Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 7 Feb 1995

Vol. 448 No. 6

Written Answers. - Díolúine ó Staidéar na. Gaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

129 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais, maidir le hImlitir M10/94 agus na rialacha nua a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge, céard iad na treoirlínte atá curtha ar fáil do shíceolaithe maidir leis na rialacha nua; agus cén oiliúint/cáilíochtaí atá ar fáil do shíceolaithe i láthair na huaire chun a chur ar a gcumas breithiúnas a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le foghlaim agus múineadh na teanga, teangeolaícht, páistí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus páistí aeltachta. [2464/95]

Trevor Sargent

Ceist:

130 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais, maidir leis na rialacha nua a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge (Imlitir M10/94), cé mhéad buachaill agus cailín a fuair díolúine. [2465/95]

Trevor Sargent

Ceist:

131 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais, maidir le hImlitir M10/94 agus na rialacha nua a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge, cé mhéid de na daltaí a fuair díolúine go dtí seo atá ag staidéar teanga eile, mar shampla Fraincis nó Gearmáinis; agus an bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na cásanna seo. [2466/95]

Tá fúm Ceisteanna 129, 130 agus 131 a thógaint le chéile.

Cuireann Imlitir M10/94 in iúl na tosca inar féidir cead a thabhairt do dhaltaí áirithe ábhar ar bith eile, ó liosta na n-ábhar ceadaithe, a chur in ionad na Gaeilge i scoileanna iarbhunoideachais. I measc na ndaltaí sin, áirítear iad siúd a bhfuil máchail áirithe orthu atá ar chéim chomh trom sin go dteipeann orthu léibhéil a mbeadh súil leo a bhaint amach i mbunscileanna teanga sa mháthairtheanga. Tá sé riachtanach go mbeadh tuairisc shiceolaí ar fáil don scoil mar fhianaise maidir leis an mháchail i ngach cás ionas go mbeidh an scoil ábalta cinneadh a dhéanamh ar dhíolúine ón nGaeilge a dheonadh. I gcásanna ina bhfuil tromlagú céadfaíoch i gceist, ní mór tuairisc ó speisialtóir oir-iúnach leighis a chur ar fáil freisin. Chuir Imlitir M10/94 in iúl go n-ullmhó-idh an Roinn treoirlínte do shiceolaithe maidir le hullmhú tuairiscí siceolaíochta. Níl na treoirlínte seo réidh go fóill ach táthar ag súil go mbeidh siad ar fáil gan mhoill do shiceolaithe gur mian leo iad a fháil.
Is féidir le scoileanna glacadh le tuair-iscí ó dhaoine atá oilte agus cáilithe mar shiceolaithe mar fhianaise ar mháchail amhail Sainmháchail Foghlama nó Máchail Ghinearálta Foghlama de thromlagú intleachtúil, agus is í seo an aidhm bhunaidh atá ag na tuairiscí seo. Tá oiliúint do cháilíochtaí mar shiceolaithe ar fáil ar Chúrsaí i Siceolaíocht sna hOllscoileanna. Scartha ón cheist seo faoi chinneadh go bhfuil máchail ar dhuine, tá ceisteanna eile faoi mhúineadh theanga do pháistí a fhaigheann a gcuid oideachas trí mheán na Gaeilge nó do pháisti ón nGaeltacht, nó do pháistí i gcoitinne, agus is ceisteanna ginearálta oideachais iad seo d'oideachasóirí sa chomhthéacs sin.
Ó tháinig an córas nua i bhfeidhm, a fógraíodh in Imlitir M10/94, tá díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte ag 1,316 dalta ar fad go dtí seo, 588 buachaill agus 728 cailín.
Níl eolas ar fáil go réidh faoin líon daltaí a fuair díolúine atá ag staidéar teanga eile. Nímiste a rá, áfach, go bhfuil de dhifríocht idir an Ghaeilge agus teanga nua-aimseartha, mar ábhair scoile, go bhfuil an Ghaeilge éigeantach mar ábhar don chúrsa Ardteistiméire-achta, an t-aon ábhar atá éigeantach sa chúrsa sin. Is ábhair roghnacha iad na teangacha eile. Dá bharr seo, ní thagann díolúine i gceist sna cásanna seo.
Barr
Roinn