Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 May 1994

Vol. 443 No. 2

Written Answers. - Postanna Caillte i Monarchain Ghaeltachta.

Robert Molloy

Ceist:

81 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an méid postanna a cailleadh i monarchana atá ag fáil cúnaimh ó Údarás na Gaeltachta i 1993 agus i 1994.

Donegal South-West): Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain. I dtaca leis sin de tá Údarás na Gaeltachta ag cur lena gcuid iarrachtaí ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú sa Ghaeltacht ach freisin chun an fhostaíocht atá ann cheana a chaomhnú oiread agus is féidir. Bhí toradh na hoibre sin le feiceáil i 1993 i gcaoi is go raibh laghdú suntasach i líon na bpost a cailleadh i dtionscail Ghaeltachta a fuair cúnamh ón Údarás sa bhlian sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, i.e. cailleadh 676 phost i 1993 i gcomparáid le 920 post i 1992.

Tá an-bhéim á cur ag an Údarás ar phostanna a chaomhnú chomh maith len iad a chruthú agus tá siad ag fáil cabhrach ó mo Roinnse chun an aidhm sin a bhaint amach.

Ní bheidh figiúirí fostaíochta do 1994 ar fáil go dtítar éis deireadh na bliana sin.

Barr
Roinn