Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Jun 1994

Vol. 444 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cé Chill Mhuirbhigh, Inis Mór, Contae na Gaillimhe.

Robert Molloy

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a chur ar fáil le haghaidh dheisiú Chéibh Chill Mhuirbhigh, Árainn, Contae na Gaillimhe.

Tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a fuarthas ó Roinn na Mara maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ag Cill Mhuirbhí á scrúdú ag mo Roinnse.

Tá deontas nach rachaidh thar £10,000 ceadaithe chun a chumasú do Choiste Forbartha Fhearann an Choirce, Inis Mór, oibreacha cosanta a dhéanamh ag Trá Chill Mhuirbhí agus tá tráthchuid £2,000 den deontas sin íoctha cheana féin.

Tá áthas orm an scéal sin a chlos. Is léir ón méid atá ráite ag an Aire go bhfuil dul chun cinn déanta ar an gceist seo. I do thuairim, a Aire, cathain a bheidh an obair atá i gceist críochnaithe? An bhfuil a fhios sin agat go fóill nó an bhfuil sé ró-luath an saghas sin eolais a lorg?

Cheadaigh mé an deontas seo mar cheap mé go raibh sé tábhachtach agus go raibh sé ag teastáil. Agus sé an fáth go bhfuil an £2,000 íoctha ná i dtreo is nach gcuirfear aon mhoill ar an obair.

An bhfuil fhios agat cathain a bheidh an obair críochnaithe? An bhfuil sé ró-luath é sin a rá fós?

Tá sé beagainín ró-luath. Beidh mé i dteangbháil leat. B'fhéidir nach mbeidh aon deacrachtaí againn, cúrsaí aimsire agus mar sin de. Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh aon mhoill ach beidh mé i dteangbháil leis an Teachta.

Tá sin sásúil.

Barr
Roinn