Éamon Ó Cuív
Ceist:97 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cé mhéad cóip de fóiliónna a ordaíodh roimh an 31 Márta 1994, le léarscáil nó gan léarscáil, nach bhfuil curtha amach fós.
Vol. 444 No. 6
97 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cé mhéad cóip de fóiliónna a ordaíodh roimh an 31 Márta 1994, le léarscáil nó gan léarscáil, nach bhfuil curtha amach fós.
: Tá sé curtha in iúl dom ag Cláraitheoir na dTeideal, i dtaobh na n-iarratas ar chóipeanna de fhóiliónna a fuarthas i gClárlann na Talún roimh 31 Márta 1994, go bhfuil 2,126 iarratas idir lámha ag an am seo. Is fóilió le léarscáil atá á lorg i bhformhór na n-iarratas seo.
Eisíodh timpeall 68,500 fóiliónna le léarscáil ón gClárlann ó lú Eanáir 1994 suas go dtí an dáta seo.