Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Airgead d'Údarás na Gaeltachta.

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

46 D'fhiafraigh Mr. Gallagher (Donegal South-West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén soláthar airgid a cuireadh ar fáil sa bhliain reatha d'údarás na Gaeltachta mar Dheontais do Thionscail, mar Chaiteachas Caipitil ar Fhoirgnimh; an bhfuil sé ar chumas an Údaráis san am i láthair na hiarratais atá os a gcomhair a láimhseáil agus a dheonú; agus, muna bhfuil, an gcuirfidh sé soláthar breise ar fáil roimh dheireadh na bliana. [15760/95]

Tá soláthar mar seo a leanas d'Údarás na Gaeltachta i Vóta mo Roinne-se i mbliana le haghaidh deontas a íoc le tionscail sa Ghaeltacht (fomhírcheann I.2) agus chun clár tógála a airgeadú agus scaireanna agus maoin a cheannach (fomhírcheann I.3):

Fomhírcheann I.2

Fomhírcheann I.3

£m

£m

10.75

6.25

Cuirfear Meastachán Forlíontach faoi bhráid na Dála roimh dheireadh na bliana maidir le soláthar breise caipitil a chur ar fáil don Údarás i mbliana as fhomhírcheann I.3 chun an caiteachas a thit ar an eagraíocht i dtaca le monarcha nua a thógáil ar an gClochán Liath do thogra áirithe a airgeadú.
Anuas air sin tá breithniú á dhéanamh ar iarratas ón Údarás ar sholáthar breise caipitil i mbliana chun deontais a íoc.
Barr
Roinn