Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Oidhreacht Chultúrtha ar Inis Mór.

Mary Harney

Ceist:

14 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann sé leis go bhfuil an oidhreacht chultúrtha ar Inis Mór, Contae na Gaillimhe, faoi bhagairt chinniúnach ó shlua turasóirí; agus an gcuirfidh sé in iúl cad iad na céimeanna atá á dtógáil aige ina cháil mar Aire Cultúir chun a chinntiú go mbeidh turasóireacht chultúrtha sheasmhach atá feiliúnach do oileán á forbairt. [15773/95]

Tuigim go maith go mbíonn coimhlint idir chaomhnú na hoidreachta agus an brú a thagann ón turasóireacht, go háirithe in áit cosúil le hInis Mór, atá ina oileán agus a bhfuil stór oidhreachta chomh luachmhar sin i dtaisce ann. Aontaím nach miste bheith san airdeall i gcónaí d'fhonn a chinntiú, a mhéad is féidir, go mbaintear na buntáistí eacnamaíochta agus tráchtála is mó as tionscal na turasóireachta gan, ag an am céanna, damáiste as cuimse a dhéanamh don oidhreacht chultúrtha, agus an oidhreacht teanga ach go háirithe.

Aithníonn Údarás na Gaeltachta an fhadhb maidir le sluathurasóireacht ar an oileán agus, sa mhéid is go mbíonn baint acu le tionscal na turasóireachta ann, seachnaíonn siad cúnamh a thabhairt do thionscnaimh a mheasfaí a chuirfeadh leis an bhfadhb. Tá an tÚdarás i gcomhar le pobal an oileáin agus le Fáilte an Iarthair páirteach in Ionad Árann — ionad oidhreachta a bhunaíodh ansin cúpla bliain ó shin chun suim san oidhreacht a spreagadh agus mar thacaíocht do thurasóireacht chultúrtha.

Leanfaidh mo Roinnse féin feadh a cumais tríd na scéimeanna Gaeltachta a bhíonn á reachtáil aici agus tríd an bhfoireann atá aici ar an bhfód, ag saothrú i bpáirt le muintir an oileáin, ar mhaithe le húsáid na Gaeilge ar an oileán a bhuanú agus a leathadh.

Is eol don Teachta, ar ndóigh, go mbíonn spéis ar leith ag líon mór de na cuairteoirí go hInis Mór i nDún Aonghasa. Tá an líon sin méadaithe le blianta beaga anuas go leibhéal thart ar 100,000 duine in aghaidh na bliana. Ag féachaint don bhrú méadaithe ar an láthair tábhachtach seo, tá socruithe idir lámha chun gníomhaíochtaí na gcuairteoirí a mheas agus a choimeád faoi smacht. Tá cosán sonrach leagtha síos anois ó bhun an chnoic go dtí béal an séadchomhartha. Chomh maith leis sin, tá obair dheartha idir lámha d'fhoirgneamh beag thart ar 140 méadar cearnach a thógáil a bheadh mar áis do chuairteoirí agus foireann araon. Táim dóchasach go mbeidh laghdú suntasach ar an mbagairt ar Dhún Aonghasa ón turasóireacht de bharr na gcéimeanna sin atá curtha chun cinn agam.
Barr
Roinn