Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Comharchumainn Ghaeltachta.

Micheál Martin

Ceist:

23 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheidh sé ag déanamh cinnidh faoin athbhreithniú ar na deontais reáchtála do na Comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh ina thaobh. [2080/95]

James Leonard

Ceist:

28 D'fhiafraigh Mr. Leonard den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheidh sé ag déanamh cinnidh faoin athbhreithniú ar na deontais reáchtála do na Comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh ina thaobh. [4713/95]

Donal Moynihan

Ceist:

37 D'fhiafraigh Mr. Moynihan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheidh sé ag déanamh cinnidh faoin athbhreithniú ar na deontais reáchtála do na Comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh ina thaobh. [4714/95]

Liam Lawlor

Ceist:

49 D'fhiafraigh Mr. Lawlor den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a bheidh sé ag déanamh cinnidh faoin athbhreithniú ar na deontais reáchtála do na Comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil sé sásta ráiteas a dhéanamh in a thaobh. [4712/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 23, 28, 37 and 49 le chéile.

Mar thoradh ar athbhreithniú a rinne mor Roinnse ar na comharchumainn Ghaeltachta anuraidh, tá cás ann chun méadú a dhéanamh ar an deontas reachtála a íocann mo Roinn leo. Tá mé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais maidir le méadu a dhéanamh ar an deontas ach níl toradh críochnúil ar na comhráití sin fós.

Barr
Roinn