Ba í an aidhm a bhí ann ó thús — agus thuig muintir na n-oileán é sin — ná an obair ar an mhórscéim mhuiroibreacha ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr a chríochnú faoi dheireadh an tsamhraidh/an fhómhair 1995. Seasann an aidhm sin i gcónaí.
Ag féachaint don dochar a d'fhéadfadh a bheith ann don tionscal turasóireachta ar Inis Oírr mar gheall ar na hoibreacha mara a bheith ar siúl, thug mé cead do Roinn na Mara le déanaí chun fad breise 10.25 méadar a chur leis an bpiara atá ann cheana féin, ar chostas measta £100,000. Ciallaíonn sé seo go mbeidh báid farantóireachta bheaga in ann teacht i dtír fad is a bheidh na móroibreacha ar siúl. Ar ndóigh, beidh an bád mór "Oileán Árann" in ann teacht i dtír chomh maith.
Táthar ag súil leis i gcónaí go gcríochnófar an mhórscéim ar an dá oileán laistigh den tsuim £4.5 mhilliún atá údaraithe ina leith.
Táim lánsásta, mar a dúirt an tAire Stáit, go mbeidh an caiteachas seo ina chabhair mhór do mhuintir na n-oileán. Chuir mé an suim de £100,000 ar fáil ionas nach mbeadh Inis Oírr thíos leis fad is a bhí an obair ar suíl.