Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Obair Dheisiúcháin ar Ché Bhearna (Gaillimh).

Peadar Clohessy

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuair sé iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh cabhair airgid chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar chéibh Bhearna, Contae na Gaillimhe, atá briste de bharr stoirmeacha an gheimhridh seo caite; an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil sé i gceist aige cabhair airgid a chur ar fáil don obair seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15775/95]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

73 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a cheadú le caoi a chur ar Chéibh Bhearna, i gContae na Gaillimhe, a bhfuil droch-chaoi air; an bhfuil tacaíocht airgid don togra seo iarrtha ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15839/95]

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 18 agus Ceist Scríofa Uimh. 73 le chéile.

Fuarthas iarratas le fíordhéanaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar dheontas mar chabhair chun oibreacha riachtanacha deisiúcháin a dhéanamh ag Cé Bhearna ar chostas measta de £58,000 agus tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil deontas de £50,750 ceadaithe agam don chomhairle chontae chun na críche sin. Seasfaidh an chomhairle chontae fuílleach an chostais agus beidh an obair le déanamh roimh dheireadh na bliana seo.

Barr
Roinn