Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Teangacha Oifigiúla Eorpacha.

Desmond J. O'Malley

Ceist:

11 D'fhiafraigh Mr. O'Malley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an fíor gurb iad teangacha oifigiúla oibre amháin atá incháilithe i gcomhair cláir/scéimeanna áirithe i réimse an oideachais, an chultúir, na cumarsáide agus na teicneolaíochta nua-aimseartha san Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15770/95]

Comh fada agus a thuigim an cheist, níl sé fíor a rá nach dtagann tograí den chineál a luaitear faoi chláir/scéimeannan áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh. Mar shampla, i réimse an chultúir, tá tograí i nGaeilge taréis cúnamh a fháil ó chlár MEDIA agus, i réimse an oideachais, ó chlár LINGUA. Chomh maith leis sin, tá cúnamh nach beag faighte ag tograí sa Ghaeltacht faoi chláir LEADER, NOW, HORIZON, RACE, EURO-FORM, PESCA, ADAPT, KALEIDOSCOPE agus MEDIA.

Barr
Roinn