Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Written Answers. - Seirbhísí Ghaeilge don Phobal.

Trevor Sargent

Ceist:

29 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, maidir leis na treoirlínte atá eisithe don earnáil phoiblí do chláracha gníomhaíochta i leith leathnú an dátheangachais i sochaí na hÉireann, an bhféadfadh an tAire a rá cén dul chun cinn atár déanta go dtí seo, cé mhéid clár gníomhaíochta atá foilsithe ag an earnáil phoiblí agus céard iad na seirbhísí atá ar fáil gan dua trí Ghaeilge ag an bpobal.

Trevor Sargent

Ceist:

74 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, maidir leis na treoracha atá eisithe don earnáil phoiblí faoi sheirbhísí Gaeilge do phobal na Gaeltachta, an bhféadfadh sé a rá cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus cé na seirbhísí atá ar fáil, gan dua, trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

Togfaidh mé Ceist Uimh. 29 agus Ceist Uimh. 74 le chéile.

Maidir le cláracha gníomhaíochta a tharraingt suas ag Ranna Stáit agus ag Eagrais Stáit, tá tús maith curtha le feidhmiú pholasaí an Rialtais i leith leathnú an dátheangachais i sochaí na hÉireann, faoi mar atá leagtha síos sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta 1993-1997.

Faoi láthair tá 72 chláracha/tuairiscí gníomhaíochta curtha ar fáil ag Ranna Stáit agus ag Eagrais Stáit. Is beag eagras, áfach, a thug liosta cuimsitheach de na seirbhísí atá ar fáil nó atá le cur ar fáil i nGaeilge amháin nó go dátheangach agus tá Bord na Gaeilge ag díriú ar an easnamh sin sna cláracha a leigheas.
Maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ón Earnáil Phoiblí do phobal na Gaeltachta, níltear sásta leis an bhfreagairt ó Ranna Stáit agus ó Eagrais Stáit i gcoitinne i dtaca leis an riachtanas sin. Is mian liom a threisiú arís gurb í an bhunaidhm d'oifigí Stáit sa Ghaeltacht gur trí Ghaeilge amháin a bheidh seirbhís ar fáil mar ghnáthnós do phobal na Gaeltachta, go mbeidh sé intuigthe don phobal sin go soiléir gurb amhlaidh atá agus nach gá dóibh dul á thóraíocht go speisialta. Leanfar go dícheallach ag iarraidh an bhunaidhm sin a bhaint amach.
Barr
Roinn