Ar an gcéad dul síos is mian liom tréaslú le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus leis na heagrais agus leis na daoine a bhí i bpáirt leo i ndáil leis an obair a bhain leis an doiciméad uathu dar teideal Pleanáil don Ghaeilge 1995-2000 a foilsíodh mar spreagadh le díospóireacht agus le plé poiblí maidir le fís agus dán na Gaeilge sna blianta atá romhainn amach.
Treisíonn doiciméad na Comhdhála gurb é an dúshlán atá romhainn ná buanú agus neartú na Gaeilge sa chóras Stáit ina iomlán agus gur gá go mbeadh gníomhaíocht phraiticiúil, bheacht agus infheidhmithe ann i gcás na n-eagras deonach Gaeilge agus an phobail maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Maidir liomsa, le mo Roinnse agus leis na heagrais faoina scáth, beidh cúnamh agus comhairle feadh ár gcumais le fáil uainn san obair.