Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht Dá Tionsclaíoch Nua sna Gaeltachtaí.

Martin Cullen

Ceist:

12 D'fhiafraigh Mr. Cullen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú ar Inis Oírr.

Liz O'Donnell

Ceist:

16 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltacht Chontae na Mí.

Michael McDowell

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den den den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú ar Inis Meáin.

(Donegal South-West): Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 12, 16 agus 18 le chéile.

Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá go mbímse ag brath ar Údarás na Gaeltachta — an comhlacht Stáit reachtúil atá bunaithe chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn — chun tograí a aimsiú le lonnú sna limistéir Ghaeltachta. Baineann deacrachtaí ar leith le tionscail a bhunú ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta. D'ainneoin sin leanfaidh an tÚdarás lena gcuid iarrachtaí d'fhonn tionscail fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh fostaíocht bhreise ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta ar a n-áirítear na hoileáin is ábhar do na ceisteanna. I dtaca leis sin de ní miste a rá go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Údarás maidir le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil ar oileáin Ghaeltachta.

Maidir le Inis Oírr tuigim ón Údarás gur tháinig méadú san fhostaíocht lánaimseartha i dtionscnaimh faoina scáth ar an oileán i 1993, i.e., ó cuig dhuine go dtí 11 dhuine. Chomh maith leis sin bhí 34 dhuine ag obair i dtionscnaimh ar bhonn páirtaimseartha/séasúrach ag deireadh 1993 i gcomparáid le 23 dhuine ag deireadh na bliana roimhe sin.

I gcás Inis Meáin is amhlaidh go raibh laghdú beag i 1993 ar líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha agus go páirtaimseartha/séasúrach i ngnóanna a fuair cúnamh ón Údarás, i.e., ó 26 go dtí 24 dhuine agus ó 28 go dtí 25 dhuine faoi seach. Tá an tÚdarás dóchasach, áfach, go méadóidh na figiúirí sin arís roimh dheireadh na bliana seo.

Níl aon togra suntasach á phlé ag an Údarás don dá oileán sin i láthair na huaire.

I dtaca le Gaeltacht na Mí tuigim ón Údarás go raibh méadú ó 117 dhuine go dtí 120 dhuine san fhostaíocht lánaimseartha sa chontae i 1993 agus ó 11 dhuine go dtí 84 dhuine i gcás na fostaíochta páirtaimseartha/séasúrach. Tá dhá thogra á bplé ag an Údarás i láthair na huaire don Ghaeltacht sin ina bhfuil fostaíocht shuntasach bhreise i gceist ach tá sé ró-luath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar na comhráite sin.

Glacaim leis an méid atá ráite ag an Aire maidir le dul chun cinn áirthe ar Inis Oírr, go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na ndaoine atá fostaithe ar an oileán sin i mbliana. Ach an nglacfadh an tAire leis nach fiú biorán é an méadú sin nuair a chuirtear san áireamh a bhfuil ag tárlú ar na hoileáin go léir, siad sin dífhostaíocht agus imirce. Tá baol ann anois nach mbeidh duine óg ar bith fágtha ar cheachtar den dá oileáin seo i gceann deich mbliana nó mar sin muna ndéantar beart níos treise chun fostaíocht a chothú ar an dá oileán. An bhféadfadh an tAire a rá liom an bhfuil aon bheart nó fheachtas speisialta idir láimhe i mbliana d'fhonn breis fostaíochta a chun ar aghaidh ar an dá oileán sin?

(Donegal South-West): Aontaimíd go léir nach bhfuil go leor poist á gcruthú sa tír iomlán agus go háirithe ar na hoileáin. Mar a dúirt mé i mo fhreagra, tá sé fíor-dheacair poist a chruthú in áiteanna iargúlta agus ar na hoileáin. Mar sin, caithfimid na jabanna atá ann cheana féin a chaomhnú agus poist bhreise a chruthú. Chun é sin a dhéanamh caithfimid díriú ar achmhainní nádúrtha na réigiúin sin. Níl ceist an bith go mbeidh an Rialtas seo ag déanamh reamairt ar na hoileáin. I dtaca leis na hoileáin a luadh, chuireamar na milliúin punt ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar na céanna agus tá sé sin ag cuidiú le muintir na háite i láthair na huaire. Tá baint indíreach ag na comharchumainn ansin leis an bhforbairt seo. Le cúpla lá anuas thug an tAire cead £100,000 breise a chaitheamh ar an fhorbairt sin in Inis Oírr. Cén fáth go mbeadh rialtas ar bith ag caítheamh na milliúin punt ar na hoileáin muna raibh siad dáiríre faoi thodhchaí pobal na n-oileán sin. Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh a ndícheall chun poist bhreise a chruthú ansin ionas go mbeidh jabanna ar fáil ag aos óg na tíre seo agus ag aos óg na n-oileán.

Tá mé dóchasach faoin cheist seo agus ar ndóigh tá na milliúin punt ag teacht anois ón gComhphobal. Chomh maith leis sin tá ocht milliún punt ann chun céanna a fhorbairt sna Gaeltachtaí agus ar na hoileáin agus is comhartha é sin ar dháiríreacht an Rialtais seo fá dtaobh an Ghaeltacht agus fá dtaobh na n-oileán.

Tá ceist ar leith agam maidir le forbairt an dá ché ar an dá oileán. An measann an tAire go bhféadfaí níos mó dul chun cinn a dhéanamh chun poist bhreise a sholáthar i dtionscal na héisc nó i dtionscal na turasóireachta. An raibh an tAire ag caint le Bord Fáilte nó le Aire na Mara le déanaí féachaint an bhféadfadh sé aon fheachtas níos treise a chur i bhfeidhm chun poist bhreise a sholáthar san dá sector sin?

(Donegal South-West): Dúirt mé má tá jabanna le cruthú sna Gaeltachtaí agus ar na hoileáin go gcaithfear na hacmhainní nádúrtha a fhorbairt, siad sin, tionscail na turasóireachta agus na hiascaireachta. Bhí ráflaí ag dul thart ag rá go ndúnfaí na céanna sin taobh istigh d'achar gearr. Na daoine a bhí ag cun na ráflaí sin thart, ní dóigh liom gur cairde iad le muintir na Gaeltachta, le pobal na Gaeilge nó le muintir Iris Oírr agus Inis Meáin.

Is cruthúnas é ar dháiríreacht an Rialtais go bhfuil muid ag iarraidh níos mó cuidithe a thabhairt do na hoileáin trí Roinn na Gaeltachta. Ar ndóigh tá sé mar pholasaí ag an Rialtas anois tríd an Aire Leasa Shóisialaigh cuidiú a thabhairt freisin do na hoileáin nach oileáin Ghaeltachta iad.

Barr
Roinn