Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1995

Vol. 448 No. 3

Written Answers. - Feidhmeanna Speisialta Tuarasóireachta.

Robert Molloy

Ceist:

96 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé a thuairimí in iúl i dtaobh an iarratais ó Údarás na Gaeltachta le haghaidh feidhmeanna speisialta chun an turasóireacht a chur chun cinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás. [2173/95]

Faoi alt a 10 den Acht um Údaras na Gaeltachta, 1979, tá sé de gchumhacht ag Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid a thabhairt chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothbháil sa Gaeltacht.

Ach é sin ráite, is gá agus is gnó don Údarás an soláthar airgid a chuirtear ar fáil dó in aghaidh na bliana a chaith-eamh go stuama coigilteach agus ar na tograí lena mbainfidh an fiúntas is mó i dtaca le forbairt na Gaeltachta agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil dá muintir. Ar ndóigh, bíonn an tÚdarás ag cabhrú ar bhonn teoranta — agus bhí Gaeltarra Éireann roimhe — leis an tionscal tuarasóireachta sa Ghaeltacht.

Beidh oifigigh de chuid mo Roinne i gcomhairle le bainistíocht an Údaráis go luath d'fhonn teacht ar shocrú in-ghlachta i dtaobh na ceiste.

Barr
Roinn