Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Kerry Project Approval.

Michael Creed

Ceist:

3 Mr. Creed asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the current position of his Department in relation to a project (details supplied) in County Kerry; and if he will sanction its immediate approval.

Tar éis an togra sin a fháil ó Údarás na Gaeltachta, iarradh orthu tuilleadh eolais a chur ar fáil faoi ghnéithe éagsúla, líon na bhfostaithe buana san áireamh. Fuarthas cuid den eolas agus, ina dhiaidh sin, pléadh an togra le Príomhfheidhmeannach an Údaráis. Tá an tÚdarás ag déanamh staidéir faoi láthair ar phlean níos cuimsithí, a bheadh níos nasctha le riachtanais mhuintir an Daingin agus ina mbeadh an togra a cuireadh ar aghaidh mar chéad chéim.

Níl mé sásta in aon chor leis an fhreagra sin. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt a lán tacaíochta don scéim seo, agus tá tacaíocht agus airgead áitiúil ar fáil freisin. An raibh an Tánaiste riamh ag caint leis an Aire faoin scéim seo, agus cad a bhí le rá ag an Tánaiste, mar mheas na daoine sa Daingean gur thóg an Tánaiste an scéim seo as an Daingean go dtí Ciarraí thuaidh.

Tá áthas orm go bhfuil seans ann an dara huair deireadh a chur leis na raflaí scannallacha seo nach bhfuil bunús ar bith leo. Bhí mé ag labhairt ar raidió áitiúil i gCiarraí agus arís ar Raidió na Gaeltachta agus leis na hiriseoirí as na nuachtáin áitiúla agus rinne mé go ríshoiléir é nach ndearnadh aon argóint i gcoinne an togra seo, i dtaca leis an Tánaiste de, le mo Roinn. Ní dhearnadh aon áitiú i bhfábhar ceann eile i ligean ar aghaidh agus constaic a chur i slí an chinn seo.

Tabharfaidh mé míniú níos leithne, b'fhéidir, ná an ceann a thug mé don Teachta. Luaigh mé, mar shampla, go bhfuil mé i bhfábhar togra níos cuimsithí. Is éard atá i gceist ná gur tháinig an togra faoi bhráid mo Roinne ó Údarás na Gaeltachta, mar shaincheist. Cuireadh ceisteanna, mar shampla ar nós cá mhéad duine a bheadh fostaithe go buan; cén sórt todhchaí a bheadh ann dá mba rud é nach n-éireodh leis an bhfiontar seo, agus mar sin de. Bhí mé ag cur béime ar fhostaíocht sa Daingean agus is é an bhrí atá le togra níos naschta ná go bhfuil muid chun cur leis an togra agus dúirt mé ag an am sin nach gcuirfí aon mhoill orthu siúd a bheadh ar lorg freagra uaimse. Sin mar atá an scéal agus dúirt mé chomh maith go raibh mé sásta glacadh leis an togra mar chéad chéim de rud níos cuimsithí agus bheinn ag súil le go mbeadh an Teachta i bhfábhar níos mó fostaíochta a chruthú sa Daingean, maille le tuar buaine, rud a d'eascródh as an gcaiteachas atá i gceist.

Níor thug an tAire freagra ar an cheist. Níl sé fíor go bhfuil an tUdarás ag tabhairt lántacaíochta don scéim seo, le fada an lá. An bhfuil a fhios ag an Aire gur thug tuarascáil McNulty le fios gur cheart ionad turasóoireachta bheith oiriúnach do gach sórt aimsire sa Daingean agus tá sé sin i gceist sa scéim seo, rud atá are eolas ag an Aire le cúpla mí anuas, agus ba cheart dó an ceadú a thabhairt don scéim seo anois.

Ar an gcéad dul síos, sin é an fáth gur léigh mé tuarascáil McNulty. Glacadh sa tuarascáil sin le go raibh gá le háis sa Daingean a bheadh in ann freastal ar riachtanais chuairteoirí, go háirithe nuair a bheadh an aimsir go dona, mar a bhíonn sé uaireanta, agus sin an fáth gur cheapamar go bhfáilteodh muintir an Daingin roimh an scéal a shoiléiriú, agus gníomhú, agus is féidir liom a rá go bhfuil muintir an Daingin sásta glacadh leis, ní amháin go mbeadh uisceadán ann ach go mbeadh áiseanna ann do chuairteoirí, mar shampla, b'fhéidir, an cheardlann atá ansin a aistriú go áit níos giorra don uisceadán. Sin an fáth go bhfuil na focail "níos leithne" agus "níos nasctha" luaite. Níl aon bhunús — agus dúirt mé seo cheana in agallaimh i gCiarraí — le moill cúpla mí bheith ann. Ar an gcéad dul síos níor tháinig faoi bhráid mo Roinne na ceisteanna a cuireadh ar na daoine a bhí ag cur an tionscnaimh seo ar aghaidh. Agus caithfidh muid glacadh leis go bhfuil costas £1.4 mhilliún b'fhéidir, i gceist anseo, agus an chuid is mó de ag teacht ón Stát. Is iad seo na ceisteanna: cé mhéad airgid atá á chur ar fáil ar bhonn áitiúil, cé mhéad fostaíochta buaine a bheidh ann, cé chomh slán agus atá sé maidir leis an todhchaí agus mar sin de. Mar a dúirt mé tá roinnt den eolas faighte againn, ach níl mé ag cur moille ar an togra ag an bpointe seo. Chomh maith leis sin, ionas nach gcuirfí moill air, bhuail mé le príomhfheidhmeannach an Údaráis agus tá seisean sásta an moladh níos leithne a thabhairt go dtí an tÚdarás agus tá mé ag feitheamh leis an fhreagra sin. Ba mhaith liom a rá, na ráflaí nach bhfuil bunús leo, níl siad ag cabhrú le fostaíocht ná le muintir an Daingin.

Barr
Roinn