn na Gaeilge sa tir i gcoitinne.
Is ar mhaithe le leas cultúrtha, sóisialach agus eacnamaíoch na Gaelachta agus ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar ghnáthurlabhra atá na scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge a bhíonn á riaradh ag mo Roinnse agus an cúnamh airgid a chuirtear ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Gaeilge. Suim £27.325 milliún a bheidh ar fáil ag mo Roinnse i 1994 le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.
Is iad na heagrais go díreach faoi scáth mo Roinne a bhfuil ról acu i gcur chun cinn na Gaeilge ná Údarás na Gaeltachta, Bord na Gaeilge agus Bord na Leabhar Gaeilge.
Maidir leis an nGaeilge, is é feidhm Údarás na Gaeltachta ná caomhnú agus leathadh na teanga mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltachta a spreagadh agus a chinntiú gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.
Is é feidhm Bhord na Gaeilge an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn. Obair ghríosaithe agus spreagtha is mó a bhíonn ar siúl ag an mBord chun tuilleadh Gaeilge a chur á labhairt ag an bpobal.
Is é Bord na Leabhar Gaeilge a thugann deontais faoi scéim a chabhraíonn le foilsitheoirí chun leabhair Ghaeilge a fhoilsiú d'fhonn spéis sa léitheoireacht Ghaeilge a chothú.
D'fhonn cabhrú le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar ghnáthurlabhra bíonn cúnmh le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge ó mo Roinnse.
Faoi mar atá ráite sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta, ní mór do gach dream den phobal a gcion féin a dhéanamh chun aidhm an dátheangachais a bhaint amach. Ní féidir leis an Rialtas amháin an cúram sin a chomhlíonadh ach is den riachtanas é go mbeadh lán-tacaíocht le fáil ón Rialtas don obair agus deimhním arís go mbeidh an tacaíocht sin ar fáil. Caithfear an bhá atá ag an bpobal leis an nGaeilge a shaothrú sa tslí go mbeidh gach duine sásta iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a leathadh. Ar ndóigh tá ról fíorthábhachtach ag an gcóras oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge chomh maith.
Ní fhéadfaí bheith sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le leathadh na Gaeilge mar theanga labhartha cé go bhfuil obair fhónta á déanamh ag mo Roinn féin, ag Bord na Gaeilge, ag Údarás na Gaeltachta agus ag na heagrais dheonacha Ghaeilge. Leanfar go dícheallach leis an obair sin d'fhonn an bunchloch atá ann cheana féin a neartú i gcaoi is go mbeidh fonn ar níos mó daoine an Ghaeilge a labhairt agus í a thabhairt don chéad ghlúin eile.
Barr
Roinn