Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Oileáin Mara

Robert Molloy

Ceist:

65 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta na hoileáin mhara ar fad atá cláraithe le Comhdháil Oileáin na hÉireann a chur faoi chúram na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2155/95]

Tá oileáin Ghaeltachta, oileáin lasmuigh den Ghaeltacht agus oileán lasmuigh den Stát cláraithe le Comhdháil Oileáin na hÉireann.

Faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1979, agus faoi na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1993, tá cúraimí áirithe ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta i dtaca leis na hoileáin Ghaeltachta mar chuid de na cúraimí atá orthu maidir leis an nGaeltacht i gcoitinne. Ar ndóigh, níl freagrachtaí ar an Roinn ná ar an Údarás maidir leis na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht.
Ní miste a rá go bhfuil freagracht speisialta tugtha domsa, mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, maidir le toscaí maireachtála i gcoitinne ar oileáin amach ón gcósta a fhorbairt agus a fheabhsú. I dtaca leis sin de, dírím aird an Teachta ar an bpreasráiteas faoin teidealA Minister for Western Development and Rural Renewal a d'eisigh Roinn an Taoisigh ar 12 Eanáir seo caite.
Barr
Roinn