Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Caiteachas i leith na Gaeilge.

Robert Molloy

Ceist:

23 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an aontaíonn sé leis an moladh ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge suirbhé cuimsitheach neamhspleách a dhéanamh ar éifeacht-chostas an chaiteachais iomláin Stáit ar chur chun cinn an pholasaí náisiúnta i leith na Gaeilge le dualgas moltaí cinnte a dhéanamh faoin mbealach ab fhearr le h-airgead Stáit a chaitheamh chun an aidhm sin a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15767/95]

Níl moladh foirmiúil faoi mo bhráid ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge maidir le hábhar na ceiste ón Teachta.

Is gnó do na hearnálacha ar leith den Státchóras éifeacht a gcaiteachais i gcoitinne, ar a n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar is iomchuí in aon chásanna, a scrúdú agus déantar é sin go leanúnach i gcás mo Roinnne agus na n-eagras Stáit faoina scáth.

Maidir leis an suirbhé cuimsitheach neamhspleách a luaitear sa cheist ba thionscnamh mór é sin a bheadh costas nach beag ag baint leis agus níor mhór dianmhacnamh a dhéanamh roimh ré faoi scóip an tsuirbhé. Coimeádfar an moladh faoi bhreithniú.

Barr
Roinn