Maidir le sleamhnán a thógáil in aice na cé ag Inis Oírr chomhairligh Roinn na Mara níos luaithe i mbliana gur ghá triail a dhéanamh d'fhonn an féidearthacht agus an costas a bhainfeadh le carraigeacha a thógáil as an láithreán a ríomh agus d'fhonn meastachán costais a réiteach.
Tugadh cead do Roinn na Mara tabhairt faoin triail sin agus ceadaíodh cúnamh ina leith.
Breithneofar ceist an tsleamhnáin tuilleadh nuair a gheofar tuarascáil innealtóireachta ó Roinn na Mara maidir le torthaí na trialach (atá críochnaithe) agus meastachán costais don obair.