Peadar Clohessy
Ceist:30 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé aitheantas oifigiúil do Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás.
Vol. 443 No. 2
30 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé aitheantas oifigiúil do Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás.
Ní ar oileán Ghaeltachta amháin a fhreastalaíonn Comhdháil Oileáin na hÉireann. Freastalaíonn an eagraíocht sin ar oileáin Éireannacha lasmuigh den Ghaeltacht freisin agus, de réir mar a thuigim, ar oileán lasmuigh den Stát.
Is go príomha trí na comharchumainn phobail ar na hoileáin Ghaeltachta a fheidhmíonn mo Roinnse ach tuigim go maith go mbeidh ról ag Comhdháil Oileáin na hÉireann i dtaca le forbairt na n-oileán sin. Is mian liom a threisiú, áfach, nach bhfuil feidhm ag mo Roinnse i dtaca leis na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht.