Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Written Answers. - Gaelscoileanna agus Naíonraí.

Robert Molloy

Ceist:

55 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an nglacann an Rialtas le rún a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbeadh an t-aitheantas agus an tacaíocht Stáit a thugtar do theaghlaigh lán Ghaeilge agus do naíonraí lán Ghaeilge sa Ghaeltacht ar fáil freisin dá macasamhail de theaghlaigh agus de naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas sa chás. [13679/95]

Is é cuspóir an chúnaimh ón Stát do theaghlaigh lán Ghaeilge sa Ghaeltacht ná úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga pobail sna ceantair sin a chaomhnú agus a láidriú.

Níl sé i gceist an cúnamh sin a chur ar fáil do theaghlaigh lán Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Maidir le naíonraí tugann Bord na Gaeilge cúnamh bliantúil don Chomhchoiste Réamhscolaíochta chun a chur ar a chumas seirbhís thacaíochta, chomhairle agus oiliúna mar aon le paca ábhar a chur ar fáil do naíonraí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Íocann Údarás na Gaeltachta suim (£3.50 in aghaidh an dalta) in aghaidh na seachtaine, faoi theorainneacha áirithe, i leith daltaí a fhreastalaíonn ar naoínraí sa Ghaeltacht.

Níl ar intinn cunamh mar an gcéanna a íoc i leith daltaí a fhreastalaíonn ar naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Barr
Roinn