Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Written Answers. - National Development Plan.

P. J. Sheehan

Ceist:

28 Mr. Sheehan asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht in view of the shortfall in funding available for the implementation of the National Development Plan, 1993 to 1997, the specific proposals, if any, that will not now proceed; and if he will further prioritise his Department's proposals in this regard.

Is eol don Teachta, ní foláir, go bhfuil comhráití ar bun faoi láthair le Coimisiún na hEorpa maidir leis an bPlean Náisiúnta 1994-1999. Dá réir sin, ní fhéadfaí a rá ag an bpointe seo cad iad na tograí a bheidh ag dul chun chinn láithreach agus na cinn a thógfaidh níos mó ama de bharr laghdú ar an soláthar airgid faoin bPlean. Ní miste a mhíniú go mbeidh tosaíochtaí á leagan amach agam do thograí faoin bPlean agus go mbeidh athbhreithniú le déanamh ó thráth go céile ag brath ar dhul chun cinn tograí ar leith.

Barr
Roinn