Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Michael McDowell

Ceist:

27 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na socruithe atá déanta le haghaidh riaradh na bhfoirmeacha iarratais le haghaidh Scéim na mBóithre Áiseanna; agus cad iad na caighdeáin a chuirfear i bhfeidhm maidir le dáileadh na ndeontas seo.

Is ar bhóithre áise go príomha a chaitear soláthar blaintúil mo Roinne le haghaidh bóithre. Chun a bheith cáilithe le haghaidh ag freastal de ghnáth ar dhá theach bheith ag freastal de ghnáth ar dhá theach cónaithe ar a laghad nó ar dheich líon tí i gcás bóthair phortaigh ní i gcás bóthair chuig gábháltas talún. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a chomhlánú agus scrúdaíonn foireann stiúrthóireachta mo Roinne na hiarratais féeachaint an bhfuil siad cáilithe le haghaidh cúnaimh. Os rud é gur suim theoranta airgid a bhíonn ar fáil in aghaidh na bliana le caitheamh ar bhóithre, ní féidir cúnamh a cheadú i leith gach bóthair cháilithe. Bíonn roghanna le déanamh mar sin idir iarratais cháilithe.

Barr
Roinn