Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Jun 1994

Vol. 444 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais Labhairt na Gaeilge.

Liz O'Donnell

Ceist:

13 D'fhiafraigh Ms O'Donnell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltacht an gcuirfidh sé in iúl an líon daltaí bunscoile a thuill deontas Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 1981-82 agus 1991-92.

Tá na figiúirí i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall iad sa Tuairisc Oifigiúil.

An líon daltaí bunscoile a thuill deontas Labhairt na Gaeilge

Contae

Scoilbhliain

1981-82

1991-92

Dún na nGall

1,746

1,294

Maigh Eo

296

233

Gaillimh

1,870

1,759

Ciarraí

465

507

Corcaigh

175

118

Port Láirge

96

69

An Mhí

75

59

An tIomlán

4,723

4,039

Os rud é nach bhfuil na figiúirí ar fáil domsa go fóil ar aon nós, an bhféadfadh an tAire a rá liom an bhfuil líon na ndaltaí ag dul i méid nó ag dul i laghad? Conas tá an staid faoi láthair?

I 1981-82 ba é an t-iomlán daltaí sna bunscoileanna ná 4,723. I 1991-92 ba é an t-iomlán ná 4,039. Tá an scéim athraithe ó shin.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire maidir leis an gcéatadán daltaí sna ceantair. Ní dóigh liom gur féidir scéal a thógaint as na figiúirí sin ar a son féin. An bhfuil fhios ag an tAire cén ceatadán de na daltaí atá i gceist anseo?

Chun eolas beacht a thabhairt ar an bhfocheist atá curtha ag an Teachta ba chóir d'éinne na figiúirí ar an rolla a chur i gcomparáid leis na figiúirí maidir le daoine atá ag fáil an deontais. Bhí laghdú 19 faoin gcéad ar líon na ndaltaí ar na rollaí i gcomparáid le laghdú 17 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a thuill an deontas. Bhí laghdú 23 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a diúltaíodh. Is léir mar sin go raibh an laghdú ar an líon a thuill an deontas ag baint leis an líon ar na rollaí. Mar adúirt mé, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar an scéim labhairt na Gaeilge agus tá scéim nua curtha i bhfeidhm sna limistéir Ghaeltachta ón scoilbhliain 1993-94. Tá an scéim nua dírithe ar theaghlaigh seachas ar pháistí aonaracha.

Má thuigim na figiúirí i gceart tá sé beagnach cothrom. Níl aon dul chun cinn nó aon laghdú gur fiú trácht air. Tá sé deacair an scéal a mheas, faoi mar a deireann tú.

Tá, agus nuair a bheidh an t-eolas scaipthe i measc na dTeachtaí is féidir linn filleadh ar an gceist seo. Tá suim ag na Teachtaí atá i láthair sa cheist seo agus labhraíonn siad Gaeilge agus dá bhrí sin ba chóir go mbeadh an méid eolais agus is féidir acu. Tá iarratais faoin scéim nua, agus tá seo suimiúil, faighte ó 3,542 teaghlach sa Ghaeltacht i gcomórtas le 3,976 teaghlach a chuir isteach ar an sean-deontas.

Tá an scéim nua teoranta do na limistéir Ghaeltachta agus do theaghlaigh as a bhfuil páistí ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil. Mar sin tá an chuid is mó de na daoine a bhí ag fáil an sean deontais istigh sa scéim nua. Tá deacrachtaí le eisceachtaí agus caithfidh mé scrúdú a dhéanamh ar na heisceachtaí sin. An rud atá tábhachtach, ceapaim féin, ná nach raibh mé sásta go mbeadh an scéim bunaithe ar pháistí aonaracha ag am ar bith. Bhí laigí ag baint leis sin, ceapaim féin.

(Carlow-Kilkenny): An bhfuil aon phlean ag an Aire deontas a thabhairt do theaghlaigh nach bhfuil sa Ghaeltacht ach a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad? An gceapann sé go bhfuil na deontaisí seo ag cur isteach ar shuim sa Ghaeilge? Nuair a bhí mé i gContae Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin agus obair thábhachtach á déanamh againn ansin — trí Ghaeilge an t-am ar fad — thug mé faoi deara go raibh na sean daoine an-toilteanach Gaeilge a labhairt liom nuair a labhair mé Gaeilge leo. Ach maidir leis na daoine óga, isé a dúirt siad ná, “tá Béarla agamsa”. Cheap siad go mba chóir go mbéidh Bearla á labhairt ag gach éinne san áit, cé go raibh deontas, déarfainn, á fháil acu agus faighte acu leis na blianta. An bhfuil suim na ndaoine óga sa Ghaeltachta i labhairt na Gaeilge ag titim?

Is ceist eile í sin ach is féidir liom a rá nach feidir an Ghaeltacht nó na Gaeltachtaí a shlánú nó an Ghaeltacht a chur ar aghaidh ar dheontais amháin. Tá i bhfad níos mó i gceist agus i rith an tsamhraidh beidh mé ag smaoineamh ar stráitéis nua b'fhéidir chun an cheist bhunúsach seo a chíoradh i gceart leis na heagrais dheonacha agus na heagrais stáit agus b'fhéidir rud bunusach a dhéanamh, i mbreithniú a dhéanamh ar céard is ceart a dhéanamh chun todhchaí na Gaeilge a shlánú agus a neartú.

Barr
Roinn