Robert Molloy
Ceist:75 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú ar Inis Mór.
Vol. 443 No. 2
75 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú ar Inis Mór.
76 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltacht na Gaillimhe.
77 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltachtaí Chiarraí.
78 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltacht Dhún na nGall.
79 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltacht Mhaigh Eo.
80 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na tairiscintí atá aige chun fostaíocht thionsclaíoch nua a bhunú i nGaeltacht Phort Láirge.
Donegal South-West): Tóg faidh mé Ceisteanna Uimh. 75, 76, 77, 78, 79 agus 80 le chéile.
Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá go mbímse ag brath ar Údarás na Gaeltachta — an comhlacht Stáit reachtúil atá bunaithe chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn — chun tograí a aimsiú le lonnú sna limistéir Ghaeltachta.
I dtaca leis sin bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an Údarás d'fhonn tionscail nua a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil sna ceantair Ghaeltachta uile agus chun an fhostaíocht atá cruthaithe cheana a chaomhnú.
Tuigim ón Údarás go bhfuil roinnt tograí, ina bhfuil fostaíocht shuntasach bhreise i gceist, á bplé acu i láthair na huaire do na ceantair Ghaeltachta éagsúla. Ní bheadh sé ceart domsa, áfach, eolas faoi thograí ar leith a chur ar fáil nuair atá idirbheartaíocht idir an Údarás agus tionsclóirí fós ar siúl.