Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Jun 1994

Vol. 444 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Craolta Seirbhíse.

Helen Keogh

Ceist:

5 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an mbeidh Teilifís na Gaeilge, mar atá molta, ar fáil i ngach páirt den na réigiúin Ghaeltachta.

Meabhraím don Teachta an freagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 4, 11 agus 22 ar 25 Bealtaine seo caite colúin 319-322 de Thuairisc Oifigiúil an lae sin — inar luaigh mé go raibh sé mar aidhm go mbeadh fáil ag 90 faoin gcéad den tír ar chraolta na seirbhíse nua ó thús craolta. Tá sé mar thosaíocht freisin go mbeadh fáil ag formhór de dhaonra na Gaeltachta ar an tseirbhís ón tús.

Os rud é gur dhúirt an tAire go mbeidh teacht ar 90 faoin gcéad de dhaonra na tíre seo maidir leis an tseirbhís nua atá i gceist aige, an bhféadfadh sé an deich faoin gcéad a ainmniú, cén chuid den tír atá i gceist, an i an Ghaeltacht atá i gceist, nó an í an Ghalltacht atá i gceist? An bhféadfá míniú níos leithne a thabhairt dom?

Níl mé ag baint úsáide as an 10 faoin gcéad mar shórt pionóis. Is é an rud atá i gceist ná go bhfuilimíd ag cur seirbhísí craolacháin ar fáil agus is í an aidhm nócha faoin gcéad a bhaint amach ón gcéad lá, ach, ar ndóigh, is í an chosúlacht atá ar an scéal, b'fhéidir nach mbeidh an Ghaeltacht i gceist ach caithfidh muid bheith siúráilte agus tar éis bheith ar an aer ar feadh tréimhse is féidir na deacrachtaí a aimsiú. Mar shampla, bíonn deacrachtaí ag cur as do RTÉ agus sin é an fáth go luaim 90 mar chéatadán. Níl aon deich faoin gcéad aimsithe agus tá sé ráite nach mbeidh siadsan in ann Teilifís na Gaeilge a fháil. Caithfimíd bheith cinnte faoin taobh teicneolaíochta den scéal. Mar sin de, táimid ag díriú ar 90 faoin gcéad mar sprioc ón gcéad lá, agus, ag an am céanna, ag díriú ar ardchaighdeán.

Glacaim leis an fhreagra ón Aire agus admhaím go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an Aire céanna maidir leis an gceist seo, ach níl aon rud á lorg agam, a Aire, ach eolas. Ach an cheist atá agam, an mbeidh teacht agam féin, i gcathair Chorcaí, mar shampla, ón gcéad lá ar sheirbhís Theilifís na Gaeilge.

Níl an chosúlacht ar an scéal, ó thaobh chúrsaí craolacháin de, ar a laghad, gur black spot é cathair Chorcaí.

An rud atá ag cur isteach go mór ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta ná nach féidir leo liricí popcheoil a chloisteáil ar an raidió. An bhfuil sé i gceist ag an Aire go mbéadh Teilifís na Gaeilge in ann liricí popcheoil a cheadú ar na cláir theilifíse?

Ní thuigim an cheist. Tá suim agamsa i ngach saghas ceoil, an popcheol san áireamh, ach braitheann sé sin ar na húdaráis chuí. Leagann an tAire caighdeán síos, ach níl aon amhras orm féin nuair a bheidh an chomhairle ag feidhmiú go mbeidh siad lánsásta roinnt clár a chur ar fáil a dhéanfadh freastal ar dhaoine a chuireann spéis sa sórt sin ceoil, an Teachta Kenny ina measc.

Chuala mé Seán Bán ag gearán go minic ar Raidió na Gaeltachta faoi seo agus tá súil agam, maidir le raon na gclár a bheidh le feiceáil ar Theilifís na Gaeilge, go mbeidh an cheist seo san áireamh.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil eolas beacht agam faoi ghearáin Sheáin Bháin, ach, ag an am céanna, tá sé mar bhunphrionsabal polasaí go mbeadh ceol Éireannach ar fáil ar an gcóras craolta. Chuir sé áthas orm féin, fiú amháin, chun freagra a thabhairt don Teachta, sa sraith neamhspleách de chúrsaí raidió, mar shampla, go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le coibhneas na gceoltóirí Éireannacha, agus tá mé an-sásta leis sin. Má tá daoine dáiríre faoi chúrsaí ceoil a chur chun cinn, agus na jabanna a bhaineann leis sin, ba cheart go gcuirfí ceol atá cumtha sa tír seo ar fáil.

Ag glacadh leis go mbeidh fadhbanna na gcnoc ann maidir le craoladh na teilifíse nua, agus fáil na seirbhíse seo, an féidir linn glacadh leis go dtabharfar tús áite do cheantair Ghaeltachta ina bhfuil cnoic i réiteach fhadhbanna chraoladh na seirbhíse seo, agus freisin, an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbeidh sé ar fáil sna Sé Chontae, agus go mórmhór i gceantair an phobail Ghaeltachta, leithéid Bhéal Feirste?

