10,000 cóip a foilsíodh d'eagrán an Earraigh de FÍS, nuachtlitir nua mo Roinne-se, a bheidh á cur ar fáil ar bhonn ráithiúil as seo amach.
Níl na billí go léir a bhain leis an bhfoilsiú glanta go fóill ach measter gur costas clódóireachta thart ar £3,600 a bheidh i gceist san iomlán. Chomh maith leis sin, meastar gur costas thart ar £4,900 a bheidh ar an obair a bhain le dearadh na nuachtlitreach, cé nach miste a rá gur obair nach mbeidh le déanamh arís a bhí i gceist i gcás a cuid mhór de sin.
Is í aidhm na nuachtlitreach ná eolas a chur ar fáil faoi chúraimí agus ghníomhaíochtaí mo Roinne-se, ní amháin do na dreamanna éagsúla a bhíonna ag plé linn ar bhonn oifigiúil ach don phobal i gcoiteann. Tá mise lán-sásta go bhfuil an aidhm sin ag teacht go hiomlán leis an ngealltanas atá sa Chlár le haghaidh Rialtais Athnuachana féachaint chuige go mbeadh teacht i bhfad níos easca ag an bpobal ar eolas faoi ghníomhaíochtaí an Stáit.
Ní miste a lua go bhfuil an chuid is mó de na hailt sa nuachtlitir ag freagairt d'éilimh suntasacha ón bpobal — agus go deimhin ón Teach seo — ar eolas níos cuimsithí faoi na hábhair a bhí i gceist. D'fhéadfainn Teilifís na Gaeilge, tionscal na scannán nó struchtúr agus feidhmeanna mo Roinne a lua mar shamplaí de sin.