Limerick East): Sa chéad áit tá sé mar chúram ar Bhord Sláinte an Iarthair seirbhísí ospidéil agus aonaid banaltrais a sholáthar i gContae na Gaillimhe.
Deir Bord Sláinte an Iarthair gurb é a pholasaí othair a chur in ospidéil nó tithe banaltrais chomh cóngarach agus is féidir dá gcomharsannacht féin. Seo an polasaí atá i bhfeidhm maidir le muintir na Gaeltachta freisin.
Mar sin féin is iad riachtanaisí meidiciúla an othair an rud is tábhachtaí nuair atá cinneadh á dhéanamh ar shuíomh sásúil dó. Ó am go ham ní féidir riachtanaisí mediciúla an othair a fhreastail ach amháin in ospidéal nó i dteach banaltrais atá achar mór óna áit dhúchais.
Maidir leis an duine atá luaite ag an dTeachta tá Bord Sláinte an Iarthair tar éis cur in iúl dom go bhfuil a riachtanaisí á fhreastail níos sásúla faoi láthair i dTeach Banaltrais Naomh Breandáin ná in aon áit níos gaire dá bhaile. Ag an am chéanna tá mé tar éis iarraidh ar mo Roinn iniúchadh a dhéanamh i dteannta leis an mbord sláinte ar céard is féidir a dhéanamh le deimhin a dheánamh de go gcuirfear seirbhísí fad théarmach do sheandaoine ar fáil sa Ghaeltacht do dhaoine ón Ghaeltacht a bhfuil gá acu le seirbhísí den chineál seo. Beidh mé i dteangbháil leis an dTeachta as seo amach faoin phointe seo.