Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Jun 1994

Vol. 444 No. 5

Written Answers. - Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Contae an Chláir.

Donal Carey

Ceist:

147 D'fhiafraigh Mr. Carey den Aire Oideachais an bhfuair sí iarratas ó Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis, Contae an Chláir, ag iarraidh an seachtú cúntoir a cheapadh sa Ghaelscoil i Mí Mhéan Fómhair; agus chun a fhiafraí di an bhfuil sí toilteanach glacadh le moltaí Bhord Bainistíochta na Scoile.

Fuarathas iarratas go gceapfaí an seachtú cúntóir i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg.

Bunaítear an líon múinteoirí a cheadaítear ar fhoireann teagaisc scoile i scoilbhliain áirithe ar an líon daltaí a bhí ar rollaí na scoile ar an 30ú Méan Fómhair sa scoilbhliain roimhe sin.

Bhí 184 dhalta ar rollaí na scoile seo ar an 30 Meán Fómhair 1993. Ar an mbonn sin, is í an fhoireann teagaisc atá ceadaithe don scoil seo sa scoilbhliain 1994-95 ná Príomhoide agus seisear cúntóir.

Leiríonn an t-iarratas go mbeidh 195 dhalta ar rollaí i Meán Fómhair 1994. Má bhíonn 195 dhalta ar rollaí na scoile ar an 30ú Meán Fómhair 1994 beifear i dteideal post breise a bhunú sa scoil ar an 1 Meán Fómhair 1995.

Barr
Roinn