Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 7 Feb 1995

Vol. 448 No. 6

Written Answers. - Inis Meáin, Gaillimh.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

95 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon iarratas faighte aige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le creimniú talúna in Inis Meáin, Contae na Gaillimhe; agus an bhfuil i gceist ag an Roinn airgead a chur afáil leis an gcreimniú talúna a stopadh. [2644/95]

Níl aon iarratas faighte ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le creimeadh talún in Inis Meáin ach, ar aon bhealach, níl aon fhreagracht ar mo Roinnse maidir leis an ábhar sin.

Barr
Roinn