Ar an gcéad dul síos níor dhúirt mé go mbeadh deacrachtaí ag aon Ghaeltacht, ach, más rud é go mbeidh deacrachtaí ag Gaeltacht ar bith — agus nílim cinnte go mbeidh — beidh cabhair theicniúil ann chun fadhbanna mar sin a fhuascailt. Ba mhaith liom deireadh a chur le haon ráfla atá á scaipeadh i leith ruda mar sin. Beidh Teilifís na Gaeilge ar fáil, mar a dúirt mé, ag muintir na Gaeltachta. Tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh deacrachtaí ann, ach más rud é go mbeidh deacrachtaí ann déanfaidh muid iarracht iad a shárú gan mhoill.

Maidir leis an dara pointe, tá sé ráite agam sa Teach go minic, agus tá sé ar an taifead, go bhfuil mé ag déanamh iarrachta an tseirbhís a chur ar fáil ar gach oileán agus braitheann sin ar chainteanna a bhí ar siúl, agus atá ar siúl, agus atá ag leanúint ar aghaidh i leith chúrsaí craolacháin idir muidne sa tír seo agus Tuaisceart na hÉireann.

Tá mé buartha nach raibh mé istigh fá choinne freagra iomláin an Aire ar an cheist thábhachtach seo. Ba mhaith liom a fhíafraí de ar dtús cén uair atá sé ag súil go mbeidh Ceannaire á ainmniú do sheirbhís Theilifís na Gaeilge, mura bhfuil sé sin déanta go dtí seo. An bhféadfadh sé tuairim a thabhairt dúinn go díreach, freisin, cén uair a bheidh an tseirbhís úr á craoladh, an bhféadfadh sé insint an raibh aon chomhráití idir é féin agus na húdaráis i dTuaisceart na hÉireann? Bhí cruinnithe againn le lucht craoltóireachta ansin, lucht teilifíse UTV, BBC agus tá suim acu i gcláir Ghaeilge. Sílim gur mhór an mhaith a dhéanfadh sé dul i dteagmháil leosan agus b'fhéidir comhoibriú bheith idir muid féin agus iadsan chun seirbhís a chur ar fáil don tír ar fad trí Ghaeilge, thuaidh agus theas, ar an teilifís.

Ar an gcéad dul síos, tá an obair a bhaineann le Ceannaire a cheapadh ar siúl fós agus tá na hagallaimh críochnaithe ag an gComhairle. Beidh siadsan ag cur tuarascála ar fáil do Raidió Teilifís Éireann, a bhfuil an cúram orthu an duine a cheapadh. Níl a thuilleadh eolais agam thar an méid sin ag an bpointe seo. Maidir leis an dara ceist a chuir tú orm, is é an spriocdháta ná go luath i 1996, nuair a bheidh an tseirbhís nua teilifíse ar fáil. An tríú cuid, táim ar aon intinn leat féin. Bhí cainteanna idir oifigigh mo Roinnse agus feidhmeannaigh ó na stáisiúin agus seirbhísí teilifíse eile, ar nós UTV agus Channel 4, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Bhí a lán cainteanna againn, maidir lena dtaithí féin ar chúrsaí teicneolaíochta, thraenáil, chláir a chur le chéile agus mar sin de Rinneadh a thuilleadh plé ag cruinniú foirmiúil agus ag an bpointe seo táimid ag dul ar aghaidh ar bhonn go mbeidh sé ar ár gcumas an tseirbhís a chur ar fáil ar fud an oileáin. Tá mé dóchasach gur mar sin a bheidh sé ach caithfear, mar shampla, fanacht le cur le chéile na tuarascála, agus, chuige sin, tá coimriú á dhéanamh ag an taobh eile. Ní chabhródh sé le héinne a thuilleadh a rá ag an bpointe seo, ach go bhfuil mé dóchasach go mbeidh sé ar fáil ar fud an oileáin. Tuigfidh an Teachta go bhfuil sé sin nasctha le cúrsaí craolacháin eile agus caithfimid na deacrachtaí sin a réiteach chomh maith.

(Carlow-Kilkenny): An féidir leis an tAire a rá linn, an mbeidh deacrachtaí faoi leith ag Teilifís na Gaeilge, ó thaobh chraolacháin de, nach bfuil ag RTÉ a haon agus a dó faoi láthair?

Níl mé ag súil le haon deacrachtaí breise, ach a mhalairt, is féidir, b'fhéidir, aire faoi leith a thabhairt dá lán de na deacrachtaí atá ann, go háirithe in áiteanna beaga, agus más féidir, agus muidinne ag bunú na seirbhíse, bheadh an freastal ar RTÉ in a bhuntáiste leis.

Cén bhliain a mbeidh Teilifís na Gaeilge ann?

Beidh an tseirbhís nua ar an aer go luath i 1996.

Barr
Roinn